Tuesday, November 20, 2007

Comhar

Mar a tharla, tá mo litir in Comhar na míosa seo, ag cuir in iúl cé chomh mí-shásta agus a bhí mé faoin alt maslach sin le Seán Ó hÉalaí. B'fhearr liom leithscéal, ach is dócha go bhfuilim sásta leis sin. Deir an t-eagarthóir ina dhiadh nach ndéantar aon chinsireacht ar thuairimí in comhar. Ach deirim fós, dá mbeadh alt faoin homaighnéasach, nó faoin lucht siúil, nó grúpa eile ar bith, ní bheadh siad sásta an bhiogóideacht chéanna a chur i gcló.

Is iomaí rud fiúntach a bhíonns in Comhar, agus is mór an trua nach mbíonn an t-eagarthóir níos cúramaí maidir le hábhar mar seo.

2 comments:

Anonymous said...

Cad é an t-alt atá i gceist agat? 'bhfuil cóip agat nó nasc chuige?

Séamas Poncán said...

Mhínigh mé san alt roimhe seo cad a bhí ann, agus mo thuairim faoi. Faraor, níl ach an fíor-bheagán ar Comhar.ie.