Wednesday, October 24, 2007

Ionsaí Náireach ar Mheiriceá in Comhar

Tá síntiús agam den irisleabhar Comhar. Ceanaím é chun taitneamh a bhaint as an nGaeilge, as an siamsa agus dea-scríbhneoireacht a bhíonn ann. Ach caveat empor. Cad tá le léamh sa chéad alt san eagrán is déanaí ach alt a chuir racht feirge orm. Ní raibh mé in ann é a léamh ach ar ball, mar tá sé chomh maslach sin. Siamsa? Taitneamh? Dea-scríbhneoireacht? Beag an baol, mo léan.

Gach uair a cheapaim go bhfuil an frith-Mheiriceánachas ag dul i léig in Éirinn, bíonn dul amú orm. Déanaim iontas uaireanta cén fáth go mbacaim leis an teanga seo. Ach is liomsa í, agus is le daoine eile nach biogóidí iad, seachas leis na biogóidí amháin, buíochas le Dia. Ach bím do mo cheistiú féin gach uair a fheicim rud mar seo.

Scríobh an t-ainbhiosán biogóideach Seán Ó hÉalaí an feillbheart is maslaí dár léigh mé riamh faoi Mheiriceá (agus sin rud), agus chuir an t-eagarthóir Mícheáil Ó hUanacháin i gcló é in eagrán Deireadh Fomhar den irisleabhar. Náire ar an mbeirt acu.

Cuireann sé síos ar olcas Bush agus olcas an chogaidh san Iaráic, dar ndóigh. Níl aon ionadh sin - bheadh ionadh orm muna raibh na bréaga coitianta ann in alt fúinne as Gaeilge. Ach ní leor sin dó. Deir sé go bhfuil Meiriceá ag marú coismhuintir an Afghanastáin mar gheall ar an damáiste a rinneadh dár mórtas ar 9-11. Agus go mbímid sásta Araib ar bith a mhárú mar gheall ar ró-thioncar na nGiúdach inár rialtas (agus dár ndóigh, bhí an locht ar Iosrael maidir le Hiosboladh sa Liobáin...).

Is oth liom a rá gur iomaí duine a aontódh leis sin fós, cé nach bhfuil aon bhunús leis. Is beagáinín níos measa ná na gnáth-rudaí an cacamas seo, b'fhéidir, ach tá an frith-Iosraelachas níos measa ná an frith-Mheiriceánachas in Éirinn.

Cé gur maslach ar fad an méad seo go fóill, éiríonn an t-alt fiú níos measa fós. Mar ní bhíonn aon fhíor-naimhde ag Meiriceá riamh, an dtuigeann tú. Cumtar naimhde as an aer, cumtar scéalta faoi phúcaí an domhain (ó Salem ar aghaidh, deir sé) chun muintir aineolach Mheiriceá a spreagadh chun cogaidh. Agus cumhacht agus maoin a thabhairt do dhaoine áirithe, is dócha.

Is deacair ciall ar bith a bhaint as cacamas dá leithéid seo. Ach dar leis an saoi seo, ní raibh baol ar bith sa chumannachas. Ní raibh ann ach scéalta chun scanradh a chur ar pháistí.

Admhaíonn sé gur rud maith é gur ghlac Meiriceá páirt sa dara cogadh domhanda. Ach ní deir sé cén fáth. Is maith go rabhamar ann, agus is maith nach raibh Éire ann freisin, is dócha. Agus is trua nár maraíodh na Giúdaigh go léir, mar ní bheadh Iosrael ann, mar sin, is dócha. Ní mhíníonn sé an fáth go bhfuil an Eoraip níos fearr mar gheall orainn sa chás amháin seo.

Dar leis an saineolaí seo, is páistí aineolacha sinne go léir, agus is breá linn cogaidh a fhearradh, gan chúis. Muintir bhaolach sinn, a chothaíonn an t-olc i gcónaí, tá's agat.

Casacht agus plá ort, a Sheáin Uí hÉalaí. Ná bí ag súil le cabhair uainn riamh.

Ag tagairt don chabhair mar rud, is ionadh dom gur cuireadh an cacamas maslach seo i gcló san eagrán céanna inar nochtadh nach mbeidh maoiniú ó Fhoras na Gaeilge ar fáil san athbhliain do Chomhar. An ciallmhar é naimhde a dhéanamh de do chairde in am an ghátair? Ní thuigim sin. Ach is Meiriceánach mé...

Mura mbíonn leithscéal i gcló sa chéad eagrán eile, nílim cinnte go beidh mé chun mo shíntiús a athnuachan, má bhíonn Comhar ann. Agus is mór an trua sin. Bíonn scríbhneoirí fiúntacha ann beagnach gach eagrán, Seán Ó Méalóid agus Brian Mac a'Bhard go háirithe. Agus tá clúdach an-deas ar an eagrán náireach seo, muise.

Molaim do gach Meiriceánach agus gach cara dár gcuid litir a scríobh chuig an eagarthóir chun gearán a dhéanamh faoin ionsaí seo orainn. Dá ndéanfaí a leithéid d'alt faoi thír nó mhuintir eile ar bith (seachas Iosrael), bheadh gach éinne ar buile faoi. Ach ní miste le mórán más Meiriceá atá maslaithe, faraor.

5 comments:

RG said...

Bíodh ciall agat a mhac. Nach maith an rud é go mbíonn gach cineál tuairime ar fáil i nGaeilge mar a bhíonn i dteangacha eile? Níl aon ghá leis na maslaí a chaitheann tú le scríbhneoir an ailt. Déan rud dearfach seachas bheith ag caitheamh anuas ar an fhoilseachán srl.

Séamas Poncán said...

Seasaim in aghaidh na héagóra, pé teanga atá ann. Ní ghlacaim le fuathchaint mar go bhfuil sé as Gaeilge. Tá tuairimí ann, agus tá biogóideacht ann, agus ní ionann an dá rud. Bheadh tú sásta le halt faoi cé chomh meisciúil agus piseogach a bhíonn gach Éireannach, is dócha.

Budge said...

Gabh me leithscéal as mo Ghaeilge lag, táim fós ag (ath-)fhoglaim an teanga ach caithfidh mé rud éigin a rá, sé sin go bhfuil an botún céanna á dhéanamh agatsa is atá á dhéanamh ag an t-údar i gComhar. D'fhéach sé sin ar an méad raiméis atá á labhar ag cúpla Meirceánaigh, agus socraigh sé mar thoradh díobh gurb iad daoine uafásacha iad muintir na Meiricea go léir. Ansin d'fhéach tú ar cúpla cláracha pléithe in Éireann, agus socraigh tú go bhfuil an frith-Meirceanas ar fud na h-Éireann! Ní mar sin atá an scéal in aon chor, agus, mar Éireannach mé féin (fiú Éireannach atá ina chonaí i London le blian go leith), nílim sásta gur cheap tú go raibh an deis agat an aimn sin a chur orm.

'Sé an fadhb atá ag baint le Gaelgóirí, go h-iomlán ar an idirlíon, ná go bhfuil an mormhór díobh ar an thaobh clé crua. Sin an fath go gcuirtear and ainm "Gaelgore" orthú anseo in Éireann! Bhainneasa féin triail as Beo, tráth, agus bhíos bréan de tar éis mí nó dhó. 'Siad na blaganna a faightear guth an gnáth-duine as Gaeilge, cósúil leis an t-imeall, nó anseo http://fluffyredrant.wordpress.com

Ó thaobh ábhar an Iosráil, féachfaimid ar na h-uimhreacha. Dar leis an Economist, mharíodh 1000 Iosráilí san Intifada (lit?) gnath-daoine an fórmhór díobe, ach mharaigh an arm Iosráil 3000 Palestinian an am céanna, agus 1000 díobh ina gnáth-daoine. Sa Lebanaon, ar a laghad, bhí 60 faoin gcéan ina gnath-daoine, agus tá daoine fós ag fulainght ó thaobh na mines agus cluster bombs a d'úsáid Iosráil agus í ag rá nach raibh ach troid, caol beag a bhí ann. I 2006, mharíodh 37 Iosráiligh, agus 66% ina gnáth-daoine: ag an am céanna mharaigh an arm Iosráil 650 Palestinians, timpeall 300 ina gnath-daoine, agus tuaraim is 100 ina bpáistí.

Gan dabht, mharíodh na Palestinians ar fhead níos mó Iosráiligh mura bhféidir leo, ach faoi lathair, tá níos mo daoine, níos mó gnath-daoine, agus níos mó páistí, maraithe ag arm an Iosráil ná atá maraithe ag na sceimhleitheóirí. Mar sin, níl aon ionadh orm nach bhfuil morán trua ag daoine in Éireann dóibh. Tá trua agam féin don dá luchtanna, ach is dóigh liom go bhfuil siad dainséarach creideamh go raigh taobh amháin mhaith agus taobh amháin olc. Is dóigh liom féin go bhuil siad chomh olc is a chéile.


[0] http://www.economist.com/world/africa/displaystory.cfm?story_id=E1_PNQNQTT
[1] http://www.economist.com/research/articlesBySubject/displaystory.cfm?subjectid=348984&story_id=9163534
[2]
http://www.economist.com/research/articlesBySubject/displaystory.cfm?subjectid=348984&story_id=8571800
[3] http://www.economist.com/research/articlesBySubject/displaystory.cfm?subjectid=348984&story_id=E1_SSJGQJD
[4] http://www.economist.com/research/articlesBySubject/displaystory.cfm?subjectid=348984&story_id=E1_STQTNJP

Séamas Poncán said...

Go raibh maith agat as an méad a scríobh tú. Ní dóigh go ndúirt mé riamh go bhfuil gach Éireannach frith-Mhericeánach. Dúirt mé go raibh sé an-choitianta, go háirithe ar an idirlíon agus sna hirisí. Mar a deir tusa, níl gach duine mar sin. Agus is fíor duit go bhfuil lucht na mblaganna níos stuama i gcoitinne.
Maidir le hIosrael, sin ábhar eile ar fad, agus má léann tú an méad atá agam faoi nasc ar an suíomh seo, feicfidh tú mo dhearcadh. Ní leor uimhreacha. Mar shampla, ní léir cé atá ciontach as bás na ndaoine go léir sin. Sa Liobáin, bíonn na sceimhlitheoirí ag déanamh sciatháin as na gnáthdhaoine - mar a dhéanann a leithéid go minic. Rud amháin atá soiléir má fheictear gan claonadh air. Is cuspóir don sceimhlitheoir gnáthdhaoine a mharú. Ní cuspóir d'Iosrael sin, cé go dtarlaíonn de thaisme sin.
Má bhíonn deis agam, léifidh mé na hailt sin as The Economist. Léigh mé rudaí ann cúpla uair. Táim cinnte go bhfuil a ndearcadh féin acusan. Ní cuimhin liom mórán faoin iris sin. Táim an-ghnóthach le déanaí, ach nuair a bhíonn seans agam...

Séamas Poncán said...

...mar sciatha (focal mícheart a bhí agam)...