Tuesday, April 13, 2010

Is Sceipteach Mé

an Reachtaireach lán-chinnte go bhfuil téamh domhanda aintrapaigineach ann. Níl sé sásta le hargóintí Watts ná aon sceipteach eile. Ach má tá aon athrú i mo thuairim féin, sin go bhfuilim níos amhrasaí fós maidir leis an ardú teochta. Tá cúrsaí an domhain ró-chasta agus tá an data ró-lag chun aon tuicint chruinn a bhaint amach go fóill.

Is iomaí graf atá ar bhlag mo dhuine. Is maith liomsa na cinn seo.



Maoítear i gcónaí go bhfuil móramh na n-eolaithe ar aon intinn ar an ábhar seo. Nílim cinnte faoi sin, fiú. Pé scéal, ní shocraítear ceisteanna eolaíochta ar an dóigh sin. Cruthúnas atá de dhíth. Agus níl aon chruthúnas ann.

Deirtear go bhfuil géarchéim ann. Ní dóigh liom, cé go ndeireann duine amháin in UCLA go bhfuil níos mó CO2 san aer inniú ná a bhí ann le 15 miliúin bliain. (Molaim na tráchtanna a léamh ar an nasc sin, freisin). Fiú más fíor sin (agus níl sin cinnte fós), "ní hionann comhghaolú agus cúisíocht." Agus mar is léir ó na graif nasctha thuas, is beag an baol go bhfuil géarchéim ann. Ar an taobh eile de, bheadh géarchéim eacnamaíochta ann dá ndéanfaí na rudaí a b'áil le lucht dhoiscéal an téimh dhomhanda. Déanfar i bhfad níos mó dochar don chine daonna dá ndéanfaí ní ba lú CO2, agus tá sé fíor-amhrasach go mbeadh aon athrú ar bith ar aeráid an phlainéid. Mar a deir an duine anseo, "ready...fire...aim!" (Tá trí nasc fíormhaithe ar bhun an leathanaigh sin a mholaim go hard - an "global warming test" san áireamh!)

Tá naisc ar an suíomh seo go suímh shuimiúla a bhaineann leis an téamh domhanda. Molaim daoibh iad mar fhoinsí eolais agus tuairimí nach bhfeictear sna meáin de ghnáth (fiú ar Fox News!).

4 comments:

Dubhaltach said...

Is rud maith a bheith sceipteachas, is beag rud a chreidim féin gan mo thaighde féin a dhéanamh ar an ábhar chomh fada agus is féidir.

Sílim gur thug mé freagra faoi Watts agus a leithéid thall, níl aon ghá a bheith ag dul i gciorcal leo.

http://www.youtube.com/watch?v=P_0-gX7aUKk&feature=player_embedded

"Déanfar i bhfad níos mó dochar don chine daonna dá ndéanfaí ní ba lú CO2"

Dheara a Shéamais, n'fheadar cad is féidir liom a rá leat.
Ní chreideann tú in iarmhairt cheaptha teasa, ní chreideann tú sna sonraí toisc nach dtagann siad le do thuairim. Ní chreideann tú go bhfuil ardú teochta ann in ainneoin sonraí ó gach cúinne an domhain.
Ní chreideann tú go bhfuil aontú ann nuair atá aontú iomlán ann faoi athrú aeráide.
Ní chuirfidh mé níos mó ama amú ag plé na ceiste leat.

Dubhaltach said...

Dála an scéil ní chreidim i Watts toisc nach bhfuil aon bhunús le haon ní a deir sé:
http://www.skepticalscience.com/On-the-reliability-of-the-US-Surface-Temperature-Record.html

Agus go n-oibríonn sé do ghrúpaí a fhaigheann maoiniú ó tionscadal ola agus guail!!!

Séamas Poncán said...

Is léir nach gcreideann tusa gach a ndúirt mé faoi gach a gcreidim...

Séamas Poncán said...

DAS, tá na tráchtanna an-suimiúil ar an nasc sin go skepticalscience. Féach go bhfuil dearcadh na bhFíréan ag an duine seo a scríobh "It's not actually a debate, instead repeated attempts at explanation."