Wednesday, October 24, 2012

Miotais agus Fir Thuí

Bhí an t-alt seo leanas in Gaelscéal 10 Deireadh Fómhair 2012.

Níos minice ná a mhalairt i gcúrsaí polaitiúla, bíonn a lán daoine ag troid in aghaidh miotais agus ag déanamh ionsaithe ar fhir thuí.  Is iomaí sampla atá againn.  Agus is beag an difear idir inniu agus inné.

Deirtear gur duine aineolach gan eagna chinn é George W. Bush.  Ach ní dhearna sé go dona riamh ar scoil, agus bhain sé MBA amach ag Harvard.  D’éirigh leis mar fhear gnó agus mar pholaiteoir.  Tá daoine claonta in aghaidh a bhlais agus a nósanna cainte, in aghaidh a chreidimh is a chuid tuairimí, agus cumadh an miotas seo gan bhunús.  Cheaptaí go raibh Reagan lagintinneach, freisin, gan chúis. 

Creidtear gur óinseach í Sarah Palin mar gheall ar mhiotais a scaipeadh ceithre bliana ó shin.  Ní thuigeann mórán daoine nach ionann sí féin agus an magadh a rinneadh fúithi ar Saturday Night Live ar an teilifís.  Ba chúis mhór é do na meáin chumarsáide í a dhíspeagadh, mar ní raibh daoine coimeádacha rí-shásta le John McCain, ach bhí siad sásta go breá le Palin.  Seachas an mhiotais, an bhfuil aon duine dáiríre ann a déarfadh gur níos cliste ná í Joe Biden? 

Má tá an lucht acadúla in aghaidh an uile rud a cheapann tú, ní mór nach bhfuil tú ró-chliste, ceaptar.   Dúirt Tom Wolfe gur intleachtach an té atá eolach i réimse amháin, nach mbíonn ag nochtadh a chuid tuairimí ach faoi réimsí eile.  Dúirt Richard Posner gurb fhéidir leis an intleachtach rathúil feidhm a bhaint as a cháil chun cur síos a dhéanamh os comhair an phobail i gcoitinne ar ábhair maidir lena bhfuil sé ina amadán.  Tá blas den fhírinne sna ráitis seo.

Deirtear go bhfuil Obama an-éirimiúil agus cliste.  Bhí seisean ar scoil ag Harvard, freisin.  Níl a fhios ag éinne conas a d’éirigh leis, mar níl sé sásta an t-eolas sin a roinnt.  Bhí sé ina uachtarán ar an Harvard Law Review – mar gheall ar vótaí, seachas aon riachtanais acadúla.  Deirtear gurb í sin an bhliain is lú a luaitear aon rud ón iris sin, mar atá.   Níor scríobh Obama féin ach alt amháin – ar son an ghinmhillte... 

Fuair Mitt Romney MBA ó Harvard, freisin - cum laude.  D’éirigh go breá leis mar fhear gnó, dar ndóigh.  D’éirigh le Obama mar dhírbheathaisnéisí.  Cé acu an duine is éirimiúla?

Deirtear gur óráidí cumasach é Obama.  Ach minic go leor, bíonn an rud ceannann céanna le rá aige.  Agus gan an teleprompter, is iomaí botún a dhéanann sé.   Ní minic a thuairiscítear na rudaí amaideacha seo, ach bíonn siad ann.  Lorg ‘Obamaisms’ ar an idirlíon chun samplaí a fháil.  Níl siad chomh dona le cuid a leasuachtaráin, Joe Biden, ach sin scéal eile...  

Gan dabht, an sampla is fearr go fóill dá lagaíocht mar chainteoir agus mar dhuine cliste is ea an cur i láthair a rinne Obama sa chéad díospóireacht le Romney.  A mhalairt dá dtuairiscítí faoin mbeirt acu.  Agus cé acu an duine a dhíríonn ar mhiotais seachas ar fhíricí?  Mar a dúirt Romney, tá sé de cheart ag uachtarán a eitleán féin is a theach féin a bheith aige, ach níl an ceart aige a chuid fíricí féin a bheith aige!

Creidtear gur polaiteoir den scoth é Obama.  Ach creideann a lán daoine nach bhfuil in Obama ach polaiteoir sórt amaitéarach.  Ní bhíonn sé ábalta oibriú go maith le daoine eile nach n-aontaíonn leis.  Agus is léir nach bhfuil scileanna polaitiúla i gcúrsaí idirnáisiúnta aige.  Ar tharla ‘Reset’ leis an Rúis?  An bhfuil síocháin sa Mheánoirthear, ná baol air?  An bhfuil dea-thoil an tsaoil Mhoslamaigh aige?  Níl ná iad.  Agus féach a bhfuil ag teacht chun solais maidir leis an ionsaí in Bengasaí na Libia!

Is minic a mhaslaíonn Obama cairde na Stát Aontaithe.  Is minic a bhíonn sé ró-umhal os comhair naimhde agus daoine gan meas ar a thír.  Tuigtear eisean níos minice ná a thuigeann sé féin daoine.  An dea-pholaiteoir sin?

Chuir Obama i gcéill go raibh sé chun a bheith go ‘hiar-pháirtíneach’.  Is iomaí focal deas a deir sé, ach má fheictear ar a ndéanann sé, bíonn sé ‘hiperpháirtíneach’.  Níl aon rud ann nach ndéanadh sé ar son an ghinmhillte, mar shampla.   Shíl sé nach raibh aon ghá leis na Poblachtánaigh ar chor ar bith – mar shampla, nuair a dúirt sé “Fuair mise an bua” mar fhreagra dóibh agus iad ag plé an phacáiste spreagtha (mar dhea) in 2009.  Bhí Obama chun na céadta milliún dollar a chaitheamh ar na rudaí is ansa leis –mar chórais frithghiniúnacha –cé gur méar i súil na bPoblachtánach a leithéid. 

Fuair Obama freagra dá ráiteas sin in 2010, ó mhuintir na tíre, nuair a chaill mórán daoine dá pháirtí a bpoist.  Mar sin féin, bhrúigh sé Obamacare síos a scornach ina dhiaidh.

Deirtear go rí-mhinic gur cuma le Mitt Romney daoine bochta, agus mar sin de.  Raiméis ar fad.  Is daoine saibhre iad araon Obama agus Romney.  Cé acu an duine is flaithiúla?  In 2010, chaith Romney 14% dá chuid ioncaim ar son na carthanachta.  In 2011, beagnach 30%.  Obama in 2010, 14.2%.  Ach nuair a thosaigh Obama mar iarrthóir ar an uachtaránacht, nocht sé nár chaith sé ach 6.1% in 2006. 

Maraon leis an airgead a bhronnann Romney, is iomaí rud pearsanta a rinne sé mar charthanacht i rith a shaoil, go háirithe mar cheannaire ar a eaglais. Tá na scéalta ar fáil daon duine a bhfuil suim aige.  Ach is fearr le mórán daoine an miotas.  Ní féidir, dar leo, go bhfuil duine saibhir go deas.  Ach amháin más Daonlathaí (ceachartha) é... mar is nós an Daonlathaí airgead ar le daoine eile é a thabhairt amach...

Bíonn miotais cumasach.  Muise, bhí Obama sásta troid in aghaidh an fhir thuí agus a chúig trilliún dollar de ghearradh cánach, seachas an duine a bhí ina steillbheatha os a chomhar amach, nach bhfuil plean dá leithéid sin aige. 

Tá miotais ann faoi Obama.  Creideann a lán daoine gur Moslamach é.  Madonna san áireamh...  Mar gheall ar a chúlra agus ar na rudaí a deir is a dhéanann sé, is éasca an tuiscint seo a ghlacadh, ach dar leis agus dar leis na fíricí atá ar fáil, ní fíor é.

Creideann a lán daoine nár rugadh sna Stáit é.  Is iontach cé chomh deacair agus a bhí sé fírinne an scéil sin a fháil.  Dúirt an Harvard Law Review i mbeathaisnéis Obama in 1991 gur rugadh sa Chéinia é.  Glactar gur rugadh sna Stáit go ginearálta anois.  Tá roinnt daoine amhrasach fós, ach tá roinnt den locht ar Obama féin as seo, mar gheall ar an easpa eolais agus an droch-eolas.

Scaiptear miotais níos minice ná fíricí sa saol polaitiúla i Meiriceá.  Faightear scéalta claonta i gcónaí ó na mórfhoinsí.  Tá foinsí eile ann le tamall anuas a sholáthraíonn an taobh eile.  An rud nach dtuairiscítear ar bhealach amháin (nó deich gcinn acu...), tuairiscítear ar cheann (amháin) eile anois.  Sin rud dearfach.  Bíonn plé beomhar ar siúl ar an idirlíon agus ar an raidió i gcónaí, gan aon chinsireacht.  Agus ó am go chéile, bíonn deis ann chun daoine a fheiscint mar atá siad, mar a tharla sa dhíospóireacht ar an teilifís. 

Go n-aithnítear na miotais mar mhiotais.  Agus ná caitear vótaí ar son ná in aghaidh fear tuí.

18 comments:

aonghus said...

Píosa maith. Maith thú!

Concubhar said...

nhankeIs é an chúis is mó le Obama a athoghadh ná Romney agus an GOP. Ní bhaineann sé le conas mar ar éirigh leo ar scoil nó i Harvard. Is é an eolas atá againn ar ghnó Romney comhlachtaí a dhúnadh síos chun brabhús a dhéanamh dá chomhlacht féin, Bain Capital, agus na postanna a chur thar lear go dtí tíortha ar nós an tSín. Tá Obama tar éis a dhícheall a dhéanamh SAM a tharrac amach as an poll dubh inar fhág Bush agus a cháirde Neo Con an geilleagar agus fórsaí armtha na tíre. Is cosúil go gceapann an GOP go bhfuil seo go léir dearúdta ag an pobal i SAM agus ar fuaid an domhain. Is cinnte gur 'cutout' sasúil é Romney - ach níl aon substaint leis....

Séamas Poncán said...

nhankels?
Níl baint ar bith ag an méid eile a scríobh tú leis an duine Mitt Romney. Fear tuí a bhfuil bréagaithne agat air, seans. Tá Obama lá de chac, agus bíonn sibhse thar lear á alpadh. Bíonn cúrsaí níos casta ná an cartún sin a bhíonn agaibh in ionad nuachta.

aonghus said...

Sílim go bhfuil pointe ag Conchubhar maidir le Bain Capital: http://www.baincapital.com/about-bain-capital

Ach ní aontaím go bhfuil Obama tar éis a dhícheall a dhéanamh; nó ar a laghad níl ag éirí ró mhaith lena dhícheall san eacnamaíocht agus cinnte níl i gcúrsaí eachtrannacha.

Agus tá an cuir chuige atá aige maidir le h-ionsaithe ladrann sa Phacastáin & Afganastáin náireach.

Séamas Poncán said...

Maidir le Bain

April said...

Brón orm faoi seo a chur faoin scéal mícheart an chéad uair. Níor cheart dhom scríobh le níos mó ná cluaisín amháin oscáilte!


..Ní dhearna Bain ach postanna a shábháil mar go raibh na comhlachtaí a raibh Bain ag déileáil leo ar tí dúnadh cibé ar bith. Bheadh na daoine uilig dífhostaithe gan Bhain Capital. Rinne Bain maitheas agus iad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ar á son féin.

Agus céard atá cearr le brabús a thuilleadh? Ní dóigh liom go bhfuil na daoine atá ag caitheamh anuas ar 'bhrabús a thuilleadh' ag obair saor in aisce iad féin, an bhfuil?

DAS Píosa maith, cinnte, a Shéamais!


Séamas Poncán said...

GRMA!

aonghus said...

D'fhreagair mise thall é!

Agus céard atá cearr le brabús a thuilleadh? Ní dóigh liom go bhfuil na daoine atá ag caitheamh anuas ar 'bhrabús a thuilleadh' ag obair saor in aisce iad féin, an bhfuil?

Faic! Nílim i gcoinne brabach; ach táim i gcoinne dúshaothrú. Tharlódh míthuiscint a bheith orm ach thuig mé go raibh uaireanta ann nuair chun aimhleasa na fostaithe iarrachtaí Bain.

Is minic go mbíonn dearcadh gearr théarmach i gceist le VC agus infheisteoirí dá leithéid; is fearr leo pingin ard inniu agus cuma cad a tharlaíonn ina dhiaidh ná pingeacha ísle thar tréimhse níos faide.

(DAS Séamas faigh réidh leis an diabhail CAPTCHA ldt. Ós rud é go bhfuil modhnóireacht á dhéanamh agat níl bagairt turscair ann)

Concubhar said...

Paul Krugman: Romney Victory Could Mean 'Double-Dip Recession' http://huff.to/QGcNTo via @HuffPostBiz

Sin a deir an fear a bhuaigh duais Nobel na h-eacnamaíochta. Ní féidir scarúint a dhéanamh idir an prachas a d'fhag Bush ina dhiaidh agus an obair fiúntach atá déanta, cé go bhfuil mar a deirtear go leor fós lé déanamh, ag Obama chun SAM a thabhairt ar ais ón duibheagán inar fhag an Phoblachtóir deireannach a raibh sa Teach Bhán geilleagar na tíre sin. Deir Romney go bhfuil sé chun cúpla trilliún dollar a chaitheamh ar fhórsaí cosanta thar mar a chaithfeadh Obama, deir sé go bhfuil sé chun cáin a laghdú ag an am chéanna. Conas a dhéanfaidh sé seo? Níl sin mínithe aige.
Maidir le fir tuí, d'éirigh leat d'fhear tuí féin a shleamhnú isteach ag an deireadh agus tú ag caint faoin 'amhras' atá ann faoi áit bhreithe Obama. Cacamas de chuid an imill dheis ar mire é sin nach bhfuil aon áit aige in argóint substaintiúil. Gan amhras má tá tú ag caint ar nuacht mar chartúin, sea is féidir linn faire ar Fox News ar an dtaobh seo den Aigéin freisin. Miotais mo thóín.

Séamas Poncán said...

Is amadán amach is amach mar scríbhneoir polaitiúla é Krugman. Féach: http://krugman-in-wonderland.blogspot.com/

Maidir le praiseach Bush, tharla an tubáiste faoi, ach ní dhearna sé é (ina aonar). Rinne Obama gach rud mícheart, agus anois níl aon fheabhas ann tar éis beagnach ceithre bliana.

Tá a chuid pleananna mínithe ag Romney, ach níl an eite chlé ag éisteacht.

Má léann tú m'alt go cúramach, feicfidh tú go ndúirt gur fear tuí a bhí ann, agus Obama ina eachtránach.

Fox News, Bealach Tuí thar sáile. Tugaimidne 'an taobh eile' air, anseo.

Concubhar said...

Is mó amadán a bhuaigh Duais Nobel is dócha - Henry Kissinger ina measc - ach ní h-aon amadán é Krugman, pé rud a deir an blag a luann tú. Tá an taoide casta ag Obama ó tháinig sé i gcumhacht agus tá tús curtha leis an obair riachtanach. Ba thubaist amach is amach a bheadh ann Romney a chur sa Teach Bhán ag an bpointe seo, tubaist do SAM agus don domhan uile.

Concubhar said...

Maidir le Fox News - an taobh eile dén bhfíor shaol atá i gceist agat?

April said...

Mar Libertarian, creidim go bhfuil an ceart ag daoine cibé céard ba mhian leo a bheith acu chomh fada agus atá sé tuillte go hionraic acu, agus níl aon rud ag daoine eile orthu mar gheall air sin.

Ach is léir gur fear na heite chlé é Aonghuis agus ar aon intinn le hObama nuair a deireann sé go bhfuil do dhóthain tuillte agat ag poínte amháin.

Agus má tá muid ag iarraidh cén sórt infheistíocht a dhéanfaidís, is féidir linn lán na súile a bhaint as na comhlachtaí "Green Energy'' faoi riarachán Obama. Solyndra agus A123 agus Abound Solar agus Ener1 agus aráile atá bancbhriste agus cáiníocóirí thíos leo.

Nuair nach bhfuil infheistóirí san earnáil phríobháideach toilteanach, de ghnáth, tá cúis mhaith ann. Nuair a dhéanann siad cinneadh, tá cúis mhaith ann. Níl siadsan ag iarraidh a bheith bancbhriste sa deireadh. Tá siad agus beidh siad i bhfad níos éifeachtaí, agus mar sin, déanann siad maitheas do dhaoine eile {cé nach bhfuil an ceart ag daoine eile é sin a mhaíomh orthu.}

Cibé ar bith, tá níos mó postanna cruthaithe ag Bain ná a bhí ag na comhlachtaí ar nós Solyndra!

Séamas Poncán said...

Scríobh mé faoi Fox anseo cheana.
Féach.

Maith thú, April. Má bhíonn deis agat, éist leis an gclár Cruinneog an tseachtain seo ar RTÉ. Beidh mé ann ar feadh cúpla nóiméad.

Maidir le hAonghus, san Eoraip, ní chuirfinn ar an eite chlé é. Ach is ar éigin go bhfuil aon eite dheas acu ar chor ar bith.

Bíodh do thuairim agat, a Choncubhair. Beidh a fhios agat ar ball nach bhfuil an ceart agat, le cúnamh Dé.

Concubhar said...

Coinnigh Dia amach an pholataíocht led thoil. Nior mhaith linn go ngoidfeadh Romney an toghchán seo mar ar ghoid Bush é i 2000!

April said...

Éistfidh, cinnte. : )

Tá tú i bhfad níos cróga ná mise. Ní bheinn ag iarraidh a bheith ar an raidió nó ar an teilifís mar sin. Ní maith liom oráid ar bith a dhéanamh seachas os comhair grúpaí beaga agus aithne agam ar 'chuile dhuine sa ngrúpa. Ní bheinn in ann focal a rá agus duine do mo thaifeadta.

DAS.. Is collectivist/statist é Aongus. Cibé ar bith, ní hé taobh dheis na clé taobh dheis an speictream.

Anois mar go bhfuil mé in ainm is a bheith ag obair... ba cheart dom rud beag oibre a dhéanamh. : )

Séamas Poncán said...

Tagtar i dtaithí air, a April.

Séamas Poncán said...

Creideann tú an uile ní, a Choncubhair. Creidimse go mbíonn Dia dár sábháil. Is go sábhála Dia sinn ó cheithre bliana eile Obama!