Friday, October 12, 2007

Tá Duais Nobel na Síochána ina Staic Mhagaidh Arís

Sea, thapaigh siad deis eile chun Al Gore a mholadh. An frith-Bhush, an dtuigeann sibh. Slánaitheoir an domhain, a shínfeadh conradh Kyoto...agus a rinne scannán faoi fhéin! Is cuma fíor nó bréag aon rud a deir an duine, bíonn gach éinne sásta duaiseanna a bhronnadh ar Mheisias seo chultas an téimh dhomhanda.

Cheap mé nach raibh mórán céile fós acu siúd in Oslo nuair a thug siad ceann do Jimmy Carter. Ach níl aon teorainn leis an amaideacht, is léir.

Maidir le Gore agus an Téamh Domhanda, tagaim le huachtarán na Seice, agus le Rush Limbaugh. Níl aon mheas agam ar an gcoiste Nobel, ná ar an duais, a chaill a tábhacht agus a ciall fadó, faraor.

4 comments:

aonghus said...

Ní minic mé ar aon fhocal leat.

Ach ní fheictear dom cén slí a chuireann seo Síocháin an Domhain chun cinn.

Léigh mé ar bhlag eile go gcabhróidh sé in aghaidh an téamh domhanda - toisc go n-atfaidh cloigeann Gore píosa eile, agus go mbeidh cosaint níos fearr againn ón ngrian dá bharr!

Is dóigh liom gurb é Myles na gCopaleen a scríobh tráth nach raibh san Duais Nobel ach mór is fiú Sualannach (nó sa chás airithe seo, Ioruach).

Is minic feidhm a bhaint as an duais le cúis airithe a chuir chun cinn. Is dóigh liom go bhfuil bunús éigin leis an teoiric go bhfuil athrú aeráide ag tarlú. Ach fiú muna bhfuil, gníomh fónta a bheadh ann ár spleáchas ar fuinneamh ó foinse teoranta a laghdú; i bhfianaise ar fás as cuimse ar an éileamh.

Séamas Poncán said...

How to Win a Nobel Peace Prize

Séamas Poncán said...

Ní raibh aon duine fiúntach eile ann, is dócha.

Kevin Richardson said...

Suimiúil!