Rinne Conn trácht ar smaointe The Seanachai ar an Imeall. Maíonn an duine sin gur féidir go bhfuil an milleán ar Abrahám go bhfuil na Muslamaigh agus na Giúdaigh (agus Críostaithe) ag marú a chéile. Is ait liom an teoiric seo.
Is fíor go gcreideann na trí chreideamh mór seo go bhfuil dia amháin ann, agus gur nocht sé é féin do dhuine darb ainm Abrahám. Ach tuigtear an dia seo, agus scéal Abramháim, ar slite an-éagsúla óna chéile sna creidimh áirithe. Cuireann an teoiric seo i gcuimhne dom an cás ina bhfuil spéis sa cheol nó sa pholaitíocht ag beirt, agus mar sin creideann tríú duine go mbeadh siad an-chairdiúil lena chéile mar go bhfuil an spéis chomónta sin acu. Dar ndóigh, níos minice, bíonn daoine in adharca a chéile ar na hábhair seo!
Creidimid go bhfuil grian amháin ann. Chreid na sean-Éigiptigh sin, agus na hAztec, freisin. Chreid Ptolemy agus Copernicus agus Einstein sin. Ach nach raibh dearcadh éagsúil ag gach grúpa nó duine sa liosta sin faoi bhrí an chreidimh sin? Réabadh croíthe daoine óna gcléibh mar gheall ar an ngrian chéanna a bhí mar inspioráid don mbuama adamhach. Cuireadh Copernicus faoi ghlas mar gheall ar an difear idir a dhearcadh agus dearcadh na hEaglaise ag an am, faoin ngrian chéanna. Dia ab ea í don móramh sa stair, ach ní chreidtear sin sna laethanta seo ach go hannamh. Cad is an ghrian ann? Cad is an Dia amháin ann? Cad é a bhaint leis an saol seo, agus a choibhneas leis? Sin iad na rudaí as a ndéantar na creidimh éagsúla.
Maidir le scéal Abraháim, is mó rud nach bhfuil i gcoitinne ag na Moslamaigh leis an dá chreideamh eile. Tagann siad salach ar a chéile. Glacann Críostaithe leis an mBíobla atá ag na Giúdaigh – agus leantar ar aghaidh leis an scéal. Níl sé amhlaidh leis na Muslamaigh. Tá difir an-mhóra ann idir an Bíobla agus an Córan. Luann The Seanachai rud amháin, a dhéanann sé beag beann de, ach rud tábhachtach atá ann. Thug Dia a mhac Íosác, a chéadmhac dleathach, do Abrahám agus a bhean Sárá. Páiste gréine a bhí ann in Ísmeáél, páiste le hAbrahám agus a sclábhaí Hágár. Ba é Íosác an pháiste a gheall Dia dó (agus is samhail Chríost é). Rinneadh náisiúin eile de Ísmeaél, agus rinneadh Iosrael agus lucht an ghealltanais de Íosác. Difear an-mhór eatarthu-san. Creideann na Muslamaigh gur tháinig na hArabaigh ó Ísmeáél, agus gurb eisean an duine tábhachtach. Difear bunúsach ó thús an scéil, mar sin.
Maidir le marú ar son Dé, sa scéal sin, ba thriail d’Abrahám é, agus níor mhian le Dia Íosác a mharú – i gcodarsnacht leis na náisiúin eile a rinne a leithéid ag an am. Ar shlí, tugadh ar ais ón mairbh é – ach sin tuiscint Críostaí. Ach ba é creideamh Abrahám an rud ba thábhachtaí sa scéal. Is mó scéal eile sa Bhíobla faoi chogaí a spreag Dia nó a thug Dia cabhair dóibh leis. Tugann Dia cabhair do thaobh amháin go minic, agus uaireanta ní thaobh Iosrael ab ea é, ag braith ar a raibh ar siúl acu.
Difear bunúsach maidir leis na Giúdaigh atá ann sa Chóran, i comparáid leis an mBíobla. Is léir nach gcreidann na Muslamaigh go leanann siad an Dia céanna.
Mar sin, dar liom, ní thuigeann The Seanachaí an scéal i gceart, mar síleann sé go bhfuil rudaí i bhfad níos simplí ná mar atá.
Beagán faoi Abrahám
Tá creidimh eile ann agus a scéalta féin faoi dhuine darb ainm sin, freisin.
Agus dar ndóigh, ní aontaíonn gach fo-ghrúpa lena chéile sna creidimh mhóra. Ní chreideann gach Muslamach, mar shampla, go bhfuil sé de cheart aige Giúdaigh agus Críostaithe a mharú ar a thoil. Ní aontaíonn siad go léir faoi cad is jihad ann, leis. Ní aontaíonn gach Giúdach faoi mar a bhfuil teorainn Iosrael, nó fiú má tá Iosrael mar atá inniú ó Dhia. Níl cúrsaí chomh simplí sin. Tá baint láidir ag creideamh leis an scéal seo, cinnte. Ach níl sé ceart an mileán a chur ar éinne ach na daoine a fhearann cogadh ar a chéile. Agus níl ionannas eatarthu.
Wednesday, August 16, 2006
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
1 comment:
An timní is mó ata agam maidir leis an Ioslam ná an easpa deighilte idir Stát agus creideamh;
Níl, go bhfios dom, macasamhail teagasc Íosa acu
(Matha 22:21, mar shampla)
Post a Comment