Monday, November 26, 2007

al-Dura, Iosrael agus Annapolis

Mar a tharla le mórán de na Cause Celibre in aghaidh Iosrael, ba bhréagach an líomhain seo gur mharaigh na hIosraeligh buachaill óg darb ainm al-Dura. Ní bheidh síocháin ann riamh agus a leithéid sin ar siúl. Is léir nach bhfuil suim ar bith ag mórán daoine san Eoraip, agus dar ndóigh sa mheán-oirthear, i síocháin le hIosrael.

Ach fós, beidh cruinniú mór thíortha an domhain ar bun i Meiriceá, sa chathair Annapolis. Is iomaí tír a bheidh páirteach ann. Dóbair gur thug na hArabaigh cead ar bith dá chéile freastal air. Agus ní léir go bhfuil údarás ar bith ag Údarás na bPalaistíneach. An rud is mó lena bhfuiltear ag súil as ná ráiteas go mbeidh Iosrael agus na Palaistínigh sásta "próiseas síochána" eile a chur ar bun.

Tá gach rud ina phraiseach do na Palaistínigh ón uair gur roghnaigh siad sceimhlitheoirí oscailte mar rialtas. Ach an bhfuil cúrsaí dona go leor fós go mbeidh siad dáiríre faoin síocháin? An mbeidh naimhde Arabacha Iosrael sásta leis sin riamh? Ní fheadar. Dá mbeadh gach duine i ndáiríre, bheadh seans ann. Ach is breá le daoine a gcuid drochchlaonta agus scéalta uafásacha faoi na Giúdaigh, faraor. Tá súil agam go bhfuil seans éigin ann. Ach nílim an-dóchasach fós.

No comments: