Tuesday, March 07, 2006

An India agus an Buama

Thosaigh mé ag léamh leabhair a fuair mé ó Nollag Ó Gadhra tamall ó shin, leabhar a scríobh seisean in 1969, dar teidil Gandhi. Scríobh sé maidir le hÉire agus hIndia:
Tíortha neodracha (tá súil agam!) sinn araon agus níl aon dá thír eile a rinne níos mó ar son na dí-armála adamhaí.

Nach mó an t-athrú ar an saol ó shin, agus an buama ag an India agus an bPacastáin, agus sin glactha ag an saol, agus ag na Stáit Aontaithe fiú. Thug uachtarán Bush cuairt ar an India agus an bPacastáin an tseachtain seo. Bhíodh smachtbhannaí ar na tíortha seo mar bhris siad an conradh in aghaidh iomadú núicléach. Ach d'imigh an capall sin ón scioból tá na blianta ó shin, agus ceaptar sa lá atá inniú ann go bhfuil sé níos tábhachtaí bheith cairdiúil leis na tíortha seo. Tá mórán tráchtála idir na Stáit agus an India, agus is cara tábhachtach í an Phacastáin sa troid i gcoinne na sceimhlitheoirí (mar atá cairde na laethanta seo). Is tír tábhachtach i gcúrsaí gnó í an India, agus is dócha go bhfuiltear á chothú mar chothromaíocht ar an Sín.
Tuigtear go bhfuil na buamaí ag na tíortha seo chun iad féin a chosaint óna chéile, agus níl aon chuspóir eile acu leo. Sin an diféar an-mhór idir iadsan agus an Iaráic agus an Iaráin. Cúis imní is ea é go bhfuil an buama ag tír mhoslamach mhíshocair in a bhfuil mórán sceimhlitheoirí (b'fhéidir Osama féin), mar sin féin. Ach tá an India ann mar chothromaíocht - neodrach? Ní dóigh liom go n-aithníonn sceimhlitheoirí neodracht. Agus cad is neodracht ann sa chás seo, in aon chor? Tá an dúnmharú mícheart agus ceart araon?
Nach mó an t-athrú ar an saol.

No comments: