Monday, May 18, 2009

Idir Dhá Chomhar

Fuair mé litir an-deas sa phost an tseachtain seo caite, ó bhord stiúrtha Comhar. Bhíodh síntiús agam, ach níor athnuaigh mé é, tar éis na gconspóidí is uile. Seoladh an dá chóip ba dhéanaí chugam i dteannta leis an litir. Bhí ceann díobh agam cheana, mar bhí scéal agam ann. An ceann eile, ceiliúrann sé Ó Bama. Tá a phictiúr ar an gclúdach, agus ar a laghad ceithre alt á mholadh. B'ionadh liom nach raibh 'centerfold' nocht de ann. Táim á léamh fós (cé nár léigh mé gach a bhfuil ann), agus idir dhá chomhairle maidir le síntiús a ghlacadh arís.

Níl an t-eagarthóir nua ann ach le seal, ach sna cinn a rinne sé go fóill, ní raibh mórán den tseanchaighdeán ann, agus cheap mé go raibh siad lag agus leamh.

Bhíodh ailt amaideacha ann i gcónaí maidir leis an bpolaitíocht, agus maslaí do Mheiriceá srl. ann, ach bhíodh siad sásta mo fhreagraí a fhoilsiú, freisin. Níor mhiste liom ábhar a sholáthair dóibh, agus b'iadsan amháin a d'íoc as ar shlí go bhfuair mé an t-airgead gan fadhb ar bith. Ar an lámh eile, níor iarr siad orm riamh aon rud a scríobh roimh ré. Ba chara do Comhar mé, ach ní bhíodh sé éasca i gcónaí. Bhí deis ann é a fheabhsú, ach ní dóigh liom go dtapaíodh an deis sin.

Tá ár n-iris féin againn anois, agus ní gá dom scríobh d'éinne eile, is dócha, cé go ndéanaim fós. Níl aon droch-ghuí agam do Comhar. Guím gach rath air. Ach níl a fhios agam an bhfuil mé sásta íoc as. Bíonn an iomarca de adhradh BHO le feiscint anseo cheana, agus a leithéid. Beidh ábhar i bhfad níos fearr in An Gael - ficsean agus filíocht, den chuid is mó - agus níl mórán de sin fós in Comhar. Níl na húdair ab fhearr liom ann níos mó, ach oiread.

Ní dhearna mé socrú go fóill, ach táim ag smaoineamh nach bhfaighfidh mé é. Tá an iomarca le léamh agam, agus níl sé tarraingteach go leor, dar liom.

2 comments:

aonghus said...

Táimse idir dhá chomhairle freisin, ach tá roinnt eagráin le dul fós sula dtagann deireadh le'm sintúis. Ba cheart duit do chúiseanna a lua le Pól, sílim. Rud a dheanfaidh mise nuair a thagaim ar chinne.

Féach an t-aon rian atá acu ar an idirlíon

Séamas Poncán said...

Chríochnaigh mé é. An léirmheas atá ann, tá sé beagnach do-léite, dar liom. Cinn lae ar fud na háite agus scéilín faoin dul ar ollscoil, sin uile. Ní fiú an t-airgead an méad sin, i mo thuairim. Inis dom má thagann feabhas air.