Friday, October 26, 2007

An Daonlathas i Meiriceá, agus Ráflaí faoina Bhás

Tá alt suntasach in Lá Nua inniú le Helen Nig Fhinn, bean Éireannach (go bhfios dom) atá ina cónaí i Nua-Eabhrac. Tá sí ag moladh féile scannán idirnáisiúnta ar ábhar an daonlathais. Ach san alt, luann sí cúpla rud eile.

Is minic a chloisim faoin bhfrith-Mheiriceánachas thar sáile, agus tá níos mó ná Meiriceánach amháin ann a chuireann i gcéil gur as Ceanada é/í, mar tá siad dubh dóite de na hionsaithe. Agus, de réir dealraimh, tá náire orthu faoina dtír féin. Is trua liom iad. Is féidir go mbeidís ní ba chompóirdí i gCeanada. Ach na daoine a gheall go mbeadh siad ag cur futhu i gCeanada má bhíonn bua ag George Bush, níor imigh. Caint amháin, seachas beart. Ach níl aon amhras ach go mbíonn sé deacair bheith i do Mheiriceánach thar sáile na laethanta seo go háirithe, agus is dócha go bhfuil sé rí-dheacair don té nach bhfuil bródúil as an tír seo. Mar a dúirt, is trua liom iad.

Luann Helen rud eile atá coitianta go leor na laethanta seo, agus sin an mhíthuiscint a bhíonn ag daoine maidir leis an daonlathas sa tír seo, agus an dóigh a fheidhmíonn sé. Is minic, go háirithe ar an eite chlé, nach mbíonn daoine sásta go bhfuil an daonlathas ann nuair a chaillíonn siad toghcháin. B'fhearr lena leithéid deachtóireacht shóisialach a chuirfeadh na dlithe i bhfeidhm gur mian leo. Mar dhea. Ach faoin daonlathas, bíonn buaiteoirí ann, agus bíonn cailiúnaithe ann. Sin an dóigh a oibríonn vótaí.

Ach an bhfuil daonlathas ar bith ann agus George Bush sa Teach Bán? Níl, ar shlí. Tá poblacht ann, mar a bhí riamh. Saghas daonlathais sin, ceart go leor, ámh.

Sna Stáit Aontaithe, tá dhá theach dála ann, agus uachtarán, agus cúirteanna. Sin na trí roinn. Tá ionadaithe sna tithe dála ó gach stát. Sa Seanad, tá beirt ann ó gach stát. Sa Teach, braitheann sé ar dhaonra an stáit. Agus caitheann gach duine aonar vóta dóibh go léir. Caitheann daoine aonara vótaí don uachtarán, ach bailítear le chéile iad agus i ndeireadh na dála, ní mór vóta lastigh an stát a bhualadh chun an vóta sin a thabhairt don uachtarán (cúpla vóta, de ghnáth). Sin an córas atá againn, agus feidhmníonn sé go han-mhaith, go raibh maith agat.

Má thugann na tithe dála dlí nua don uachtarán, tá ceart aige cosc a chur air. Ach má tá vótaí go leor sna tithe úd, is féidir leo an dlí a chur i bhfeidhm ina aineoinn. Braitheann gach rud ar vótaí na n-ionadaithe, agus braitheann ar vótaí an duine aonar cé hiad. Faraor, i mo stát féin, tá daoine sa Seanad nach n-aontaím leo riamh. Ach sin an córas atá againn. Ní cuirim i gcéil nach bhfuil an daonlathas ann mar gheall ar Hillary agus Schumer. Is raiméis sin.

Bhí deis ag lucht na heite clé vótaí a chaitheamh in aghaidh Bush dhá uair, agus theip orthu an bua a fháil. Dhá uair. Chaith mise mo vóta féin in aghaidh Bill Clinton dhá uair, agus theip orm. Sin mar a bhíonn. Sin an daonlathas atá againn. Níl sé foirfe, ach ní chreidimse go bhfuil córas níos fearr ann.

Aon duine a thugann faoi George Bush mar gheall ar 'easpa daonlathais,' is duine aineolach sin, faraor. Tá an daonlathas ceart go leor sna Stáit, go raibh maith agat.

Dála an scéil, d'fhéach mar ar shuíomh idirlín na féile, agus cé nach bhfuil dealramh olc ar an chuid is mó dá bhfuil ann, tá scannán amháin ann, an gcreidfeá, nach mbaineann leis an daonlathas ar chor ar bith, agus atá in éadan an "cogadh ar an sceimhlitheoireacht" agus ag cáineadh George Bush agus Meiriceá. Botún, is dócha, go bhfuil an ceann sin ann... Mar dhea.

No comments: