Friday, April 10, 2009

Níor Thosaíomarne É

Mar is iondúil, nuair a bhíonn fadhb ar bith ann, cuirtear an milleán ar na Stáit Aontaithe. Sa chás is déanaí, táthar ag tagairt don mheath eacnamaíoch domhanda. Sílim go nglacann BHO féin leis an teoiric seo. Ceaptar go coitianta gur thosaigh an fhadhb le morgáistí agus baincéirí lena gcuid díorthach. Fadhbanna a bhí ann, cinnte, ach níorbh iad ba chionsiocair leis an bhfadhb ollmhór atá ann - a thosaigh i dtíortha eile sular thosaigh i Meiriceá, agus a bhí is atá níos measa iontusan ná atá sna Stáit.

Cad a tharla, mar sin? Seo míniú an-mhaith ar an scéal (as Béarla). Praghas na hola, i gcúpla focal. Cén fáth go raibh sin chomh hard? Tá teoiricí éagsúla ann. Pé rud a smaointear, is léir nár éirigh go maith leis na bainc is na comhlachtaí airgeadais. Dá mbeadh margadh saor ann, seachas OPEC is a leithéid, ní bheadh cúrsaí chomh holc, dar liomsa.

Ach is féidir an milleán a chur ar na Giúdaigh, más mian leat.

2 comments:

Seán Mór said...

Tá an t-alt sin le Alan Reynolds 'It Didn't Start Here' suimiúil go leor, a Shéamais. Caithfidh mise a admháil nach bhfuil mórán cur amach agamsa ar chúrsaí eacnamaíochta. Is cuimhin liom Éamon Ó Cuív ar Ráidió na Gaeltachta ag cur an locht ar 'sub-prime mortgage lending' sna Stáit Aontaithe, agus is í an cheist a chuir mé orm féin ná 'cad é sin' agus 'cén tionchar a d'imreodh sin ar gheilleagar na hÉireann?' An bhfuil aon suíomh idirlín a thugann míniú ar chúrsaí eacnaaíochta don ghnáthdhuine?

Séamas Poncán said...

Ceist mhaith sin. Níl a fhios agam. Is túisce tuairim ná eacnamaí, is dócha, agus bíonn an iomarca de shuímh ann ar an idirlíon. Cé acu atá iontaofa? Nílim cinnte.
Is iomaí rud a tharla agus tionchar ar a chéile, agus is casta an scéal é, cinnte. Stoirm Fhoirfe a bhí ann, is dócha.