Wednesday, July 25, 2007

Dochar an Fhuatha do Bush san Afraic

Tá fadhbanna go leor san Afraic, agus ba chóir do na tíortha ansin go léir obair le chéile chun iad a réiteach, in éindí leis an domhain ar fad. Go háirithe na tíortha is saibhre, mar an Afraic Theas. Ach de réir dealraimh, b'fhearr leosan geáitsí frith-Mheiriceánacha a dhéanamh (ag an NA, dar ndóigh), ná aon mhaith a dhéanamh ar an mórthír bhocht sin.

Is iomaí tír a bhíonn ag olagóin nach bhfuil aon Chogadh Fuar ann níos mó. Tá an Rúis agus an tSín ag obair le gach tír díobhálach ar domhain (an Iaráin, an tSúdáin, an tSiombáib, srl.) chun bheith ina bhfreasúra (díobhálach) do na Stáit Aontaithe, agus do pholasaithe George Bush go háirithe. Go díreach mar a dhéanaidís i rith an Chogaidh Fhuair, tá tíortha an tríú domhain (an cuimhin le héinne cad as ar tháinig an téarma sin?) ag taobhú is ag tacú le domhan saor nó domhan daor, chun a gcumhacht a ardú (mar dhea).

Ach an Afraic Theas, nach bhfuil a fhios acu cad is saor agus cad is daor ann? Nach mbeadh suim acu i gcearta daonna agus saoirse daoine, go háirithe san Afraic? Cheapfaí. Ach níl sé amhlaidh, faraor. Tá fuath do Bush níos tábhachtaí ná daoine gorma na Súdáine nó saoirse sa Mheánoirthear.

Cad iad na maithe eile nach ndéantar ar domhain as siocair na príomháite a thugtar don fhuath, agus don éad, agus don mhóráil? 'Sé an cluiche céanna atá ar siúl, fiú gan aon Aontas Sóivéadach. Agus an rogha chéanna.

No comments: