Monday, February 05, 2007

Lá Nua?

Nuair a léim scéal nuachta, bím ag tnúth le nuacht. Bím ag súil le heolas faoin scéal, seachas tuairim duine. Fadó, gach Lá, bhíodh bolscaireacht frith-Mheiriceánach (frith-Bush) ann. Ach le tamall, agus mé ag féachaint ar Lá, níl an méid céanna ann. Tá feabhas ar Lá le fada. Ach inniu (5 Feabhra 2007), tá iarsma den sean-Lá ann.

Tá scéal ‘nuachta’ ann a thugann tuairimí ollaimh (Hossein Askari) as an Iaráin atá ina chónaí sna Stáit anois, agus bíonn sé ag scríobh go bhfuil gach ceart ag an Iaráin chun airm núicléacha a dhéanamh, agus a dtoil a dhéanamh sa Mheánoirthear. Nach bhfuil Meiriceá ag bagairt orthu? Nach bhfuil gach fadhb sa limistéir sin mar gheall ar Mheiriceá? Nach raibh Meiriceá ciontach as an gcogadh leis an Iaráic, a lean deich mbliana? Bhuel, ní léir ón alt go mbíonn an duine seo, atá i gcoinne smachtbhannaí ar an Iaráin, agus i gcoinne cosc nó srian ar bith orthu, de réir dealraimh, ní léir an méid a bhíonn sé ag scríobh ar an ábhar seo ón alt. I bhfírinne, ní thugtar mórán eolais dúinn faoin duine seo. Ach is léir go dtaitníonn a thuairim le Eoghan Ó Néill, an té a scríobh. Mar níl aon tuairim eile ann. Teidil an ailt? Míthuiscint Mheiriceá faoi cheist na hIaráine.

An bhfuil fáthanna ann a mhíníonn dearcadh Mheiriceá? Ní bheadh a fhios ag éinne a léifeadh an t-alt seo. Bíonn Meiriceá (Bush go háirithe) mícheart, tá a fhios ag gach éinne sin. Sin an dearcadh taobh thiar den alt agus den sean-mheoin seo. Aineolas an rud a chothaítear le ‘nuacht’ mar seo.
Tugtar le fios san alt seo go bhfuil nuachtáin Mheiriceá ag cabhrú le Bush chun leithscéal a chumadh maidir le hionsaí a dhéanamh ar an Iaráin. Cacamas amach is amach sin. Scríobh mé anseo cheana faoi na meáin i Meiriceá, agus an dóigh nach dtuigeann na hÉireannaigh cúrsaí nuachta anseo. Agus is nuacht ó phríomhnuachtán na hÉireann as Gaeilge é seo? Is mór an trua sin.

Mar atá, tá fianaise go leor ann go mbíonn an Iaráin ag tacú leis na sceimhlitheoirí san Iaráic, go mbíonn siad ag úsáid buamaí a dhéantar san Iaráin, srl. Is léir go bhfuil droch-thionchar ag an Iaráin ar na tíortha máguaird, mar an Liobáin agus an Phalaistín, agus go mbíonn siad ag tacú leis an sceimhlitheoireacht. Is léir go mbíonn siad ag rá go scriosfaidh siad Iosrael (agus nár tharla an t-uileloscadh). Ach is Cuma le Ó Néill sin. Is dócha nach raibh spás go leor sa nuachtán chun na scéalta sin a insint.

Maidir leis an nGaeilge de, seo an chéad abairt: “Cén tír a rinne an Iaráin a ionradh?” Cad is brí de?
Níos déanaí: “Cad faoi cumhacht núicléach?” [SIC]
Is dócha go raibh an iomarca de ríméad ar Ó Néill go bhfuair sé duine a thacaíonn leis an Iaráin sna Stáit nár bhac sé an iomarca lena cheird.

Caighdeán níos airde, le bhur dtoil, a Lá Nua.

4 comments:

Unknown said...

Rith sé liom go raibh an píosa seo faoi Lá Nua claonta amach.
Is fíor go mbíonn nuachtán laethúil na Gaeilge ag seasamh leo siúd atá thíos leis de bharr ionsaithe na mórstát srl. ach ní féidir a áitiú a thuilleadh go ndéanann sé an iomarca de.
Nach bhfuil claonadh éigin ag nuachtán ar fud an domhain, neart acu ag tacú le polasaí SAM, na Breataine, Iosrael srl?
Is éasca an rud é locht a fháil ar nuachtán beag nach bhfuil na háiseanna céanna acu leis na mórpháipéir - shílfeá go gcuideodh na Gaeil leis an togra seo in ionad gearán a dhéanamh faoi go rúnda.
Má tá locht agat air, scríobh litir nó alt go fiú - tá mé cinnte go mbeidh fáilte mhór roimh ionchur ó áit ar bith.
Oscail d'intinn, cur do bharúil in iúl.

Séamas Poncán said...

Ní fheiceann tú é mar bíonn sé mórthimpeall ort. Is iomaí uair a scríobh mé chucu, agus d'fhoilsíodh siad mo chuid. Ach tá an droch-chlaonadh ann fós. Bhí mé ag súil le fiúntas agus tús nua acu. Táthar ag súil go fóill. Ach níl sé ann.
Tá cúpla alt agam anseo faoin 'leathan-eagantacht.'
Níl aon rud anseo faoi rún. Tá aithne ag Concubhar ormsa.
Féach ar an gclaonadh atá agats, más intinn oscailte atá uait. Seasann an nuachtán ar son na daoine deasa, agus bíonn na tíortha mórtha go holc i gcónaí. Ar cheap tú riamh gur féidir go bhfuil scéal eile ann? Má tá suim agat ann, tá tú san áit ceart. An t-aon áit amháin atá sé le léamh as Gaeilge go rialta, faraor.

Unknown said...

Tá a fhios agam go maith a Shéamais go bhfuil scéal eile ann, bíonn sé sin mórthimpeall orainn chomh maith.
Dar liom gur maith an rud é go bhfuil cainteoirí Gaeilge ann a bhfuil dearcadh eile ar an saol acu ach sílim go bhfuil bealaí ann chun na pointí sin a chur in iúl seachas ionsaí a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge.

Séamas Poncán said...

Dar liomsa, ní ionsaí ach moladh a bhí ann, maidir le conas an nuachtán a fheabhsú. Ba bhreá liom feabhas a fheiscint ann. Agus níl siad chomh dona agus a bhíodh. Ach nílimid ag déanamh aon mhaith dóibh neamhaird a thabhairt dá lochtanna. Ní leor go bhfuil sé as Gaeilge.