Wednesday, January 18, 2012

Apologia Altera Pro Vita Israel

Cúpla focal nua daoibh, b'fhéidir. Cosúil le hasbara... Fuair mé an focal Eabhraise sin ar bhlagmhír de chuid Grá Faoi Ghruaim, agus fuair sise ar Nótaí Imill é, agus fuair seisean ó shuíomh frith-Iosraelach é, a úsáideann focal eile iasachta, apartheid (dá dtuigfidís é!).

Is oth liom a rá gur féidir le duine deas rudaí olca a rá is a smaoineamh. Fiú i ngan fhios dó. Go háirithe nuair a bhíonn claonadh seanbhunaithe i gceist, atá domhainfhréamhaithe sa tsochaí. Agus droch-chlaonadh in aghaidh Iosrael a fhaightear go rí-mhinic i measc na nÉireannach, faraor. Tá an mhír seo ann mar fhreagra ar an méid a scríobhadh ar GFG.

Dar le loighic na blagmhíre sin, níl meas ar bith ag rialtas na hÉireann ar thiománaithe! Mar goidtear carranna in Éirinn! Mar nuair a dhéantar rud mídhleathach in Iosrael, tá an tír go léir ciontach as, de réir dealraimh. Níl sé de cheart ag fir Iosrael, fiú na diancheartchreidmhigh, mná a bhrú go cúl an bhus. Agus cuireadh cosc ar an duine sa scéal áirithe atá i gceist. Sea, is sean nós Giúdach na mná a choimeád scaraithe ó na fir, agus ba mhaith le roinnt daoine sin a chur i bhfeidmh sa tsochaí go léir. Ach ní tharlóidh.

Dar ndóigh, bíonn an dearcadh céanna sin ag an móramh sna tíortha mórthimpeall ar Iosrael. Is beag ceart a bhíonn ag bean sna tíortha Muslamacha. Ach is cuma sin, is dócha - fiú go mbíonn a leithéid "dleathach" agus brúite ar an uile bhean sna tíortha sin...

Tá cearta daonna láidir in Iosrael. Tá gach saghas duine ann. Tá meas ar an dlí is ar an duine ansin, fiú ar dhaoine a bhfuil nósanna acu atá glan díreach in aghaidh chreideamh mhóramh na nGiúdach. Deirtear, mar shampla, gur Tel Aviv an chaithear aereach is fearr ar domhain. Cá bhfuil a leithéid i dtír Mhuslamach? Bhuel, dar ndóigh, maraítear daoine aeracha sna tíortha sin...

Rud eile a mhaítear ná go bhfuil Iosrael, a bhfuil na milliúin naimhde mórthimpeall uirthi agus a bhíonn faoi bhagairt a báis i gcónaí, tír atá 'faoi léigear,' mar atá, maítear, má thuigim i gceart é, go bhfuil na hArabaigh faoi léigear aicise. Is ait an mac an saol.

Ach fiú go bhfuil na fíricí trína chéile, tá fadhb eile ag GFG. Níor cheap mé go raibh cead ag muintir na hÉireann locht a fháil ar cheartchreidmhaigh radacacha Iosrael - nó fiú ar chreideamh éinne sa bhaile... mar tá an chéad chéim i dtro Searagha ina dlí, nó nach bhfuil? Ní cheadaítear don Éireannach ceartchreidmheach aon rud olc a rá faoi chreideamh ar bith, nó an bhfuil dul amú orm? Tá níos mó saoirse in Iosrael (cé go bhfuil dlí cosúil leis ann (alt 173 sa chód), nach gcuirtear i leith éinne, le fírinne).

Is léir d'aon duine nach bhfuil réamhchlaonadh air, go bhfuil cearta ag mná in Iosrael, nach bhfuil aon apartheid ansin, nach bhfuil Iosrael ag ionsaí a comharsana ach go bhfuil sí féin timpeallaithe le tíortha neamhdeacha. An scéal ar fad atá bun os cion ag GFG sa mhír thuasluaite, dar liom. Aontaím léi gur olc an rud é mná a chur faoi chois. Is féidir, ámh, seasamh a dhéanamh in aghaidh ruda oilc gan rudaí olca a rá faoi dhaoine neachchiontacha. Tá meas agam ar na dea-smaointe a fhaightear ar an mblag sin. Ach mar ba mheasla poiblí ar Iosrael an mhír sin, bhí gá agam freagra poiblí a dhéanamh. Ar son na fírinne, mar hasbara, apologia.

Mar aguisín:

Seo scéal faoi fhadhbanna leis na lonnaitheoirí radacacha Iosraelacha. Déan comporáid leis an scéal seo faoi na mná Palaistíneacha. Tá difear an-mhór idir an dá phobal, dar liomsa.

Is rud dearfach é hasbara, dála an scéil.

5 comments:

Dennis King said...

Tá dhá dhream in Israel nach dtaitníonn liom ar chor ar bith: na Haredim, atá an-chosúil leis na Salafis, agus na lonnaitheoirí radacacha. Ní maith lena lán daoine in Israel iad ach oiread. Cuireann an dá dhream seo scáth orthu. (Is léitheoir Haaretz mé, ar ndóigh.)

Rud eile nach maith liom, dála an scéil: an dóigh a litrigh tú “sharia” i nGaeilge. Ní raibh mé in ann bun ná barr a dhéanamh de.
;-)

Séamas Poncán said...

Litríodh de réir mar a fhuaimnítear anseo é - ní fheadar an ceart nó mícheart sin...

Dennis King said...

"Sharia" atá focal.ie. So-aitheanta, ar aon nós!

Néidí said...

1.Ní thugann udaráis ar bith cead do dhaoine caranna a ghoid. Tugann udaráis thall cead don deighilt..

2. Tagann Haredim ó lár an ochtú cead déag. Ní chreidim go bhfuil an deighilt seanbhunaithe ag Giúdaigh. Fiú dá mbeadh, ní chiallaíonn sé go bhfuil sé i gceart.

3. Ní thuigim céard atá i gceist maidir le Sharia in Éirinn.Tá's agat go ansa linn muiceol is an teach tábhairne. Is aoibhinn linn caint ar reiligiúin freisin.

4.Tá gach duine claonta. Níl a leithéid de dhuine ann nach bhfuil claonta. ná iriseoir a thugann an dá thaobh. Creidim go bhfuil an claonadh ionainn ón ár muintir a tháinig romhainn agus iad siúd atá beo anois.

5. Tá sáreolas againn ar chéad a tharlaíonn i dtíortha moslamacha. Ní raibheas ag caint orthu siúd ach céard a tharlaíonn i dtír atá in ainm is a bheith cosúil linn. Tá codarsnachta móra in Iosrael.

6. Ní cuma sárú cearta, is cuma cá tharlaíonn sé. Iosrael nó mo thír álainn féin san áireamh.

7. Níl Iosrael faoi léigear. Tá cead acu cibé rud is mian leo a dhéanamh. Ní amhlaidh atá an scéal do mhuintir Gaza nó do Chríostaithe Iarúsaléim a bhíonn deacrachtaí acu go minic dul go haifrinn i mBeithil oíche Nollag.

8.Ní dúirt mé go raibh na daoine ciontach ach go raibh an sochaí ciontach. Bhí agóid ag na daoine neamhciontacha ach ar thug an sochaí cead dó seo titim amach?

9.Fuaireas gach eolas atá scríofa agam ar mo bhlag ó meáin Iosrael. Ní raibh dada scríofa faoi, fad is eol dom, i meáin na hÉireann mar go raibh an Nollaig linn. Chomh maith le halt ar na deacrachtaí atá ag ambasaidí mar gheall air go léir. Is cosúil go raibh ailt i do thír féin ag déanamh comparáide idir an Haredim is an Talliban.

10.Is oth liom go gceapann tú go raibheas ag maslú Iosrael mar go bhfuil fuath seanbhunaithe agam don tír. Bhíos ann go mionminic agus tá an malairt fíor. Ceapann,áfach, go bhfuil siad ar an mbóthar mícheart, rud a chreidim faoi mo thír féin freisin.

Ceapaim go bhfuil a dhótháin ráite agam. Súil agam go dtuigeann tú leat mé anois

Séamas Poncán said...

Maith go leor, a Néidí. Nílimid rófhad óna chéile, is dócha. Sílim gur maith an comparáid idir na Haredim is an Taliban. Ach amháin go bhfuil an Taliban i bhfad níos inghlactha i measc na Muslamach.