Friday, April 16, 2010

Níl Aon Rud le Feiscint Anseo

Seo alt suimiúil faoin easpa dáiríreachta maidir le Climategate. Tá gach rud ceart go leor (ach go bhfuilimid ag scrios an phlainéid, mar is eol do chách...). Tá gach eolaí iontaofa, gan amhras. Ach amháin na heolaithe nach nglacann leis na dea-thuairimí, dar ndóigh. Téigí abhaile. Níl aon rud le feiscint anseo....

4 comments:

Dubhaltach said...

Tuigeann tú cé hé Iain Murray?
Oibríonn sé do "CEI". Nó ba chóir a rá is stiúrthóir é don ghrúpa!
Faigheann CEI maoiniú ó Exxonmobil!

http://sourcewatch.org/index.php?title=Competitive_Enterprise_Institute/Competitive_Enterprise_Institute_And_Global_Warming

Agus gan amhras ar bith ní bheadh sé sásta le cinntí nach dtagann lena chlár oibre smál a chur ar eolaithe athrú aeráide....
Cén fáth an chinsireacht ar do bhlag? Scrios tú teachtaireacht de mo chuid ar an bhlagmhír thíos i ndiaidh duit é a cheadú!

An ceann faoi Iosrael etc..

Séamas Poncán said...

Níor scrios - bhí fadhb ann leis an gcóras. Tá sé ann - ach ní raibh an uimhir tráchta ceart.

Maidir le maoiniú, an dóigh leat go bhfuil eagraíocht a fhaigheann maoiniú ón rialtas níos iontaofa?!

Dubhaltach said...

Ní bhíonn clár oibre ag rialtas ar bith le maíomh nach bhfuil tionchar ag CO2 ar athrú aeráide.

Séamas Poncán said...

Tá tionchar ag mo thóin ar athrú aeráide, freisin.
Maidir le rialtais...