Tuesday, September 11, 2007

Sé Bliana

Lá cuimhneacháin atá ann inniu. Rinneadh ionsaí uafásach orainn sé bliana ó shin. Tá na Daonlaithigh ag iarraidh fós géilleadh sa chogadh a tosaíodh ansin. Ach buíochas le Dia, níl siad láidir go leor fós chun an feall sin a chur i gcríoch. Ní maith leo go bhfuil dul chun cinn ann, de réir an ghinearáil is mó san Iaráic. Níor mhaith leo éisteacht leis. Níl meas ar bith acu air, cé go bhfuil sé sa phost sin mar gheall ar a gcuid vótaí féin. Agus go bhfuil sé ag éirí leis i gcoinne na sceimhlitheoirí, Al Quaeda go háirithe, san Iaráic. Ach pé rud a cheapann a leithéid, tá dul chun cinn ann, agus dóchas. Agus nílimid ag géilleadh.

Fuarthas teachtaireacht ó Bhin Laden (mar dhea) chun comóradh eile a dhéanamh ar an lá seo. Tá sé ar aon intinn leis an bpáirtí Daonlathach...agus níl cumhacht go leor aigesean chun an tír seo a scriosadh ach oiread. Má tá sé beo in aon chor.

Tá a chlár oibre ag gach éinne, agus is mór an trua go dtugann daoine áirithe príomháit dá dtuairimí polaitiúla ar lá mar seo. Fiú san Eaglais Chaitliceach anseo, is mó duine a chuir tuairimí amaideacha os comhar na ndaoine, seachas meas cóir a thabhairt don tír seo. Ag an Aifreann inniu, chuala mé faoin "war on terror" idir comharthaí athfhriotail, dar ndóigh, agus an "war on the poor" atá á fhearadh ag an rialtas mar gheall air...cacamas claonta mí-oiriúnach. Agus chuala mé faoina leithéid in áiteanna eile. Ghuí mise ar iadsan a cailleadh, iadsan atá anseo ina ndiaidh, agus ar an saol seo. Go raibh síocháin againn.

Agus chuaigh go dtí mo phost. Mar a rinneamarne go léir ar an lá úd sé bliana ó shin. Tá ár mbreatach ar foluain sa bhaile.
Agus faoi dheireadh, tá siad ag ath-thógáil.

4 comments:

Tomaltach said...

Is fiú go mór an lá a chuimhniú. Trua go ndeachaigh sibh ar strae leis an chogadh san Iaraic, is gan aon bhaint ag an tír sin leis an ionsaí. Chuir sibh bhur n-acmhainní amú sa tír sin, in áit a bheith ag dul ar thóir Al-Qaeda is Bin Laden sna tíortha a bhfuil siad iontu.

Séamas Poncán said...

Ba chóir duit níos mó a fhoghlaim faoin bhfáth go bhfuilim san Iaráic. Níl baint díreach acu leis an ionsaí áirithe sin. Ach ní dúirt éinne go raibh.
Mar atá, táimid ag troid leis na hIarácaigh i gcoinne Al Quaeda san Iaráic. Comhtharlú sin, is dócha.

Tomaltach said...

Chuaigh al-q chuig an Iaraic tar éis dó na Stáit Aontaithe an tír a ghábháil. Ní hé go maithim Saddam as an t-ár a rinne sé ach go gcreidim go ndeachaigh sibhse amú. Más ar thóir Bin L is a chairde a bhí sibh, ní rachadh sibh chuig an Iaraic a ach chuirfeadh sibh 100,000 saighdiúirí sbhreis isteach san afghanastáin. Is seans go gcuirfeadh sibh ní ba mhó brú ar an Phacastáin freisin - áit a oiltear cuid mhór sceibhleitheoirí de chuid al-q.
Rud eile - cén fáth a maslaíonn tú an té nach n-aontaíonn leat "ba chóir duit níos mó a fhoghlaim faoin...". Táim cinnte go ndearna mé a oiread staidéar ar an Iaraic is a rinne tú féin, é sin murar saineolaí ceart tú.

Is dócha go bhfuil an teip shoiléir san Iaraic á do ghoilleadh is nach féidir leat glacadh leis an fhírinne lom: gur tubaiste cheart é an ionsaí ar Iaraic. Is fearr bhur súile a oscailt sa deireadh, le go bhféachfaidh sibh leis an stráitéis a athleasú. Ní cosúil go bhfuil a léithéid ag tarlú sa Teach Bán.

Séamas Poncán said...

An rud is léir duitse, ní léir domsa, agus a mhalairt.