Wednesday, November 02, 2011

Michael D. Higgins, mo Léan

*Osna*

Bhuel, rinne sé cúpla rud maith don Ghaeilge, ar a laghad. Agus níl fíor-chumhacht aige mar uachtarán, buíochas le Dia. Ach is olc an scéal é gur roghnaíodh duine le tuairimí chomh dona agus chomh baolach agus atá ag Higgins. Is Gaeilgeoir é, agus ní nach ionadh, duine den eite chlé. Agus duine ar fuath leis Meiriceá, ar fuath leis Iosrael, ar mhaith leis Arafat agus na sceimhlitheoirí Palaistíneacha go léir. Ceapann sé gur rud olc é an caipitleachas. Is maith leis Castro agus Ortega (amadán úsáideach eile is ea é, is léir). Agus dar ndóigh, na rudaí ba mheasa a dúirt sé (bréagacha is maslaí), is dócha go ndúirt sé faoi George W. Bush agus na Stáit Aontaithe san Iaráic iad.

Beidh fáilte is fiche roimhe i measc lucht na Gaeilge ar an idirlíon, mo léan géar. Ach níl anseo, cinnte.

Cosúil le cartún a dhéanfaí d'Éireannach de chuid na heite clé is ea é. Agus anois, urlabhraí na hÉireann atá ann. Ní thiocfaidh aon mhaith as sin, dar liom. Fiú má dhéanann sé aon rud ar son na Gaeilge, tharraingeodh sé droch-chlú air mar gheall ar a dhearcadh polaitiúil radacach, dar liom. Is mór an trua go mbeidh íomhá mar sin d'Éirinn os comhair an tsaoil.

Ní minic a chuirim a lán suime i bpolaitíocht na hÉireann (a mhalairt den mhéid suime a chuireann Éireannaigh i bpolaitíocht Mheiriceá...). Ach tá áthas orm nach urlabhraí domsa é (cé nach bhfuil O'Bama i bhfad níos fearr...).

Beimidne ceart go leor i ndiaidh O'Bama, le cúnamh Dé, agus beidh sibhse ceart go leor i ndiaidh an duine bhaoith seo. Ní féidir le ceachtar acu an uile rud a scriosadh. Go mairimid beo. Is go tsaora Dia sinn ón olc.


9 comments:

Mark Humphrys said...

Thanks for the link and apologies for the Bearla.

When I saw you write in Irish I assumed you were going to attack me! (*) I was startled to discover this was not the case.

(*) Sadly, it is my experience that all gaeilgeoirs around here are pro-PLO. Nice to see some free thinking out there!

Séamas Poncán said...

An rud is annamh is iontach. A couple of us exist!

Fearn said...

Cé mhéad duine ar fuath leo thú anois, a Shéamuis? *Osna*

Séamas Poncán said...

Mura fuath leo mise, níl mo jab déanta i gceart agam...

Fearn said...

Cad é an jab??

An ea nach bhfuil tú ag labhairt thar do cheann fhéin??

Séamas Poncán said...

Dá mbeinnse i mo shaineolaí ar chúrsaí polaitíochta na hÉireann, mar atá gach Éireannach, cheapfá, ar chúrsaí polaitíochta an domhain... Ach pé scéal, níl sé deacair an saghas duine seo a aithint. Ba chóir dó fanacht le cúrsaí cultúrtha amháin, ach nílim cinnte go mbeadh sin sábhálta fiú.

Is é mo jab chun cleatráil a dhéanamh ar bhur gcaighean (agus dar liom, an fhírinne shearbh a nochtú daoibh)...

Fearn said...

"cleatráil a dhéanamh ar bhur gcaighean " ??

.i. gláimíntacht ??


Tuige nach dtéann tú i mbun loighce agus caolagróireachta? Nach gcuirfeadh sin le comhthuigse?

Séamas Poncán said...

Leag mé na fíricí amach. Níl gá argóint a dhéanamh sa chás seo. Is iomaí uair a rinne mé mo chás maidir le gach fadhb atá ag mo dhuine. Maidir le chomhthuiscint, bhuel, nuair a eitlíonn muca, b'fhéidir...

Fearn said...

$Leag mé na fíricí amach.
€Leag tú tuairimí ar fhicicí a fhóir dhuit

$ Níl gá argóint a dhéanamh sa chás seo.
€Is gá soiléiriú.

$ Is iomaí uair a rinne mé mo chás maidir le gach fadhb atá ag mo dhuine.
€ Tuige a tharraingíonn tú an scéal anuas arís muna bhfuil tú ar son a phlé arís?

$ Maidir le chomhthuiscint, bhuel, nuair a eitlíonn muca, b'fhéidir...
€ Aon seans nach bhfuil tú ar son muca le sciatháin????