Thursday, September 09, 2010

Dubh Dóite

a lán cainte ann faoi dhó chóip an Chóráin. Aontaím le hAonghus den chuid is mó faoi. Ach deir sé go mbeidh daoine ag fáil bháis mar gheall air. Cuir an abairt sin samhail i mo chloigeann. Éigníodh an bhean úd mar bhí sí go hálainn. Maraíodh an fear úd mar ba Ghiúdach é. Goideadh ón nduine siúd mar bhí sé ró-shaibhir. Bualadh an páiste sin mar thug sé masla orm.

Ní bhíonn sé ceart riamh an milleán a chur ar an íospartach.

Níl aon leithscéal ann do choir ina leithéid cainte. Má mharaítear éinne mar gheall ar an mbeart amaideach seo, déanfaidh dúnmharfóir é, agus beidh an locht iomlán airsean. Is fabht ollmhór ar chreideamh má cheaptar ann gur ceart daoine a mharú is a dhícheannú is a phlódú srl. mura n-aontaíonn siad leis. Ní thabharfainn creideamh na síochána ar a leithéid...

Is iomaí Moslamach dea-thola atá ann, gan amhras. Ach tá an iomarca ann atá lán-sásta leis an bhforéigean agus an dúnmhárú. Agus tá an iomarca ann a thugann bualadh bos dóibh. Tá siadsan ciontach freisin. Fiú mura sheasann tú ina n-éadann, tá tú ciontach, ar shlí. Istigh nó amuigh, gan rogha eile, dar liom.

Ní réitíonn creideamh na ndaoine sin le cultúr an Iarthair, mar níl siad sásta cead aighnis a thabhairt d'éinne. Tuigtear coir ar scaipeadh na Críostaíochta sna tíortha Moslamacha. Díbrítear Giúdaigh agus Críostaithe uatha. Tugtar drochíde don lucht Bahá’í. Tá a lán díobh sna tíortha seo an-sásta mionlaigh áirithe de fo-chreidimh Mhoslamacha a mharú is géarleanúint a dhéanamh orthu. Cé acu againn atá le hathrú, agus béasa nua a fhoghlaim?

Sean-choimhlint atá ann, agus tá sé ag éirí níos teo. Seasaimis leis an amadán in Florida, nach maródh duine ar bith, seachas leosan atá á bhagairt le bás.

Dála an scéil, chun a bheith dea-bhéasach do na daoine éadúlangacha siúd, coigistíonn Arm na Stat bíoblaí ó na saighdiúirí san Afghanastáin, mar níl cead acu iad a choimeád ansin. Agus cad a dhéanann siad leo? Dóitear iad.

Cad ina thaobh go mbímid ag géilleadh do na daoine sin? Eagla? Nó drochmhisneach? Nó meath creidimh/cultúra san Iarthar? Níl sé ceart, agus ní dhéanfaidh sé aon mhaith, ach a mhalairt. Táimid chomh dea-bhéasach do na dúnmharfóirí sin go mbeidh buama adamhach acu sul i bhfad (dóbair go bhfuil cheana, sa Phacastáin). Cad a dhéanfaimid ansin?

Ar a laghad, cé go mbíonn eagla orainn roimh an Moslamachas míleata, ní bhaintear feidhm as sin mar chúis fhoréigin (ach amháin nuair a fhearann siad cogadh ar thíortha eile, nó a bhíonn siad ar tí sin a dhéanamh). A mhalairt scéil maidir leo siúd ar a bhfuil eagla orthu roimh an gCríostaíocht.

Seo alt fiúntach eile ar an gconspóid seo (as Béarla) a mholaim. Agus seo ceann eile.

Ná géillimis go deo!

10 comments:

aonghus said...

Cá bhfuilim ag cuir an milleán ar an íospartach? Ní íospartach é Jones. Agus cinnte dearfa ní íospartaigh lucht na meáin atá ag scaipeadh an scéal seo faoi mion fhigiúir forimeallach amhail is dá mba ceannaire Críostaí mór le rá é.

Cui bono?

Séamas Poncán said...

Mar a dúirt mé aontaím leat den chuid is mó. Ach má dhéantar aon dochar do dhaoine mar gheall ar aon rud chomh hamaideach agus a bhí ar intinn ag an bhfear seo, cé ar a bhfuil an locht is mó? Dá ndéanfadh aon dochar dósan, bheadh sé ina íospartach, gan dabht. Spreagfeadh sé an olc, cinnte, ach ba olc é mar sin féin, olc i bhfad ní ba mheasa ná dó leabhar.

aonghus said...

Tá, gan amhras, an príomh locht ar an duine a rinne an gníomh. I gcónaí.

Tá, áfach, freagracht ar dhaoine eile gan spreagadh a thabhairt d'aon ghnó.

Rud amháin cuir i gcoinne antoiscigh: tríd argóintí, poiblíocht agus thar aon rud eile tríd an dlí a chuir i feidhm gan cíos, cás ná cathú.

Rud eile fuath a spreagadh agus a ghríosú d'aon ghnó.

Tugann saoirse cainte cead do Jones an rud is mian leis a dhéanamh. Ach níl aon dualgas ar na meáin trácht air - ach go háirithe, níl aon bhunús leis an trácht air amhail is go mba rud thábhachtach atá á dhéanamh aige.

Níl ansin ach tuathghríosadh.

Agus bí cinnte nach ar mhaithe le éisteacht níos fearr a thabhairt do theachtaireacht na Críostaíochta atáthar á dhéanamh.

Foireann sé go breá do lucht na meáin chuir in iúl gur daoine gan stuaim, nach bhfuil le trust le saoirse, is ea gach creidmheach.

Daoine baolacha, ar gá a gcuid cearta a srianadh.

Séamas Poncán said...

Bhíos leat go dtí an deireadh, a chara. Níl sé de cheart againn a chuid cearta a bhaint d'aon duine.
Níor léigh mé faoina thuairimí ná a chuspóirí. An fuath atá i gceist? Ní fheadar. Tá an ceart aige a rogha rud a dhó. Cé nach mbeadh sé ceart sin a dhéanamh.

aonghus said...

Ní hé sin mo thuairimse, ag deireadh. Ach sílim go bhfuil an tuairim sin forleathan sna meáin.

Ar léigh tú an méid a dúirt an tEaspag Chaput?

Séamas Poncán said...

ceann seo go maith.

Séamas Poncán said...

Tá an t-alt a luann tú an-fhada. Léigh mé roinnt de agus chaith mé sracfhéachaint ar an chuid eile de. Baineann "the cost of cowardice, collaboration and self-delusion in the face of evil" le hábhar, ach ní fheicim aon bhaint eile. Cad a bhí ar intinn agat?

Mise Áine said...

@ 'Seasaimis leis an amadán in Florida, nach maródh duine ar bith, seachas leosan atá á bhagairt le bás.'

Ní dóigh liom go 'seasfainn' le lucht na bagartha, is cuma cén taobh/creideamh lena mbainfeadh siad, a Shéamais.

Go raibh maith agat as m'aird a tharraingt ar an alt sin ó Mona Charen. An-suimiúil...

aonghus said...

Ón alt:
To put it another way: The Enlightenment-derived worldview that gave rise to the great murder ideologies of the last century remains very much alive. Its language is softer, its intentions seem kinder, and its face is friendlier. But its underlying impulse hasn’t changed – i.e., the dream of building a society apart from God; a world where men and women might live wholly sufficient unto themselves, satisfying their needs and desires through their own ingenuity.

This vision presumes a frankly “post-Christian” world ruled by rationality, technology and good social engineering. Religion has a place in this worldview, but only as an individual lifestyle accessory. People are free to worship and believe whatever they want, so long as they keep their beliefs to themselves and do not presume to intrude their religious idiosyncrasies on the workings of government, the economy, or culture.


Sin, sílim atá taobh thiar de díriú isteach ar duine a thógann raic faoi bhratach an chreideamh.

Séamas Poncán said...

Is breá leis na meáin amadán a fháil atá ina Chríostaí, cinnte. Sin an bhaint atá ann, dar leat, a Aonghus?
A Áine, ní raibh an fear sin i bhFlorida ag bagairt ar éinne. Bíonn a lán Moslamach ag bagairt ar aon duine a thaispeánann dímheas dá gcreideamh.