Wednesday, March 10, 2010

Siopa Leabhar Naitsíoch Bhaile Átha Cliatha

Chonaic mé grianghraf de shiopa leabhar cumannach (dúirt an comhartha) i mBaile Átha Cliatha in Saol (Connolly's?), tamall ó shin, agus tá sé ag dó na geirbe orm ó shin. Tá a fhios agam gur iomaí duine saonta atá in Éirinn a chreideann an seanbhréag go ndearna na cumannaigh botúin, ach go raibh dea-thoil acu, agus dá ndéanfadh i gceart é...!

Is dhá shaghas sóisialachais iad an cumannachas ags an faisisteachas. Féach ainm an pháirtí as a dtagann an focal sin naitsí - Nationalsozialismus (sóisialachas náisiúnta). Féach a gcuid polasaithe. Agus féach go mbraitheann an dá shaghas araon ar an bhforéigin is an murdar. I gcónaí, gan eisceacht. Dea-chaint agus comharthaí a bhíonn acu go minic, ach gníomhartha gránna i gcónaí. Sea, bhraith an naitsíochas ar an gciníochas, cinnte, ach níor bhraith an faisisticheas air i gcónaí. Bíonn cumannaithe sásta daoine a mharú mar gheall ar chéim (agus an iliomad cúis eile...), seachas cine. Cé acu is fearr, dar leat?

Mar sin, má táthar sásta go bhfuil siopa cumannach ann, cén fáth nach mbeadh siopa naitsíoch ann? Ba bheag an difear. Agus má dhíoltar t-léinte de Ché Guevara, cén fáth nach ndíoltar t-léinte de Mussolini nó Goebels? Nó fiú Beria? Ahhh, dúnmharfóir deas ab ea Ché, an dtuigeann tú.

Tamall ó shin, bhí mé ag cóisir ag caint le triúir. As tíortha éagsúla sinn go léir. Beirt as tíortha iar-chumannacha. Thosaigh an duine eile cur síos a dhéanamh ar bhuntáistí an tsóisialachais. Ní dúirt na daoine eile mórán. Bhí a fhios acu gur amaideach mo dhuine. Ní dóigh liom go mbíonn mórán Polannach ag ceannach na leabhar cumannach i mBaile Átha Cliatha ach oiread.

4 comments:

Dubhaltach said...

A thiarna, seo an Foxnews de bhlagadóireacht, agus gach rud chomh greannmhar i dtaobh an t-aineolas de!
Grma, bhain mé an-spraoi as.

Ach i ndáiríre an gcreideann an méid atá ráite agatsa thuas?

Néidí said...

Beidh orm cuairt a thabhairt ar siopa leabhar Uí Chonghaile arís ach cheannaigh mé na leabhair seo ann cheanna-
1.Modern Ireland- a very short introduction le Senia Pašeta.
2. Our own red blood-the story of the 1916 rising by Seán Cronin.
3.James Connolly - Selected writtings.
4. Irish Volunteers for Spain le Raymond John Quinn
5. The End of Poverty How we can make it happen in our lifetime le Jeffery Sachs
6. Pedagogy of the oppressed le Paulo Freire
7. Irish Syllabic Poetry 1200-1600 le Eleanor Knott.
8. The Irish Bardic Poet le James Carney
9.Fair Trade for all - how trade can promote development le Joseph E. Stiglitz agus Andrew Charlton.
10.Final Witness - My journey from the holocaust to Ireland le Zoltan Zinn Collis.
níl sé seo ach roinnt de na leabhair. Beidh leabhar eile agam riamh deireadh na seachtaine. Bhí dearmad glan déanta agam faoin siopa seo. grma.
grma as ucht an siopa a chur i gcuimhne dhomhsa.

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Seans gur bhain na Naitsithe agus na Cumannaigh araon mí-úsáid as an fhocal 'sóisialachas'.
Is trua liom go bhfuil an focal fuadaithe ag an eite chlé san am i láthair, ar an dóigh chéanna go bhfuil focail ar nós 'tírghrá', 'náisiúnachas', 'mórtas cine' luaite leis an eite dheis.
Domhsa, má deir duine "Is sóisialaí mé" nó "Is caipitlí mé", níl sé ach á chur féin i mbocsa. Tá an duine i bhfad níos casta ná lipéad. Nach féidir leis an uinéir comhlachta idirnáisiúnta cúram a chomhdhaoine a bheith ina chás aige? Nach féidir leis an oibrí bocht a bheith ag iarraidh saibhreas mór a bhaint amach dó féin? Nach féidir leis an ghnáthduine an dá rud a iarraidh?
Tá lochtanna go leor ar an sóisialachas, mar atá ar an chaipitleachas. Ní chuidíonn sé le héinne ceann amháin acu a bheith ag caitheamh anuas ar an cheann eile. Ba chóir dúinn amharc orthu mar uirlisí chun deileáil leis an tsaol atá againn, agus ní mar lipéid chun ionsaí a dhéanamh ar dhaoine.

Séamas Poncán said...

Is fíor nach bhfuil aon rialtas caipitleach ann nach bhfuil blaiseadh den sóisialachas fite fuite ann leis, agus tá áit ann do roinnt dá leithéid, b'fhéidir (níl aon dul as sa lá atá inniu ann). Ach mar theoiric agus mar a chleachtaítear, níl aon mhaith sa chumannachas. Fiú má ghlactar leis mar rud maith 'ar pár,' sa fíor-shaol, ní féidir. Mar a rinne na faisistigh, ba mhaith leo beatha gach duine a stiúradh (agus iad féin a dhéanamh ina ndia-íní). Chun sin a dhéanamh, ní mór a bheith brúidiúil agus daoine a mhárú. Tá an-difear idir sinn agus blaiseadh an sóisialachais. Baineann siad le cumhacht amháin, agus droch-úsáid na cumhachta sin.