Thursday, January 12, 2012

A gCara, Hugo Chavez

Cé go bhfuil sé deacair dom a thuiscint, tá daoine ann a chreideann gur duine deas maith é Hugo Chavez. Lucht na heite clé, dar ndóigh. Cosúil le Chavez féin, creideann a leithéid gur maith é aon duine a sheasann in éadann Iosrael agus na Stáit Aontaithe. Sea, is iomaí cara olc atá ag Chavez - liosta le háireamh. Ní dóigh liom go bhfuil drochdhuine ann nach bhfuil cairdeas aige le Chavez.

Cheap mé le fada nach raibh ann ach fear grinn, ach is duine fíor-bhaolach é. Tá cumhacht aige sa bhaile - agus dar ndóigh, mar aon deachtóir eile, bíonn sé ar thóir níos mó cumhachta i gcónaí. An mana a bhrúitear ar mhuintir Veiniséala ná "An sóisialachas nó an bás!" ach is é an bhrí de sin ná "deachtóireacht faoi m'ordóg nó an bás!" Ar son na ndaoine beaga, tuigeann tú. Agus tá ola, agus mar sin, airgead aige, chun a lán diabhlaíochta a dhéanamh, sa bhaile agus thar sáile.

Ní hamháin go bhfuil daoine ann a ghlacann lena chuid cacamais agus a chreideann gur fear na ndaoine atá ann, ach tá daoine ann sna Stáit Aontaithe fiú, atá sásta a chuid bolscaireachta a scaipeadh. Bíonn fógraí ar an teilifís agus ar an raidió a deir go bhfuil Chavez chun ola a thabhairt do na daoine bochta anseo, féachaint nach bhfuil a rialtas féin i Meiriceá chun iad a chabhrú. Magairlí atá air, gan aon agó. Agus níl ciall ar bith ag a chuid úrlabhraithe, ná náire.

Mar sin, má tá tú cairdiúil le gach duine olc ar domhan, má mhaíonn tú gur sóisialaí ar son na ndaoine beaga thú, agus is dócha má tá airgead is ola agat, tá cairde agat i measc lucht na heite clé. Is cuma faoi na daoine atá thíos leat. Bristear uibheacha chun uibheagán a dhéanamh. Ba é an diabhal féin é Bush, agus mar sin, is Naomh é Chavez.

Go bhfaighe sé bás go luath. Nó go bhfaighe a thír réidh leis, ar aon nós, chomh luath agus is féidir. Le cúnamh Dé, beidh uachtarán nua againn araon i mbliana...



4 comments:

Fearn said...

"Go bhfaighe sé bás go luath."

Ó, mo dhíth is mo chreach!

Aon seans go bhfuil tú ag iarraidh breith do bhéil fhéin ortsa fhéin?


Fearn

Séamas Poncán said...

Mo ghrá thú, freisin, a Fhirn.

Fearn said...

An ionann sin is a rá nach bhfuil tú ag iarraidh mo bhás luath??

Séamas Poncán said...

Go bhfios dom, más féidir liom talamh slán a dhéanamh de nach Hugo ná Fidel ná Mahmoud ná aon duine dá leithéid thú...