Monday, January 22, 2007

Ionsaí Nua

Tá ionsaitheoir nua ag iarraidh cogadh nua a thosnú as bréagchúiseanna - anseo. Fuair mé níos mó "tráchtanna" ar an mblag seo ar an deireadh seachtaine ná fuair mé riamh roimhe seo. Is mór an trua nach mbíonn an chuid is mó díobh ag tagairt d'aon rud a scríobh mé ar an mblag.

Seo daoibh Caitriona [ ], duine a d'fhear an fháilte seo romham nuair a thug sí faoi deara go raibh mé ar chlár plé Daltaí na Gaeilge (táim cláraithe ansin le breis is bliain níos faide ná mar atá mo dhuine, ach ní minic a scríobhaim aon rud sa rannóg Béarla, agus níor scríobh sise aon rud sa rannóg Gaeilge roimhe sin, go bhfios dom):

"Is breá liom go bhfuil tú ag scríobh i nGaeilge. Aontaím go bhfuil sé
tábhachtach an teanga a úsáid, fiú nuair nach bhfuil na scileanna go léir sa
teanga fós againn, nuair atá rud tábhachtach le rá againn. Ach nuair a úsáideann
duine an teanga chun drumaí a bhuaileadh don cogadh a bhris dlíthe
idirnáisiúnta; a mharaigh timpeall 400,000; atá ag robáil m'airgead chun buamaí
a cheannach; a spreag céasadh; a d'úsáid WMDS (sean uráinium) agus airm
céimiceacha (fosfarúil bán), tá an duine sin ciontach san dúnmharú freisin.

Is masla é do na daoine a thug an teanga seo dúinn, na daoine a bhí ann
romhainn, na daoine a d'fhulaing i gcogadh a bhagair ár saolta agus ár dteanga
inár dtír fadó. Is masla é do chreideamh formhór na hEireannaigh a chreideann i
síocháin, agus is masla uafásach é do dhaoine san Iraq an méid atá a scríobh
agat i do bhlog sin a léamh, agus iad ag iarraidh a thuiscint cén fáth a bhfuil
siad ag dul i socraid a gcairde, lá i ndiaidh a céile.

Tá meas agam ar an gcaoi a d'fhoghlaim tú an teanga ach níl meas dá laghad agam ar an méid atá a rá agat i do bhlog. Tá sé contúirteach don tír,don domhan, do na daoine a léann é agus dod' chroí, má tá croí agat. Mar, má deireann tú go bhfuil cogadh go
maith, gan trácht ar an t-uafás dochar a dhéanann sé, ní féidir liom a thuiscint
cá bhfuil an croí, ná réasún ar bith, ansin.

Ó, agus nuair a thosnaíonn duine le 'Ní maith liom bheith i mo bheachtóir', de gnáth ciallaíonn sé a mhalairt. Ba mhaith liom a rá go gcreidim thú ach léigh mé do bhlog. "

Tá bréagacha go leor sa tríú abairt thuas chun alt eile a scríobh - ach tá siad go léir scríofa agam cheana féin (ba chóir dom an nasc seo a úsáid níos minice - thug mé di ar an gclár plé sular thosaigh sí ag scríobh anseo). (Sé seo an 60ú ceann anseo, d.a.s., agus bhí 16 alt agam ar Gan Fiacal Ann as an áireamh sin).

Scríobh an duine céanna ar an mblag seo:


"Céard a tharla leis na 'Free Speech Zones' a tharraing Bush isteach? Bhí an tír go léir ina 'Free Speech Zone' roimhe sin. Agus nuair atá cead ag Clear Channel bheith i gceannas ar go leor, leor stáisiún radio agus Billboards níl móran seans ag daoine scéal eile a chloisteáil seachas an propaganda a scaipeann siad. Tá Limbaugh acu, fear nach bhfuil cáilithe a phost a dhéanamh agus a mhillean an fhírinne: http://www.fair.org/index.php?page=1895.
Ach ná bí ag cur focail imbéal pobal na hEireann. Níl clue dá laghad ag an cuid is mó acu cé hé Limbaugh agus tá siad níos fearr as.

(Tabhair faoi deara gur thosaigh an méid seo le bréag, freisin. Níor thosaigh Bush an rud ar a dtugtar 'Free Speech Zones.' Féach wikipedia, mar shampla. Níl an t-am agam gach a ndeir sí a bhréagnú.)

Dá mbeinnse i mo chuairteoir ó phlainéad eile, agus dá mbeinnse ag lorg sampla den speicias 'liobrálach frith-Bush-ach,' ní bheinn in ann sampla ní b'fhearr a fháil. Níl masla sin di, mar tá sí bródúil go bhfuil sí cosúil le Cindy Sheehan (ach ní raibh an cead sin a rá agamsa...). Tá na tréithe is tábhachtaí go léir aici. Níl cead ag éinne aon rud a rá nach n-aontaíonn sí leis - is masla sin don chine daonna (bhuel, do chine na nGael, ar aon nós). Má tá duine amháin (e.g. Rush Limbaugh, fear mór le rá ar an raidíó anseo) ann á dhéanamh, is cosc sin ar shaoirse cainte an domhain (i.e. na ndaoine a aontaíonn léi). Agus mura n-aontaíonn duine lena cuid bréagscéalta, tá sé de cheart aici maslaí pearsanta a scríobh faoi (mar a dhéanann a leithéid i gcónaí faoi gach duine sa rialtas a bhaineann leis an uachtarán). Tosaíonn gach rud a scríobhann a leithéid le bun bréagach - e.g. gur maith liom (nó leis an uachtarán Bush) an cogadh mar rud, nó go raibh an cogadh san Iaráic mí-dhleathach (táim ag fanacht fós le duine atá in ann an dlí sin a thaispeáint dom), agus tógann siad caisleán air sin. Mar fhinnéithe, úsáideann siad a chéile - gach duine ag cur focal i mbéal daoine eile, gan tagairt amháin do fhocail an duine fhéin. Tá gach rud sa saol mar atá as siocair go ndeireann siad go bhfuil. Ach nílimse i mo chonaí sa saol céanna, agus ní dóigh liom go bhfuil tusa ach oiread, a léitheoir. Ach le blianta tá daoine mar seo ag insint na scéalta céanna dá chéile, agus mar a dúirt Stalin, má insítear bréag minic go leor, tuigtear mar fíor é. Creideann na daoine seo gur fíor na bréagscéalta go léir, agus thóg siad a ndomhan féin. Faraor, cuireann siad an fíor-domhan i mbaol lena gcuid vótaí.

Chuala mé le déanaí go gcreideann 40% de na daoine i Meiriceá go ndearna Meiriceá féin an t-ionsaí ar 9/11. Cuireann sin eagla orm. Is olc go leor nuair a bhíonn daoine amaideach. Ach tá Bush Derangement Syndrome ag éirí ina eipidéim bhaolach. Sin an fáth go scríobhaim an blag seo, go mbeadh seans ann rud fíor a léamh ar an ábhar seo as Gaeilge.

Molaim do Chaitrionna a blag féin a thosnú. Beidh léitheoirí go leor aici, faraor. Bheadh sí in ann bheith ina colúnaí do Beo! nó iris eile, más maith léi.

Ní miste liom tráchtanna anseo ó dhaoine nach n-aontaíonn liom, más tráchtanna iad ar a bhfuil scríofa agam. Táim sásta rudaí a phlé, más plé dáiríre atá ann. Ach nílim sásta an spás seo a thabhairt d'aon duine chun bolscaireacht frith-Bush a fhoilsiú. Tá Blogger saor in aisce. Déan do cheann féin má tá sé sin uait, le do thoil.

5 comments:

aonghus said...

Ní hinmholta an beart ainm duine a úsáid chun clamhsán futhu, go hairithe muna bhfuil tú sásta deis freagartha a thabhairt dóibh.

Seachas sin, tuigim duit (uaireanta)

Séamas Poncán said...

Úsáideann sí a hainm ar chlár plé Daltaí, go poiblí, agus tá a proifíl ann don saol. Níor cheap mé riamh go raibh sé faoi rún, agus ní cheapaim sin fós. Bíonn deis freagartha ar fáil anseo di (go fóill), más maith léi.

Caitríona said...

'Ceart ag Aonghus. Uuuf. Níl sé go deas an t-ainm iomlán a úsáid. Go raibh maith agat faoin comhairle mo bhlag fhéin a fháil ach níl mo Ghaeilge sách maith fós. Tuigim an chaoi ina bhfuil tú agus tá mo chuid ráite agam ar do bhlag. Rinne mé mo dhícheall ach ní leor é. Go dté tú agus an domhan go léir slán.

aonghus said...

Bíodh misneach agat, a Chaitríona.

Is iomaí duine a bhfuil (i bhfad) níos lú gaeilge acu ag blagadóireacht leo as gaeilge.

Dubhaltach said...

Go hifreann leo a Shéamais!
Ní aontóinn le mórán do thuairimí, ach é sin ráite, sílim go gcuireann siad leis an éagsúlacht atá de dhíth i saol na Gaeilge.

Agus níl mórán dúil agam do na liobrálaithe ach an oiread! :)