Friday, July 27, 2007

An Saighdiúir Meiriceánach san Iaráic

Tá breis is 155,000 saighdiúir againn san Iaráic. An féidir nach bhfuil siad go léir go deas? B'fhearr liom gan sin a chreidiúint, ach tharla Abú Ghráib. Is féidir in aon tslua chomh mór sin, go bhfuil cúpla úll lofa ann. Ach le déanaí, tá irisí áirithe ag iarriadh cur in iúl dúinn go bhfuil siad go léir lofa. Sea, na daoine céanna i gcónaí, iad siúd a smaoiníonn gur sinne na droch-dhaoine, seachas na sceimhlitheoirí. Ach cad faoi na scéalta atá acu?

Tá agallaimh le caoga saighdiúir frith-chogadh ag irisleabhar na heite clé The Nation. Tuairiscíodh faoi thar sáile, freisin ("Interviews with US veterans show for the first time the pattern of brutality in Iraq" - alt a thosaíonn le bréag sa chéad abairt...). Bolscaireacht mhaith atá ann, dar ndóigh, do na frith-Mheiriceánaigh. Sea, fuair siad 50 as cúpla céad míle atá sásta drochrudaí a rá faoin misean, nó faoina gcomhghualaithe, nó faoina ndrochiompar féin. Nó an bhfuair? An bhfuil na scéalta go léir chomh dona sin? Níl, dar le William Kristol. Ach fiú más fíor iad na scéalta, agus má tá siad go dona, níl ann ach na corr-úll lofa, gan dabht. Tá cuspóir polaitiúla ag gach duine díobh, chun seasamh in aghaidh an uachtaráin, pé scéal, agus cuireann sin in amhrás a gcuid scéalta, freisin. Ach admhaím gur féidir go bhfuair siad cúpla droch-úll, chun feidhm a bhaint astu.

Luaitear Haditha in 2005 san alt sin san Independent. Ní léir gur tharla sé sin mar a cheaptar ach oiread, mar atá. Agus tá an dlí á chur ar éinne a rinne aon rud mícheart ann. Níl aon pholasaí ann chun sibhialtaí a mharú in arm na Stát Aontaithe. Sin polasaí na sceimhlitheoirí.
(Dála an scéil, fuair ní ba lú sibhialtaí bás san Iaráic ná mar a ceapadh in 2004).

Tá blagadóir foilsithe ag irisleabhar eile den eite chlé, The New Republic. Deir seisean gur saighdiúir san Iaráic é, agus bíonn sé ag insint scéalta faoi dhrochiompar na saighdiúirí ann. Níl éinne cinnte fós gur fíor-shaighdiúir é ar chor ar bith. Ach más ea, is eisean a bhíonn ag déanamh na ndrochbheart, agus ba chóir píonós a ghearradh air. Seo freagra dóibhsean le Hugh Hewitt.

Rinne John Kerry agus a chairde an cleas céanna nuair a bhí an cogadh ar siúl i Vítneam. Is mór an náire orthu as na bréaga sin (dá mbeadh a leithéid in ann náire a thuiscint i gceart).

Cé hiad na saighdiúirí atá againn? Cén saghas duine iad de ghnáth? An saghas is fearr, gan dabht. Go mbeannaí Dia iad.

In ionad a bheith ag síorcháineadh na Meiriceánach, ba chóir scéalta faoin maith a dhéanann siad ansin a insint, agus scéalta uafáis na sceimhlitheoirí a insint. Mar a dhéanann Michael Yon.