Thursday, September 28, 2006

Is Deacair Gaeilge a Léamh

Gach foilseachán a léim as Gaeilge, bíonn an fhadhb chéanna ann. Déanaim talamh slán de go mbeidh maslaí agus mí-eolas fríth-Mheiriceánach sna hailt pholaitiúla. Ní bhíonn ionadh orm níos mó faoi sin, cé go mbíonn díomá agus masmas orm. Agus bíonn cúpla alt mar sin ann gach mí sna hirisí. Ní féidir leo gan leanúint ar aghaidh lena gcuid droch-chainte fúinn. Ach fiú sna hailt nach mbaineann leis an bpolaitíocht, bíonn maslaí gan tuilleamh iontu go minic. Léigh mé píosa de léirmheas leabhar in Feasta le Áine Moynihan inniu. Ag caint faoin scéal An Brogús, deir sise “Sa scéal seo, ó Stáit Aonraithe [sic] Mheiriceá, go bhfuil toradh a chuid paranoia féin ag brú go mór ar phobail an domhain, a thagann an CRA nó ‘Cuardaitheoirí Rudaí Aisteacha’.” Má thuigim an t-abairt sin i gceart, is ag tagairt do na Stáit atá sí, nuair a deir sí ‘a chuid paranoia.’ Ach is féidir nach bhfuil, agus níl ag cur isteach orm ach mo chuid paranóia féin…

Agus ní bhíonn an fhadhb seo i bhfoilseacháin chlóite amháin. Bíonn sí le feiscint ar fud an idirlín. An tseachtain seo ar an bhfóram acmhainn.ie, a bhaineann le haistriúcháin amháin, ní raibh scata mór daoine in ann srian a choimeád orthu féin gan a bheith ag maslú na Stáit Aontaithe. Agus is daoine proifisiúnta an chuid is mó díobh siúd. Is é an saghas seo de dhroch-bhéasa, maraon leis na spamadóirí, a bhíonn ag scriosadh gach clár plé agus gach liosta r-phoist as Gaeilge le breis is cúig bliain.

An é go bhfuil an bhiogóideacht fhríth-Mheiriceánach chomh huilíoch sin in Éirinn, nach dtugtar faoi deara é níos mó? Cloisim ó chairde go bhfuil a gcairde gaol go dona thall ansin freisin. Nílim ag rá nach bhfuil daoine go leor againn anseo, agus foilseacháin, a bhíonn ag insint bréagacha agus ag tabhairt maslaí dár dtír, ach bíonn daoine eile ann nach ndéanann amhlaidh, freisin, agus daoine fiú a sheasann lena dtír go hoscailte, beannacht Dé orthu. Agus bíonn siad in ann caint faoi rudaí eile ó am go chéile, muise. Dá mbeadh sé amhlaidh in Éirinn.

Nó an é go bhfuil agus nílim ach i mo pharanóideach?

No comments: