Friday, September 08, 2006

Argumentum Ad Nauseum

Is iontach dom an méid daoine atá ann nach dtuigeann na rudaí is bunúsaí. Tá siad ina gcónaí i saol ar an taobh eile den scáthán; bíonn an dubh ina bhán acu. Maidir leis an bpolaitíocht, ar aon nós. Is minic gur daoine an-deasa ar fad iad, ach amháin an éalang seo. Comhluadar deas, cairdiúil, suim sa cheoil acu, srl. Ach ní féidir aon rud a phlé lena leithéid, mar ní ghlacann siad le rudaí atá ina aicsímí bunúsacha. B'fhearr leo gach cliché bréagach a chreideamh, seachas féachaint ar chúrsaí mar atá siad sa saol seo.

Na daoine is fearr díobh, tá a fhios acu nach féidir an pholaitíocht a phlé, agus mar sin, ní dhéanann siad é. Cuirimid go léir i gcéill go bhfuil splanc céille ag an duine eile, agus bímid breá sásta lena chéile. Ach uaireanta, bíonn an fonn sin orthu, agus is deacair iad a sheachaint. Ansin, tosaíonn an síor-achrann, agus bíonn sé orm na rudaí céanna a rá is a athrá, gan éifeacht, de ghnáth. Is annamh an duine ar féidir leis fíricí agus loighic a phlé, mo léan géar. Is cosúil go mbím ag plé dathanna an tsaoil le duine dall.

Ach ar an seans go mbeadh duine díobh siúd ag léamh an bhlaga seo, seo mo chuid den tsíorachrann. Chuir do chuidse ina dhiaidh, agus ath-léamh an méid thíos. Déan amhlaidh go dtagann tuirse go leor ort. Nó, go ndéana Dia trócaire orainn, tuiscint. (Más duine ciallmhar tú, is féidir leat an méid seo a úsáid ina gcoinne, freisin.)

1. Tá difear ann idir bán agus dubh.

2. Tá an mhaith agus an t-olc ann. Ní mór do dhuine foghlaim cé acu an mhaith agus cé acu an t-olc. Tá difear ann. Tá traidisiún fad-shaolta ann ar an ábhar seo.

3. Tá difear ann idir an tsibhialtacht agus an bharbarthacht. Tuigtear go bhfuil an tsibhialtacht go maith, mar tugann sí cosaint do dhaoine, go ginearálta, agus tugann sí rialacha dúinn mar dhaoine. Tugann sí dlíthe dúinn, agus aithníonn sí cearta daonna.

4. Tá difear idir saighdiúir agus sceimhlitheoir. Is cuma faoi mhéid an bhuama atá aige/aici, d’ainneoin an cliché bréagach sin. Baineann an difear leis na rudaí thuas. Baineann sé le cuspóirí agus meáin, leis an údarás agus an gceart. Mar is é seo an coincheap is deacra do mórán daoine, seo samplaí:

a) Siúlann buachaill óg isteach bhus lán de pháistí scoile, agus sibhialtaigh eile. Pléascann sé é féin le buama lán de thairní agus rudaí uafásacha eile, chun an méid daoine is féidir a mharú is a ghortú, maraon leis féin.

b) Scaoileann saighdiúirí buachaill óg atá ag siúl ina dtreo agus veiste lán de phléascaigh ceangailte leis, nuair a dhiúltaíonn sé an t-ordú chun stopadh.

Cad iad na difir? Ní raibh sé de chuspóir ag an saighdiúir éinne a mharú, ach chun daoine a chosaint. Fiú mura raibh pléascaigh sa veiste ag an duine, mura stadfadh sé, bheadh an ceart ag an saighdiúir. Fiú dá mbeadh timpiste mar sin ann, mar ní raibh sé d’aidhm aige aon duine a mharú ach mura raibh aon dul as eile ann dó, chun baol (sin a rá, olc) níos measa agus níos mó a sheachaint. Is cuma dá mbeadh daoine ag seoladh diúracáin nó ag iarraidh iad féin a phléascadh i measc daoine eile, bheadh an ceart ag an saighdiúir iad féin agus na daoine eile a chosaint.

An bhfuil ceart ar bith ag an chéad duine, ar a dtugtar ‘sceimhlitheoir?’ Níl, dar leis an sibhialtacht. Níl sé ceart aon duine eile a mharú mura bhfuil an duine sin ag iarraidh tusa a mharú nó a ghortú, chun tú féin a chosaint, nó do chairde gaol a chosaint.

Rinneadh airm chun na conspóidí is measa idir dhaoine a réiteach, mura bhfuil aon dul as eile ann. Bíonn údarás na ndaoine ag saighdiúir san arm, a bhíonn ag obair ar son tire. Níl údarás ar bith ag an sceimhlitheoir. Déanann sé a thoil, d’ainneoin aon tír nó rialtas. Mar sin, is coirpeach é, dar le aon tír sibhialta, agus dar le aon duine sibhialta. Is cuma cén fáth a dhéanann sé na droch-rudaí a dhéanann. Is droch-rudaí iad iontu féin (dubh, seachas bán).

Má dhéanann saighdiúir ionsaí ar dhaoine eile, fiú gan chúis, tá an ceart ag na daoine eile iad féin a chosaint ón saighdiúir agus ón rialtas a sheol é, ach níl an ceart ag éinne bean, páistí agus comharsana an tsaighdiúra sin a mharú d’aon ghnó. Dá mbeadh, ní bheadh aon sibhialtacht ann, agus ní bheadh cosc ar éinne pé rud a b’áil leo a dhéanamh. Níl saoirse gan smacht, gan rialacha, gan dlíthe. Chun an tsibhialtacht a chosaint, ní mór do gach éinne a leithéid de bharbarthacht a shéanadh agus a stadadh. Ní féidir neamhaird a dhéanamh de. Ní mór dúinn go léir é a stadadh.

Tá deachrachtaí eile ann a dhéanann rudaí níos casta, ach má tá an bhuntús seo ag duine, níl sé deacair an ceart a aithint. Mar shampla, má mharaítear sibhialtaigh mar bhí sceimhlitheoirí dá n-úsáid mar sciatháin, agus má dhéantar gach iarracht gan iad a mharú, ach tá na sceimhlitheoirí ag marú is ag ghortú daoine eile, tá an ceart fós ag na daoine a mharaigh iad, cé gur rud uafásach é. Tá an milleán ar na sceimhlitheoirí, as an rud olc sin. Ach sin cás casta. Ní bhíonn gach cás mar sin.

Seo sampla eile. B’éasca do na Stáit Aontaithe gach duine a mharú san Iaráic, mar shampla eile. Réiteodh sin gach fadhb atá againn ann. Ach ní dhéanfadh na Stáit a leithéid de rud, mar is olc an rud é, ann féin. Dá mbeadh an seans sin ag na sceimhlitheoirí chun gach duine i Meiriceá a mharú, dhéanfadh siad sin gan aon agó. Tá an mhaith ann, agus tá an t-olc ann.

Cás casta eile a bhíonn daoine ag baint droch-fheidmh as, sin cás an bhuama adamhaigh a d'úsáid na Stáit sa tSeapáin. Tá alt agam faoi seo anseo. I gcúpla focal, bheadh sé i bhfad ní ba mheasa don saol, agus do mhuintir na Seapáine, mura ndéanfadh amhlaidh. Tharraing siad an rud olc orthu féin, as a ndearna siad. Agus cé gur rud an-olc ab ea é, ní raibh aon rogha ní b'fhearr ann. Maraíodh sibhialtaigh i gcathaoracha a raibh ina dtairgid mhíleata, agus sin an cogadh, faraor. B'fhéidir is sin an cheist is casta sa stair, ach sin mar a thuigtear é de ghnáth, má dhéantar dian-mhachnamh uirthi.
Ar an lámh eile, má fhaigheann an Iaráin an buama adamhach, is léir nach mbeadh aon leisce orthusan é a úsáid i gcoinne Iosrael nó aon tír eile, gan chúis ach an fuath neamhréasúnta. Tá difear ann.

Sin an méid. Is féidir na samplaí a phlé, agus samplaí eile a thabhairt, ach ní bheadh aon toradh ar sin, mura raibh cheana. Níl foighne ar bith orm níos mó le daoine nach dtuigeann na rudaí seo. Cuireann siad orthu féin gurb iadsan na daoine maithe sibhialta tuisceanna. Ní fhaca mé aon fhuath go láidir sa saol seo agus a bhíonn ag 'lucht na síochána.' Ní fhaca mé aon daoine chomh biogóideach agus bhíonn 'lucht chothrom na Féinne.' Ní bhíonn iontu go minic ach barbaraigh, nó lucht tacaíachta na mbarbarach, faraor. Agus tá siadsan níos baolaí ná na sceimhlitheoirí féin, mar thugann siad tacaíocht dóibh in ainm daoine maithe sibhialtachta, thugainn siad an mhaith ar an olc, agus spreagann siad iad, lena síor-dhroch-chaint.

Sa chéad chás a thug mé thuas, tá an milleán ar an mbuachall atá ina bhuamadóir. Tá an milleán ar na daoine a sheol é. Agus tá an milleán ar na daoine a deir leo, 'maith an jab, tá an ceart agaibh.'

Bíodh ciall acu, in ainm Dé.

5 comments:

Caitríona said...

Scríobh tú: "Níl foighne ar bith orm níos mó le daoine nach dtuigeann na rudaí seo."

Bíodh foighne agat. Ná bí ró-chrua ort féin.


Bheadh sé spéisiúil Gaeilge focail Eisenhower a aistriú go Gaeilge freisin. Ach labhair sé i mBéarla is mar sin fágfaidh mé é mar atá:

"Every gun that is made, every warship launched, every rocket fired, signifies in the final sense a theft from those who hunger and are not fed, those who are cold and are not clothed."
An tUachtarán Dwight D. Eisenhower
Aibreán 16, 1953

Séamas Poncán said...

Ní féidir daoine a bheathú mura bhfuil siad slán. Féach san Afraic, sa Súdáin. Tá cúpla milliún duine marbh mar níl éinne sásta na daoine olca (Muslamaigh radacacha eile, dar ndóigh) a stadadh. Féach Somalia, nó áit ar bith eile nach bhfuil na daoine slán. Níl aon mhaith dóibh bia ná éadaigh, gan a bheith slán ar dtús.
Ceapaim go raibh baint ag Eisenhower leis an gcogadh cúpla uair, nach raibh?

Caitríona said...

Nach aisteach nach ndeachamar go dtí an Congo nó an Sudan chun cabhair a thabhairt do na daoine sin más “Humanitarian Mission” a bhí i gceist acu leis an ionsaigh ar Iraq? Cén fáth ar roghnaigh siad Iraq? Ní bheadh baint aige leis an méid ola a bhí acu ansin, an mbeadh? Agus nach aisteach ar fad “Humanitarian Mission" a ghlaoch ar “Shock and Awe.” Nuair a ghearr ‘Cluster Bombs’ páistí ina smidiríní agus nuair a sheol siad saighdiúirí marbh abhaile sna helicopters in áit páistí a bhí ag fáil bháis a thabhairt go dtí an ospidéal sna helicopters céanna, tá sé deacair a thuiscint cén chaoi ina raibh aon rud ‘Humanitarian’ ag baint leis an gcogadh seo. Ar chreid tú na bréaga faoi na WMDs agus araile? Tá mé ag ceapadh go bhfuil tú ag léamh agus ag éisteach le propaganda le fada agus go bhfuil ‘deprogramming’ ag teastáil go géar uait.

“There never was a good war or a bad peace,” Benjamin Franklin

Séamas Poncán said...

Is iomaí fear tuí a throideann tú. Ba chóir duit do chuid bhiogóideachta a chur ar leataobh agus féach ar na rudaí a deirimid agus a dhéanaimid. Ná hól an Kool-aid, a Chaitriona.

Caitríona said...

Feicim an dochar a rinneamar san Iraq. An bhfeiceann tusa é?