Ar an taobh Críostaí, tuigtear gur peacaí gach duine. Bhí mórán le rá ag Naomh Eoin ar an ábhar seo. Ní féidir a rá gur Críostaí tú agus a mhalairt saoil agat. Má mhaíonn duine go bhfuil sé ag leanúint Críost, ach nach ngránn sé daoine eile, is fimíneach é. Ach níl éinne foirfe. Má mhaíonn duine nach peacach é, tá sé ag insint bréige (1 Eoin, 1:6 - 2:12 srl.). Bíonn gá againn le maithúnas agus le cábhair Dé. Pé locht atá orainn, déanaimid ár ndícheall chun an rud ceart a dhéanamh, má táimid i ndáiríre. Ach dar ndóigh, is iomaí fimíneach a bhíonn ann san Eaglais, mar a sagairt a mholann do gach éinne bheith gan cúrsaí gnéis mhíchearta, a bhualann craiceann le buachaillí. Ní ionann sin agus nach fíor an moladh a rinne an sagairt sin, mar sin féin.
"L'hypocrisie est un hommage que le vice rend à la vertu." - La Rochefoucauld
An Críostaí a dhéanann rud mícheart, tuigeann sé gur mícheart é, de ghnáth. Nó tá sé ag cur i gcéill gur Críostaí é.
An té nach dtuigeann an Chríostaíocht, ceapann sé nach bhfeiceann Críostaí peaca ach i ndaoine eile. Tá daoine mar sin ann, ach ní hé sin teachtaireacht Chríost (féach Maitiú 7:3-5). Is féidir le Críostaí botúin a dhéanamh agus fós bheith ina Chríostaí.
Is fíochmhar na hionsaithe a dhéantar ar aon duine a sheasann le teagasc Críostaíochta, minic go leor. Cúpla sampla le déanaí ná na hionsaithe a dhéantar ar Carrie Prejean agus Bristol Palin (mar ionadaí dá máthair). Creidtear nach féidir le Críostaí a mhaíomh nach ceart gnéas lasmuigh den phósadh, nuair a rinne a hiníon botúin agus níor lean sí an teagasc sin. Agus creidtear nach féidir a bheith ar son an phósta mar a thuigtear é leis na cianta, agus bheith i do dhuine maith (go háirithe má dhearna tú botúin nuair a bhí tú óg). Ach mar a thuigimidne é, is fearr a bheith ag seasamh leis an bhfírinne agus gan a bheith foirfe, ná bheith i gcoinne an fhírinne agus ag maíomh gur foirfe tú. Nó fiú bheith i gcoinne teagasc Dé mar a thuigimid é mar gheall ar locht ar bith ionainn féin.
Is iomaí duine frith-Chríostaí a mhaíonn nach bhfuil ann ach an fhírinne mar a thuigeann siadsan í. Sin an t-aon rud a cheapann Críostaithe. Cuireann Críostaithe a gcás i láthair, agus mura n-aontaíonn tú leis, ní Críostaí tú. Aon duine nach n-aontaíonn leis na frithChríostaithe, is anathema é dóibh, cé nach raibh an duine sin ina bhall sa chreideamh gan Dia sin. Is sampla den éadúlaingt an duine nach n-aontíonn leo, agus níl cead ag éinne tuairim mar sin a nochtadh. Is fuath leo aon duine mar sin, agus déanann siad gach iarracht chun an duine sin a scriosadh os comhair an tsaoil. Mar is iadsan lucht na caoinfhualaingthe, dar ndóigh, na Daoine Maithe. Ní cheadaítear aon easaontas.
Tráth dá raibh, nuair a bhí gach duine i dtír áirithe in ainm is a bheith ina Chríostaí, nó (mar an t-aon rogha eile) a bheith i gcoinne an rialtais, bhí an éadualaingt chéanna ann. Ach ní raibh sé ann ar son na caoinfhualaingthe! Mar a tharlaíonn, tá saoirse coinsiais ann sa lá atá inniu ann. Tá saoirse creidimh ann (sna tíortha sibhialta, mar na Stáit Aontaithe agus Éire). Foghlaimíodh narbh aon toradh maith ar an éadualaingt sin. Ach tá siad ann anois ar mhaith leo a gcreideamh gan Dia a bhrú orainn go léir, ar son na caoinfhualaingthe, mar dhea. Nach í sin an fhimíneacht?
“Where there is no religion, hypocrisy becomes good taste” - George Bernard Shaw
Nó an é go bhfuil daoine ann ar an dá thaobh a thuigeann cad is fimíneacht ann, agus níl ann ach easaontas maidir le cad is fírinne ann? Ceist mhaith a bhí ag Píoláid (Eoin 18:38). Is tábhachtach an freagra.
No comments:
Post a Comment