Tuesday, October 18, 2011

Botúin Iosrael

Maraon le mórán daoine eile sa saol sibhialta, bhíos ag guí ar son teacht abhaile slán Gilad Shalit le fada. Fuadaíodh é blianta ó shin, agus ní raibh Iosrael ábalta é a fháil ar ais ó na sceimhlitheoirí. Tá sé fíor-thábhachtach gach ball de fhorsaí míleata Iosrael a chosaint is aon rud is féidir a dhéanamh chun iad a choimeád slán. Ach tá dualgaisí eile ag an rialtas, agus an ceann is mó ná gach saoránach a choimeád slán.

Ní hé seo an chéad uair gur tharla, ach is tubaiste é mar sin féin, go ndearna Iosrael margadh leis an diabhal chun Gilad a fháil ar ais. Scaoil siad saor cúpla céad sceimhlitheoirí, agus beidh breis is míle díobh saor i ndeireadh na dála. Fáilteofar iad abhaile mar laochra i measc na nArabach Palaistíneach, cé gur dúnmharfóirí a lán díobh. Is cinnte go mbeidh an móramh ag fearadh sceimhlitheoireachta ar Iosrael san am amach romhainn. Cuireadh muintir Iosrael i mbaol mar gheall ar dhuine amháin. Ní raibh sé sin ceart, agus ní dhéanfaidh sé maith ar bith do Iosrael mar thír.

Tuigeann na sceimhlitheoirí gur mór is fiú dóibh saighdeoirí Iosrael a fhuadach. Tuigeann siad go mbíonn seans ag sceimhlitheoirí nach maraítear a saoirse a bhaint amach pé rud uafásach a dhéanann siad. Agus i mo thuairim féin, tuigeann siad go bhfuil Iosrael lag ina n-aghaidh. Níl aon dabht ach go ndéanfar ionsaithe eile ar Iosrael, b'fhéidir ní ba mhó ná a dhéanfadh gan an drochmhargadh seo. Agus is mór an trua sin.

Céim siar a rinneadh. Ach mar sin féin, is beag an dóchas go ndéanfar céim chun tosaigh leis na hArabaigh Palaistíneacha go deo, ar a laghad go dtí an t-am a nglacann siad le hIosrael mar chomharsa.

3 comments:

Fearn said...

Is aisteach liom go síleann tú gur céim siar an beart seo nó síleann tú gur dúnghaois úr ag an Iosraelach an beart seo.

Le tríocha bliana anuas, rinne an Iosrael malairtiú 7 000 Pailistíneach ar 19 Iosraelach agus taisí ceathrair . M.s in 2004, lig Iosrael saor Pailistíneach (beo)"Samir Kantar" agus dhá tharracóir lán corpán Phailistíneacha mar mhalairt ar ghníomhaí Iosraelach.
Níor thit Iosrael as a chéile fós.

I ndomhanch, shílfeá go mbíonn an Meiriceánach ag foghlaim ó bheartaíocht an Iosraelaigh. Bhí an Iosraelach ag úsáid dróin agus ionsaithe aerga ar son feallmharaithe roimh an Meiriceánach. Seo taictic Uí Bhambairne anois ag an Meiriceánach i bPacastán .

Bhí an Iosraelach ag úsáid sainfhoirne ar son feallmharaithe roimh an Meiriceánach, le blianta anuas, san Eoraip, sa Gheása, agus le déanaí cúpla bliain ó shoin sa Dhúbaidh. Seo taictic eile anois ag an Meiriceánach i bPacastán. Ó Bambairne a thug a bheannacht dó.

B'fhearr le muintir Bhuis carcair ceilte ar fud an domhain, sa Chúba, sa Pholainn agus sa Bhulgáir agus eile. Le fada an lá bhí an tIosraelach á dhéanamh san Iosrael.

Tá lucht na láimhe láidre sa SAM agus san Iosrael i dtuilleamaí a chéile le fada an lá.

Níl aon rud nua faoin ghréin, mar a deireann leabhar naofa an Iúdaigh

Séamas Poncán said...

Drochpholasaí atá ann, fiú nach polasaí nua é. Ach tuigeann siad nach ndéanfadh difear suntasach mura ndéanfaidís, agus faigheann siad a ndaoine ar ais ar a laghad. Cá bhfios nach bhfuil an ceart acu. Níl dea-rogha ar bith acu, agus naimhde gan choinsias mórthimpeall orthu.

Fearn said...

$ faigheann siad a ndaoine ar ais ar a laghad


€ Sin bun agus barr an scéil