Monday, April 27, 2009

An Fhírinne agus Comhaontú na nEolaithe

Is iomaí uair go gcreideann mórmhór na n-eolaithe go bhfuil a fhios acu cad a tharla, conas a tharlíonn, agus cén fáth go dtarlaíonn rudaí éagsúla, agus tar éis tamaill eile, foghlaimítear nach fíor an rud a cheapadh ar chor ar bith, nó go bhfuil an scéal níos casta ná mar a cheapadh. Curtear i gcás nuacht a tháinig chun solais le déanaí faoi bhás na ndíneasár.

Go mion minic, bíonn easaontóirí ann i measc na n-eolaithe, agus teoiricí eile acu. Ní raibh gach eolaí ar aon fhocal maidir leis na díneasáir riamh, déarfainn, cé nach gceaptar sin go minic. Is iomaí rud "cinnte" nach bhfuil cinnte ar chor ar bith, cé go mbeadh an saol ní ba éasca a thuiscint dá mb'amhlaidh. Agus go mbíonn sé i bhfad níos éasca cuspóirí polaitiúla a bhaint amach má chreidtear nach bhfuil ach fíricí i gceist, seachas teoiricí.

Cuirtear i gcás an téamh domhanda. Le fírinne, níl aon chomhaontú ann ar chor ar bith, cé nach mbeadh a fhios sin ag éinne atá ar scoil nó ag léamh nuachtán agus ag éisteacht leis na meáin. Is fíricí dar leis na "húdaráis" go bhfuil sé ag tarlú, agus go bhfuil an cine daonna ciontach as (go háirithe na tíortha saibhre). Ach ní féidir le héinne aon chruthúnas a thabhairt faoi cheachtar "fíric" sin. Ach nach bhfuil Al Gore go hiontach ar fad? Is trua gur chaill sé an toghchán sin...mar dhea.

Tá an Téamh Domhanda mar cheideamh na laethanta seo. Níl baint ag an eolaíocht leis an gcreideamh sin níos mó. Seans chun airgead a fháil ó rialtais shaibhre, agus cosc a chur ar dhul chun cinn an iarthair, ar an gcaipitlicheas, agus ar an saoirse, sin iad na fíorchuspóirí, dar liom. Agus nach bhfuilimid go léir go breá, ag sábháil an phláinéid? Bualadh bas dúinn! Ach bheimis i bhfad ní b'fhearr dá gcuirfimis lámh inár mbás féin...

Stad sin! Tá tú ag déanamh CO2!

1 comment:

aonghus said...

Hmm.

Is le teoiricí is mó a phléann eolaíocht, agus ní dóigh liom go bhfuil eolaí ar bith ann nach eol do teorainn a bheith lena eolas. An deacracht ná go dtéann teoricí i bhfeidhm ar an bpobal leathan, agus go nglactar leo mar fhiricí. Is deacair sin a sheachaint, mar is mar sin a scaipeadh eolas riamh.



Maidir leis an téamh domhanda, agus an úsáid atá a bhaint againn as acmhainní atá gann, is eagla liom go bhfuil fiainaise láidir ann. Ach go mb'fearrde dúinn san oirthear sa mhéan téarma é ár nósanna a athrú. Rinne muid cheana é - bhí na habhainn agus na coillte beagnach scriosta san Eoraip de bharr na modhanna mí éifeachta (ach saoire) tionsclaíochta. Tháining feabhas ar roinnt modhanna. Dar ndóigh, cuireadh cinn eile thar farraige amach go dtí an tSín agus an Ind, agus tá uiscí lofa acu siúd anois.

Ach tá úsáid fuinneamh san Iarthar mí fhreagrach - agus mí éifeachtach, agus ina chúis baoil dúinn. Go hairithe anseo in Éirinn, áit a bhfuil muid beagnach go hiomlán spléach as allmhairiú fuinneamh.