Thursday, April 02, 2009

Céad Míle Fáilte?

Ní bhíonn gach blagadóir fáilteach romhamsa, is cosúil. Féach ar na blaganna Gaeilge agus na naisc atá luaite acu. Cé a bhíonn in easnamh? Blag lán-Ghaeilge é seo, agus podchraoladh agus físchraoladh Chumann Carad na Gaeilge, lán-Ghaeilge. Is cosúil gur Rodney Dangerfield na Gaeilge mé, muise.

iGaeilge? Gan aon cheann de mo bhlaganna.
An Druma Mór? Mar an gcéanna.
An Cainteoir Dóchais? Nílimse dóchasach go leor, is dócha.
Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge - Mise i mo bhall ansin, agus gan aon nasc!
Garraí Johnny Mhorgan? Sarraí!
Chetwynde Downs? Nílim ardnósach go leor, is dócha...
Seo Panu ag labhairt? Níl sé ag labhairt fúmsa - ach níl naisc go blaganna eile aige.
Hilary NY? Níor inis éinne di gan nasc a chur ann, is dócha! GRMA a Hilary.
Smaointe Fánacha Aonghusa? Muise, ceann eile! GMRA a Aonghus!
An tImeall? An chéad nasc! Is eipidéim é!
An Cnagaire? GRMA arís - cé go sríobhaimse níos minice...

Chun a bheith cothrom, ní raibh nasc agamsa go gach ceann díobh seo ach oiread. Is iomaí blag a d'imigh uainn feadh na mblianta. Cé eile atá ann a bhíonn ag scríobh as Gaeilge na laethanta seo? Sin a bhfuil? Nach uaigneach saol na Gaeilge, muise. An é seo an fáth go bhfuil duais na blagadóireachta ag an Oireachtas? Dosaen éigin blag?

4 comments:

Concubhar said...

Mar eolas - tá nasc don bhlag seo ar iGaeilge anois. Go deimhin nior thug mé faoi ndeara ná raibh nasc agam duit roimhe seo nó bhí tar éis cupla nasc a chur i mo chuid trachtaireachtaí féin don stuif a bhionn ar siúl agat anseo - clú mhilleadh is eile!

Ní aontaim le cuid is mó den rud a deir tú - ach ní shéanfainn nasc ort. Gabh mo phardún as an mhoill.

Séamas Poncán said...

Maithim duit sin go léir, a chara. :-o

Tadhg Mac Dhonnagáin said...

A Shéamais, a chara,

Maith dom mo chuid peacaí! Tá nasc plandáilte sa ngarraí agus radharc breá uaidh amach ar Oileáin Árann.

Sarraí is right!

Tadhg

aonghus said...

Táimse éirithe as nascanna a chóiméad suas chun dáta ar mo bhlag.

Aon bhlag nua a thagaim air, cuirim le mo léitheoir é, agus tá an liosta sin foilsithe: anseo