Wednesday, October 24, 2012

Rogha Mhór i Meiriceá

Bhí an t-alt seo leanas in Gaelscéal 19 Meán Fómhair 2012.

Bíonn gach olltoghchán tábhachtach.  Ach i mbliana, ceapaim go bhfuil sé níos tábhachtaí ná aon uair ó 1980 ar aghaidh.  Tá na difríochtaí céanna ann idir an dá pháirtaí, mar is iondúil.  Ach tá siad níos géire i mbliana.  Cén fáth?  Tá cúpla cúis ann. 

In ainneoin na ndea-fhocal a labhair Barack Obama ceithre bliana ó shin, mar uachtarán, bhí sé ní ba dheighiltí ná aon uachtarán le fada an lá.  Ní raibh sé sásta riamh comhoibriú leis na Poblachtánaigh.  Dúirt sé i ndiaidh thoghcháin 2008 go bhfuair seisean agus a phairtí an bua, agus ba dheireadh sin le caint faoi chomhréiteach.  Cé nach n-aontaigh na Poblachtánaigh leis faoi rud ar bith, bhí siad sásta ag an am comhoibriú leis, agus deis a thabhairt dó.  Ach bhí an dá theach rialtais ag na Daonlathaigh, agus cheap siad nach raibh gá ar bith le comhréiteach.  Bhrúigh siad dlithe tríd gan vóta amháin ón taobh eile, minic go leor, Obamacare san áireamh.   Agus nuair a fuair na Poblachtánaigh an bua i mórán áiteanna in 2010 agus nach raibh an móramh i dTeach na nIonadaithe acu ní ba mhó, thaispeán Obama nach raibh sé ábalta comhoibriú le duine ar bith nach n-aontaíonn leis.  Ní raibh aon ghá aige lena leithéid i rith a shaoil.  Níl aon chiall cheannaithe aige maidir le comhréiteach, ná le conas margadh a dhéanamh.  Dóbair go raibh post ar bith aige lasmuigh den rialtas, agus ní bhíodh ach Daonlathaigh ina thimpeall den chuid is mó agus é ina pholaiteoir.  Níl an cumas aige comhréiteach le daoine.  Sea, is minic nach raibh sé fiú ag caint le ceannaire Theach na nIonadaithe, John Boehner, ó shin.  Dúirt Obama tráth go raibh sé sásta a lámh a shíneadh ‘trasna an phasáiste’ ionas go dtarraigeodh sé iad chuig a thaobhsa.  Smaoineann sé nach bhfuil réiteach ann ach na daoine nach n-aontaíonn leis a iompú go dtí a gcuid tuairimí féin.  Ní thuigeann sé gur cur agus cúiteamh a bhíonn de dhíth.  Agus tá fadhb eile aige.  Níl meas ar bith aige don taobh eile, agus is léir sin.  Ní féidir leis aon dea-thoil a chothú, agus nílim cinnte gur mhaith leis sin a dhéanamh.

Cúis eile go bhfuil deighilt níos mó ann ná le fada i mbliana ná go bhfuil Obama agus na Daonlathaigh imithe i bhfad níos faide chuig an eite chlé.  Radacach a thugtar ar Obama minic go leor, mar gheall ar an dearcadh atá aige maidir le Meiriceá agus a ról sa saol mór, agus maidir le dualgaisí an rialtais sa bhaile.  Nuair a bhí an Teach agus an Seanad araon ag na Daonlathaigh, bhí siad ábalta a rogha rud a dhéanamh.  Chaith siad i bhfad ní ba mhó airgid ná a caitheadh faoi aon uachtarán eile roimhe – le chéile!  Thug siad cumhacht don rialtas nach raibh aige riamh roimhe, go háirithe maidir le cúrsaí sláinte.  Nior ghlac siad le comhairle ar bith ó na Poblachtánaigh.  Bíonn an dá thaobh ag scarúint níos faide óna chéile maidir le beagnach gach aon rud.

Cad iad na difríochtaí is mó idir an dá phártaí, agus idir an dá iarrthóir, mar sin?  Is fearr le Obama agus a phártaí cumhacht an rialtais a úsáid chun fadhbanna na tíre a réiteach.  Is fearr leo insint do na daoine cad is fearr dóibh, conas rudaí a dhéanamh, agus cad iad na riallacha.  Is fearr leo rannóga i Washinton a bheith i mbun cúrsaí, seachas muintir na háite.  Ar an taobh eile, is fearr le Mitt Romney agus a phártaí go mbíonn saoirse ag achan duine a rogha rud a dhéanamh chomh minic agus is féidir.  Is fearr leo nach mbeadh cumhacht ag rialtas na tíre nár tugadh dó sa bhunreacht – go mbeadh rialtas srianta againn.  Ní chreideann siad go bhfuil an rialtas níos cliste na na daoine féin.

Tá difríochtaí móra ann eatarthu maidir le cúrsaí eacnamaíochta, freisin.  Is fear gnó an-rathúil é Mitt Romney.  Tuigeann sé cúrsaí gnó.  Níl aon taithí ar bith ag Obama ar a leithéid.  Creideann seisean go dtuigeann an rialtas cad is fearr i gcónaí.  Creideann sé i nósanna Keynes, agus síleann sé go ndéanfaidh sé a mhaith don ghealleagair – ar ball – má chaitheann an rialtas níos mó agus níos mó airgid.  Creideann Romney i nósanna mar an saormhargadh agus creideann sé go ndéanann na daoine rachmas, agus go ndéanann daoine poist, seachas daoine cliste an rialtais.  Chomh fada agus a thugtar níos mó saoirse do na daoine, gan cur isteach ón rialtas, is amhlaidh a chothaítear poist agus saibhreas. 

Is cuma le Obama nach mbeidh airgead go leor ag an tír chun a fiacha a íoc, agus go háirithe nach mbeidh sí ábalta íoc as Social Security agus a leithéid.  Ní chreideann na Daonlathaigh go bhfuil géarchéim ann.  A mhalairt de thuairim atá ag Romney.  Tá plean aige, agus ag a leas-uachtarán Paul Ryan, chun díriú go dáiríre ar na fadhbanna seo.  Tá Obamacare ag an taobh eile – plean chun rialtas níos mó a dhéanamh.  Níl aon rud a rinne Obama ag déanamh cúrsaí níos fearr maidir le poist a chumadh ná an geilleagar a fheabhsú.  Dúirt sé féin ag an dtosach nach mbeadh ach téarma amháin aige murab fhéidir leis cúrsaí a fheabhsú faoi cheann trí bliana.  Níl sé den tuairim sin anois, ámh.  Ba mhaith leis na rudaí ceannan céanna a dhéanamh agus níos mó ama a bheith aige chun toradh a fháil orthu.

Tá difríochtaí ann maidir le ceisteanna sóisialta, freisin, dar ndóigh, agus thaispeán na Daonlathaigh cé chomh radacach agus atá siad ag a gcomhdháil i mbliana.  Níor mhaith leo aon bhac ar an nginmhilleadh.  Glacann siad le pósadh idir homaighnéasaigh.  Is fearr leo gan Dia a luath i gcúrsaí poiblí.  Ceapann na Poblachtánaigh go bhfuil an ginmhilleadh mímhórálta, go maraítear duine gach uair, agus b’fhearr leo é a bheith in aghaidh an dlí.  Creideann siad nach bhfuil aon phósadh ann ach idir fear amháin agus bean amháin.  Agus creideann siad go bhfuil sé ceart agus cóir aitheantas a thabhairt do Dhia i gcónaí.  Tuigeann siad nach gcreideann an uile dhuine – fiú an uile Phoblachtánach – leis na rudaí seo.  Ach ní shíleann siad gur cúis sin gan oibriú ar son na dtuairimí seo mar phártaí.  Cosúil leis seo, is iomaí duine a thugann Caitliceach air féin atá ina Dhaonlathach, fiú go bhfuil seasamh a bpáirtí ar na rudaí seo glan in aghaidh seasamh na hEaglaise.  Ach tá an móramh sa dá phártaí ar aon intinn le seasamh a bpartaí maidir leis na ceisteanna seo, agus caitheann a lán daoine a vótaí mar gheall orthu. 

Maidir le cúrsaí idirnáisiúnta, is iomaí difear atá ann idir na hiomatheoirí is a bpartaithe, freisin.  Cheap Obama go mbeadh an saol ní ba dheise dó mar gheall ar a phearsantacht.  Cheap sé nach raibh meas ar bith ag an saol ar George W. Bush, ach bheadh airsean, mar bhí sé glan in aghaidh Bush.  Bhí sé sásta a rá nach tír gan a leithéid í Meiriceá, agus nach raibh inti ach tír amháin i measc an uile thír eile.  Bhí sé sásta a rá go ndearna sí a lán botún, agus ghabh sé a leithscéal as drochiompar Mheiriceá, dar leis.  Bhí sé ní ba chairdiúla do naimhde a thíre ná dá cairde.  Agus thug sé a chúl do Iosrael.  Níl Romney sásta aon leithscéal a thabhairt ar son a thíre.  Ceapann na Poblachtánaigh gur tír gan mhacasamhail í Meiriceá, mar gheall ar a suíomh, a daoine, agus a stair.  Seasann na Poblachtánaigh gan amhras le hIosrael.

Fuair Obama an bua in 2008 mar gheall ar na cogaí a tosaíodh faoi George W. Bush, i measc cúiseanna eile.  Ní raibh gach duine sásta leo riamh, agus bhí gach duine tuirseach díobh ag an am sin.  Is iomaí rud a dúirt Obama ag an am nach ndearna ó shin.  Tá níos lú saighdiúirí ann thar lear ag Meiriceá, ach tá an cogadh san Afghanastáin fós ann, tá priosúin Guantanamo fós ar oscailt, tá cúrsaí slándála na tíre beagnach mar an gcéanna agus a bhíodh siad faoi Bush.  Fuair Obama Duais na Saoirse Nobel mar cheap na daoine sin go raibh sé ina fhrith-Bush, agus go mbeadh síochán ar domhan nuair a thiocfadh sé i réim.  Bhí dul amú orthu.

Ceapann na Poblachtánaigh go bhfuil Obama lag maidir le cúrsaí idirnáisiúnta.  Níor mhaith leo go mbeadh an saol neamhchinnte faoi Mheiriceá mar chara ná mar namhaid, más gá.  Creideann siad go bhfuil an saol baolach, agus nach ndearna Obama aon mhaith lena chuid dea-chainte.  D’éirigh an chuid is mó de fhabhbanna an tsaoil ní ba mheasa faoi Obama, agus rinne sé an saol ní ba bhaolaí.  Creideann siad gur cóir do Mheiriceá bheith mar cheannaire ar chúrsaí idirnáisiúnta i measc na náisiún.  Ní bheidh aon ‘treoraíocht ón gcúl’ acusan.

Is iomaí duine a chreideann dea-chaint Obama fós.  Tá an ‘dóchas’ céanna acu.  Agus is iomaí duine a chreideann go bhfaigheann daoine saibhre mar Romney a gcuid airgid ó na daoine beaga.  Is deacair don ghnáthdhuine a thuiscint go gcumtar saibhreas faoi stiúir daoine mar Romney, agus go mbíonn gá lena gcuid airgid chun gnóthaí nua a bhunú, srl.  Is fearr leo a chreidiúint nach bhfuil ach méid amháin airgid ann sa saol agus ní mór sin a roinnt i measc na ndaoine go léir.  Creideann Poblachtánaigh gur féidir leo níos mó saibhris a dhéanamh sa saol, agus go mbeadh an saibhreas nua sin ag mórán daoine.  Creidean Daonlathaigh gur féidir leo saibhreas an tsaoil a thógáil ó dhaoine santacha agus é a thabhairt do dhaoine níos boichte, gan cur isteach ar shaibhreas ginearálta na tíre.

Tá rud amháin eile an-difriúil maidir le Obama, agus ní féidir é a sheachaint.  Is fear gorm é, an chéad fhear ghorm le bheith ina uachtarán.  Tá mórán daoine ann a chreideann gur rí-thábhachtach sin, agus seasann siad leis mar gheall air, pé rud a dhéanann sé.  Tá roinnt daoine ann atá ina mbiogóidí freisin, ach bheadh a leithéid in aghaidh Mormon freisin, agus ní chreidim go bhfuil a lán acu ann.  Agus is iomaí duine gorm nach gcaitheadh a vóta ar aon duine geal má tá duine gorm in iomaíocht leis.  Tá cine an-tábhachtach do liobrálaithe (Daonlathaigh go ginearálta) go háirithe.  Is fearr le coimeádaigh (Poblachtánaigh go ginearálta) nach smaointear ar dhaoine mar bhaill ghrúpaí, seachas mar dhaoine. Ceapann a lán daoine den eite dheas nach mbeadh Obama ina uachtarán dá mbeadh sé ina dhuine geal.  Ní raibh sé cáilithe, dar leo.  Táthar le feiscint an buntáiste fós dó gur mhaith le mórán daoine fear gorm mar uachtarán.

Tá dirfríochtaí móra ann idir an dá phartaí is an dá iomaitheoirí, ceart go leor.  Tuiscint dhifriúil ar fad ar cad is Meiriceá ann, agus cén saghas tíre a bheidh ann as seo amach.  Tá Obama an-chosúil le Jimmy Carter, maidir lena dhearcadh féin.  Níor éirigh leisean dara téarma a fháil.  Feicfear an bhfuil Meiriceá difriúil inniu ó 1980, agus an ndeachaidh an tír i dreo na heite clé i dteannta leis an bpáirtí Daonlatheach.  Tá rogha thábhachtach le déanamh.  Tá an chuid is mó de na meáin chumarsáide ar son Obama agus is buntáiste mhór sin.  Bíonn buntáiste ag an té san oifig i gcónaí.  Agus níl aithne mhaith ag mórán daoine ar Romney fós.  Mar sin féin, deirtear ag an bponc se go bhfuil iomaíocht chothrom ann eatarthu.  Cad a tharlóidh?


4 comments:

aonghus said...

Sin ceist maith!

aonghus said...
This comment has been removed by the author.
April said...

Ní dhearna Bain ach postanna a shábháil mar go raibh na comhlachtaí a raibh Bain ag déileáil leo ar tí dúnadh cibé ar bith. Bheadh na daoine uilig dífhostaithe gan Bhain Capital. Rinne Bain maitheas agus iad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ar á son féin.

Agus céard atá cearr le brabús a thuilleadh? Ní dóigh liom go bhfuil na daoine atá ag caitheamh anuas ar 'bhrabús a thuilleadh' ag obair saor in aisce iad féin, an bhfuil?

aonghus said...

Agus céard atá cearr le brabús a thuilleadh? Ní dóigh liom go bhfuil na daoine atá ag caitheamh anuas ar 'bhrabús a thuilleadh' ag obair saor in aisce iad féin, an bhfuil?

Faic! Nílim i gcoinne brabach; ach táim i gcoinne dúshaothrú. Tharlódh míthuiscint a bheith orm ach thig mé go raibh uaireanta ann nuair chun aimhleasa na fostaithe iarrachtaí Bain.

Is minic go mbíonn dearcadh gearr théarmach i gceist le VC agus infheisteoirí dá leithéid; is fearr leo pingin ard inniu agus cuma cad a tharlaíonn ina dhiaidh ná pingeacha ísle thar tréimhse níos faide.