Tuesday, August 29, 2006

Dia Idir Sinn Agus an tOlc

An é seo toradh shaothar na ndaoine in Éirinn a bhíonn báúil leis na sceimhlitheoirí?

"Anyone who supports Tony Blair," said Khalid Kelley, an Irish-born convert to Islam, "is not a civilian."

An é sin todhchí na hÉireann, agus í lán de Khalid-eanna agus Mohamad-anna le sloinnte Éireannacha?

Nach deas é go n-athnaíonn na sceimhlitheoirí an daonlathas! Tuigeann siad nach mbeadh Tony ann mura mbeadh na vótaí aige. Dá dtabharfadh siad an t-aitheantas céanna don daonlathas ina dtíortha sa mheánoirthear!

Tuesday, August 22, 2006

Ar Ghoideadh Ár n-Ainm?

Tá leabhar nua ann dar teidil Na Buachaillí Dána, le Pádraig de Paor. Tá sé faoi na filí Cathal Ó Searcaigh agus Gabriel Rosenstock. Ach nach raibh a fhios ag mo dhuine gur thugamar-ne an t-ainm sin orainn mar ghúpa ceoil fadó? Muise, tá podchraoltaí ann a rinneamar chomh luath le Mí na Nollag 2005, agus táimid ann le blianta roimhe sin. Ní chuirfidh mé an dlí air, ach ba chóir dó ceann a thógáil dínn, i mo thuairim. Nach bhfuil aithne ag saol mór na Gaeilge orainn?! ;-) Ba leor dó Google a dhéanamh.

Wednesday, August 16, 2006

Tá Abrahám Neamchiontach!

Rinne Conn trácht ar smaointe The Seanachai ar an Imeall. Maíonn an duine sin gur féidir go bhfuil an milleán ar Abrahám go bhfuil na Muslamaigh agus na Giúdaigh (agus Críostaithe) ag marú a chéile. Is ait liom an teoiric seo.

Is fíor go gcreideann na trí chreideamh mór seo go bhfuil dia amháin ann, agus gur nocht sé é féin do dhuine darb ainm Abrahám. Ach tuigtear an dia seo, agus scéal Abramháim, ar slite an-éagsúla óna chéile sna creidimh áirithe. Cuireann an teoiric seo i gcuimhne dom an cás ina bhfuil spéis sa cheol nó sa pholaitíocht ag beirt, agus mar sin creideann tríú duine go mbeadh siad an-chairdiúil lena chéile mar go bhfuil an spéis chomónta sin acu. Dar ndóigh, níos minice, bíonn daoine in adharca a chéile ar na hábhair seo!

Creidimid go bhfuil grian amháin ann. Chreid na sean-Éigiptigh sin, agus na hAztec, freisin. Chreid Ptolemy agus Copernicus agus Einstein sin. Ach nach raibh dearcadh éagsúil ag gach grúpa nó duine sa liosta sin faoi bhrí an chreidimh sin? Réabadh croíthe daoine óna gcléibh mar gheall ar an ngrian chéanna a bhí mar inspioráid don mbuama adamhach. Cuireadh Copernicus faoi ghlas mar gheall ar an difear idir a dhearcadh agus dearcadh na hEaglaise ag an am, faoin ngrian chéanna. Dia ab ea í don móramh sa stair, ach ní chreidtear sin sna laethanta seo ach go hannamh. Cad is an ghrian ann? Cad is an Dia amháin ann? Cad é a bhaint leis an saol seo, agus a choibhneas leis? Sin iad na rudaí as a ndéantar na creidimh éagsúla.

Maidir le scéal Abraháim, is mó rud nach bhfuil i gcoitinne ag na Moslamaigh leis an dá chreideamh eile. Tagann siad salach ar a chéile. Glacann Críostaithe leis an mBíobla atá ag na Giúdaigh – agus leantar ar aghaidh leis an scéal. Níl sé amhlaidh leis na Muslamaigh. Tá difir an-mhóra ann idir an Bíobla agus an Córan. Luann The Seanachai rud amháin, a dhéanann sé beag beann de, ach rud tábhachtach atá ann. Thug Dia a mhac Íosác, a chéadmhac dleathach, do Abrahám agus a bhean Sárá. Páiste gréine a bhí ann in Ísmeáél, páiste le hAbrahám agus a sclábhaí Hágár. Ba é Íosác an pháiste a gheall Dia dó (agus is samhail Chríost é). Rinneadh náisiúin eile de Ísmeaél, agus rinneadh Iosrael agus lucht an ghealltanais de Íosác. Difear an-mhór eatarthu-san. Creideann na Muslamaigh gur tháinig na hArabaigh ó Ísmeáél, agus gurb eisean an duine tábhachtach. Difear bunúsach ó thús an scéil, mar sin.

Maidir le marú ar son Dé, sa scéal sin, ba thriail d’Abrahám é, agus níor mhian le Dia Íosác a mharú – i gcodarsnacht leis na náisiúin eile a rinne a leithéid ag an am. Ar shlí, tugadh ar ais ón mairbh é – ach sin tuiscint Críostaí. Ach ba é creideamh Abrahám an rud ba thábhachtaí sa scéal. Is mó scéal eile sa Bhíobla faoi chogaí a spreag Dia nó a thug Dia cabhair dóibh leis. Tugann Dia cabhair do thaobh amháin go minic, agus uaireanta ní thaobh Iosrael ab ea é, ag braith ar a raibh ar siúl acu.

Difear bunúsach maidir leis na Giúdaigh atá ann sa Chóran, i comparáid leis an mBíobla. Is léir nach gcreidann na Muslamaigh go leanann siad an Dia céanna.

Mar sin, dar liom, ní thuigeann The Seanachaí an scéal i gceart, mar síleann sé go bhfuil rudaí i bhfad níos simplí ná mar atá.

Beagán faoi Abrahám
Tá creidimh eile ann agus a scéalta féin faoi dhuine darb ainm sin, freisin.

Agus dar ndóigh, ní aontaíonn gach fo-ghrúpa lena chéile sna creidimh mhóra. Ní chreideann gach Muslamach, mar shampla, go bhfuil sé de cheart aige Giúdaigh agus Críostaithe a mharú ar a thoil. Ní aontaíonn siad go léir faoi cad is jihad ann, leis. Ní aontaíonn gach Giúdach faoi mar a bhfuil teorainn Iosrael, nó fiú má tá Iosrael mar atá inniú ó Dhia. Níl cúrsaí chomh simplí sin. Tá baint láidir ag creideamh leis an scéal seo, cinnte. Ach níl sé ceart an mileán a chur ar éinne ach na daoine a fhearann cogadh ar a chéile. Agus níl ionannas eatarthu.

Tuesday, August 15, 2006

An Preas Meiriceánach agus Seán Ó Loingsigh

Tá fantaisíocht chomónta ann in Éirinn. Léigh mé alt faoin bpreas in Éirinn in Feasta (Iúil 2006 - faraor géar, is é eagrán na Márta an ceann is nuaí ar a suíomh), le Seán Ó Loingsigh. Ag gearán a bhí sé go mbíonn na meáin ar aon intinn i gcónaí ann, agus ní leor coimhlint chun éagsúlacht a spreagadh, mar a cheapfaí. Bhí áthas orm alt polaitiúil as Gaeilge a léamh gur aontaigh mé leis! Ach ansin, chuaigh sé ar strae. Thosaigh sé ar an scéal mícheart céanna a insint gur chuala mé cheana (agus gur labhair mé ar an Imeall faoi), gur amhlaidh an preas i Meiriceá, ach ar son an chogaidh srl. ("éagsúil ar fad" a deir sé, le meáin na hÉireann). Deir sé go mbíonn an preas ag tabhairt tacaíochta don uachtarán agus don chogadh "tubáisteach" san Iaráic. Muis, tá sé cosúil le Richard Waghorne ag caint faoin nGaeilge! Ar léigh sé nuachtán Meiriceánach riamh (seachas an New York Sun agus b'fhéidir an New York Post)? An bhfaca sé clár nuachta Meiriceánach riamh, nach raibh ar an ngréasán Fox (atá ina eisceacht)? Ar chuala sé trácht ar Dan Rather agus CBS riamh? An gcreideann sé go bhfuil gach stáisiún raidió mar WABC i Nua-Eabhrac, stáisiún caint-raidió? Dá mbeadh! Tá freasúra (beag) ann sna meáin Mheiriceánacha, agus níl sé ann ach le b'fhéidir fiche bliain, mar chumhacht. Is dócha má fheiceann duine Éireannach a leithéid de thuairim eile faoin gcogadh, creideann sé go bhfuil na meáin ar fad ar aon intinn faoi (mar a bhíonn siad in Éirinn). Ach bíonn níos mó ná tuairim is dearcadh amháin ar fáil i Meiriceá. Cé gur mionlach a bhíonn ann le dearcadh dearfach sna meáin, tá siad ann go leanúnach. Ach ní ionann sin agus nach mbíonn claonadh frith-Bush agus frith-chogadh ag an móramh i gcónaí - ná bíodh imní ort, a Sheáin.

Tá an iomarca ann ar an idirlíon ar an ábhar seo, ach seo tosach, má tá suim aige, nó ag éinne, san fhírinne:
The Media Research Center (faoi chlaonadh na meán)
Faoin gcogadh san Iaráic

Tuesday, August 01, 2006

Anailís ar Alt Waghorne

1) Tosaíonn sé ag caint faoin nGaeilge mar rud ón stair, rud nach maireann. Tá dul amú air, mar is eol dúinn. Ach is rí-mhinic a cheaptar uirthi - agus a mhúintear í - mar theanga mharbh.
Seo alt an-deas ar an ábhar seo: The Value of Irish, ó Rubrication.
Más ón am atá thart amháin í dó, is léir ón méad sin nach dtuigeann sé a tábhacht chultúrtha. Is í an príomh-leanúnachas atá ann i gcultúr na hÉireann. Agus is í an rud is tábhachtaí a chothú chun féiniúlacht Éireannach a choimeád beo. Mura bhfuil sí tábhachtach d'oireacht na hÉireann, níl aon oireacht ann. Ní bheadh ann ach oireacht na gcoilíneach. Mar sin, tá Waghorne glan mícheart ón dtús.

2) Deir sé nach bhfuil aon ghá leis an nGaeilge chun stair na hÉireann a thuiscint. Bhuel, is dócha gur féidir le duine a stair a léamh i dteanga ar bith. Cad is ciall leis sin? Más príomhfhoinsí atá uait, ní mór ná go bhfuil Gaeilge agat chun aon rud a thuiscint i gceart. Ar tharla stair na hÉireann trí mheán an Bhéarla mar a mhaíonn sé? Roinnt de. Ach cad faoin rud is mó a tharla, an górta? Ar tharla sin do Bhéarlóirí? Cad faoi na réamhlóid? An raibh béarlóirí amháin páirteach leo? Ní dóigh liom, a dhuine aineolach. Agus tá a fhios seo agamsa, Meiriceánach. Náire ort, Richard.

Maidir le litríocht na hÉireann, nach amaideach a mhaíomh nach bhfuil litríocht Ghaeilge ann! Ní léann Béarlóirí an chuid is mó de, agus mar sin, níl sí chomh cáiliúil agus atá litríocht na mbéarlóirí. Yeats? Tá ceart dá chuid ag daoine i Sasana. Joyce? Ar chaith sé tamall in Éirinn? Tá a dtábhacht acu, mar scríbhneoirí. Ach tá litríocht Ghaeilge ann leis na mílte bliain, agus tá a fiúntas féin aici.

Is cóir agus cuí do gach aon chultúr litríocht ina theanga féin a bheith acu. Is rud an-tábhachtach é a chuireann in iúl go bhfuil cultúr éagsúil ann ar chor ar bith! Cuireann sé ionadh orm nach dtuigeann an Waghorne sin. Tá nuachtáin, irisleabhair, agus na céadta leabhar nua-aimseartha ann as Gaeilge. Tá litríocht bheo ann. Cad tá cearr leis nach bhfeiceann sé sin? Nó an ndearna sé iarracht ar bith chun saol na Gaeilge a iniúchadh sula labhair sé....?

3) Maíonn sé nach bhfuil aon mhaith i gceoil Gaelach, mar bhí Beethoven ní b'fhearr! Ar chuala tú a leithéid de chacamas riamh? An ndéarfadh sé le lucht gorma Mheiriceá nach gcóir dóibh a gceoil féin a dhéanamh, mar bhí na Gearmáinigh ní b'fhearr?! Níl aon mhaith in rac-cheol, ná snag-cheol, ná ceol bundúchasach ó thír ar bith, má úsáidtear an 'loighic' seo. Agus cén rud atá ann ar a bhfuil níos mó clú agus cáil, as Éirinn, ná a cuid ceoil?! An é nach maith leis na líiricí Gaeilge? Is maith le beagnach gach duine ar mhaith leis ceol Éireannach iad, fiú mura bhfuil focal Gaeilge ag an té sin. Bíonn daoine bródúil go bhfuil an traidisiúin arsa - agus beo - sin againn. Mórtas cine, sin rud nach dtuigeann mo dhuine, déarfainn.

4) Críochnaíonn sé leis an bhfear tuí céanna, ag rá nach bhfuil ann sa Ghaeilge ach teanga ón analód, agus nach mbíonn saol ann in Éirinn ach trí mheán an Bhéarla. Ní mór dó imeacht óna theach níos minice.


Bhuel, sin cúpla focal ar an ábhar seo. Is trua go dtugtar ceann dá leithéid. Mar a dúirt Conn, ní dhearna Richard aon staidéar ar an gceist sular oscail sé a bhéal. Thaispeán sé don saol cé chomh aineolach is atá sé. Bíodh oideachas agat, a Richard.