Thursday, May 06, 2010

Tír na bhFiacha is Mó

Tá geilleagar an domhain ina phraiseach inniu mar gheall ar an nGréig agus an Eoraip i gcoitinne. Ach ní hí an Ghréig an tír is measa. Sasana? Beagnach. Faraor, an tír is measa, dar leis an suíomh seo, sin Éire.

Dar leis an suíomh seo, tá Monaco níos measa fós... Ach ar an mbunfhoinse a luann siad, tá Éire ag barr an liosta.

Agus más fiacha ón taobh amuigh atá i gceist, tá a lán tíortha níos measa...na Stáit Aontaithe an ceann is measa.

Táimid go léir sa bhfaopach. Ní mór dúinn níos mó airgid a chaitheamh!

4 comments:

Dennis King said...

Amach leis an tíogar.
Isteach leis an luchóg,
í bíoganach bídeach
cés ollmhór a pruchóg.

:-(

Anonymous said...

Hmm ... sílim go raibh an tíogar ag spraoi leis an clóphreas.

Concubhar said...

Gan amhras cé fhag sinn san fhaopach ach na polaiteoirí den eite dheis a lig don mhargadh a rogha rud a dhéanamh beag bheann ar chiall nó réasún nó rialacha.....Go raibh maith agaibh George W. Bush agus a cháirde.....

Séamas Poncán said...

An-ghreannmhar, a Choncubhair! Is iomaí rud a chuirtear i leith GWB, ach geilleagar na hÉireann? Agus an locht a bhí air gan amhras ná gur chaith sé an iomarca airgid agus gur mhéadaigh sé an córas sóisialach sa tír seo.