Tuesday, January 07, 2020

OK, Boomer


Le blianta anuas, mar gheall ar nuacht (mar dhea) 24 uair an chloig agus an t-idirlíon, is gnách nach mbíonn mórán plé dáiríre ar bun níos mó faoi thuairimí, go háirithe tuairimí polaitiúla.  Ní bhíonn an móramh sásta éisteacht le daoine nach n-aontaíonn leo, toisc nach mbíonn an taobh eile ach ag magadh fúthu (agus ag insint bréag go minic), den chuid is mó.  Ní mhúintear conas plé dáiríre a dhéanamh sna scoileanna níos mó.  Glacann lucht 'na hintinne oscailte' le soiscéal na heite clé gan cheist ar bith.  Agus toisc go mbíonn ráitis na heite clé chomh hamaideach neamh-dháiríre an t-am ar fad, ní thugann aon duine coimeádach cluas leo ar chor ar bith níos mó.

Cé go bhfuair an t-aos óg - agus faraor, mar a bhí riamh, bíonn an chuid is mó acu liobrálach - cé go bhfuair siad gach 'fíric' lena nglacann siad ó hippies agus liobráilithe aosta (féach Bernie Sanders mar shampla amháin), síleann a lán acu gur amaideach iad gach duine a rugadh in aois na boomers.  Is dócha gurb amhlaidh an scéal toisc go mbíonn i bhfad níos mó daoine níos aosta coimeádach.
Chun díspeagadh agus dímheas a thaispeáint d'aon duine níos aosta nach n-aontaíonn le sliocht óg na hippies seo, is nós é na laethanta seo a rá 'OK Boomer', seachas 'dún do ghob'.  Síltear gur cliste seo, ar chúis éigin.

A mhalairt ar fad, ámh, is ea é.  Is leithscéal in ionad plé is argóint chiallmhar a dhéanamh.  Is leithscéal in ionad cás a dhéanamh, bunaithe ar fhíricí, seachas ar mhothúcháin agus bréaga as mímeanna.  Ach seo an saol mar atá faoi láthair.  Dhá threibh nach labhraíonn lena chéile ach go hannamh.

Nárbh amhlaidh an scéal sna seascaidí?  Is cuimhin liom go mbíodh plé áirithe ann, cé go mbíodh na liobráilithe chomh hamaideach is atá siad sa lá atá inniu ann, agus an scarúint beagnach chomh mór...  "Ná bíodh muinín agat as aon duine thar thríocha bliain d'aois," a dúradh nuair a bhíos féin óg (chun a gcuid smaointe a sheachaint, dar ndóigh).  Bhí cúrsaí go dona ansin, cinnte.  Ach mar gheall ar an teilifís agus an t-idirlíon, sílim go bhfuil cúrsaí níos measa anois.  Mar sin féin, tá gach seans ann nach bhfuil ionam ach seanduine cantalach anois...  Rugadh i 1960 mé.

Díspeagadh in ionad urraim do dhaoine níos aosta, ba phlean sin ag na cumannaí (agus réabhlóidithe na Fraince rompu) chun an saol in iomlán a athrú ó bhun.  Fuair na beatniks ó na cumannaí an nós seo, agus fuair na hippies uathusan é.  Lean na punks leis, agus daoine óga na haoise seo ar a sáile.  Níl aon rud nua faoin ngriain.  Chun an saol a athrú ó bhun, ní mór eagna na nglúine rompu a chur ar leataobh.  Sin an baol is mó don Iarthar, agus is amhlaidh an scéal le fada. 

Dar ndóigh, is iomaí amadán aosta atá ann tar éis an méid seo ama 'réabhlóidigh' - féach Bernie Sanders, mar shampla amháin!

Is ionann "OK, Boomer" le "níl smaoineamh de mo chuid féin i mo cheann," dar liom.  Ach cloisim an freagra cheana féin...


No comments: