Wednesday, April 03, 2013

Dubh, dubh, dubh...breacdhubh?

Is fada an lá ó scríobh mé rud ar bith ar an mblag seo, ach bíonn mórán ag tarlú gurb fhéidir liom trácht a dhéanamh air.  Faraor, is beag rud dearfach atá ina measc, agus sin an fáth go raibh leisce orm scríobh anseo.

Éiríonn Obama níos measa lá i ndiaidh lae.  Ach ar a laghad, níl sé ag éirí leis mórán dochar a dhéanamh, mar tá roinnt daoine ciallmhara ann fós a bhíonn á dhiúltú.  Agus bíonn sé chomh hamaideach uaireanta nach féidir fiú le lucht na heite clé neamhaird a thabhairt dó.  Gan iarracht tréan, ar aon nós.  Mar shampla, an cacamas faoin sequester agus buiséad na tíre.  Níl turais an Tí Bháine ar fáil don ghnáthdhuine, deir sé, mar gheall ar an easpa airgid (a tharla mar gheall airsean, ach sin scéal eile).  Ach bíonn sé féin agus a theaghlach ag dul ar saoire agus ag múin an airgid gan stad gan staonadh, agus caitear mórán airgid ar raiméis den uile shórt i gcónaí. 

Ina measc sin, tugtar na céadta milliúin dollars do - sceimhlitheoirí agus a lucht tacaíochta.  Seo mar a ndéanann Obama an dochar is mó - ar stáitse an domhain.  Agus an rud is measa le déanaí, chuir sé brú ar Netanyahu a leithscéal, agus airgead, a thabhairt do Erdogan agus na Tuirc a rinne ionsaí ar a thír.  Cén mhaith sin?  Ní léir go bhfuair Iosrael aon tairbhe as.  Ach fuair Hamas.  Sea, chuaigh Obama go hIosrael chun cur i gcéil gur cara dóibh é, agus faoi scáth na bhfocal deas siúd, rinne sé feall orthu.

Cá háit ar domhan a bhfuil cúrsaí níos fearr mar gheall ar Obama?  Is iomaí áit a bhfuil siad níos measa, cinnte.  Agus tá blianta eile le teacht sula bhfaighimid réidh leis, faraor.  Tuigeann deachtóirí an domhain go bhfuil duine lag ina uachtarán againn - an duine is laige riamh, b'fhéidir.  Agus tá an saol seo i bhfad níos baolaí mar gheall air.

Ní bheidh na Stáit Aontaithe lag, pé dochar a dhéanann Obama.  Níos laige, cinnte, ach ní bheimid lag.  Ach tá seans mór ann go gceapfar sin, agus íocfar as.  Cé a bheidh ag tús na scuaine?  An Iaráin?  An Chóiré Thuaidh?  Go tsábhála Dia sinn.  Go n-éiste Sé leis an bPápa nua.  Báine sa dorchadas eisean, is dócha.  Bíonn dóchas ann chomh fada agus a bhíonn creideamh ann.  Dea-chreideamh, sin le rá...

16 comments:

Fearn said...

Maith an fear, a Shéamuis!
Níor chaill tú riamh é!
Is mairg an duine nach bhfuil sceilpín gabhair aige! :-)


Fearn

Séamas Poncán said...

Ró-chliste sin do mo cheannsa bocht, is dócha. Go bhfios dom, ní bhíonn sceilpín gabhair ciontach as rud ar bith. Conas a bhaineann sin le hábhar?

April said...

Is mór an náire dúinn é Obama.

Ach tá níos measa ann ná é.

Breathnaigh ar na daoine a vótáil ar a shon mar gur cheap siad go mbeadh cursaí níos fearr sa tír seo agus níos fearr ar fud an domhan dá mbeadh a leithéid d'uachtarán quota dallínteannach sa Teach Bán.,,fiú nuair a bhí cursaí níos measa ná ariamh iná chéad téarma.

(Sílim gur chuir an t-éitheach a thug Candy Crowley i rith na díospóireachta a bhí sí ina bun an t-ámadán sin in oifig níos mó ná aon rud eile. Má tá muid ag iarraidh feabhas a bheith ag teacht ar chursaí sa tír seo, ba cheart dúinn rud éigean a dhéanamh faoin bpreas Pravda atá againn. Baghcat a dhéanamh ar na fógróirí, b'fhéidir.)

Fearn said...


@ ní bhíonn sceilpín gabhair ciontach as rud ar bith.

Sin an buille!


"Éiríonn Obama níos measa lá i ndiaidh lae....
"Agus bíonn sé chomh hamaideach uaireanta ....
"Ach bíonn sé féin agus a theaghlach ag dul ar saoire agus ag múin an airgid gan stad gan staonadh, agus caitear mórán airgid ar raiméis den uile shórt i gcónaí.
"Ina measc sin, tugtar na céadta milliúin dollars do - sceimhlitheoirí agus a lucht tacaíochta. Seo mar a ndéanann Obama an dochar is mó - ar stáitse an domhain. Agus an rud is measa le déanaí, chuir sé brú ar Netanyahu....
"Sea, chuaigh Obama go hIosrael chun cur i gcéil gur cara dóibh é, agus faoi scáth na bhfocal deas siúd, rinne sé feall orthu.
"Cá háit ar domhan a bhfuil cúrsaí níos fearr mar gheall ar Obama? Is iomaí áit a bhfuil siad níos measa, cinnte.....
"Tuigeann deachtóirí an domhain go bhfuil duine lag ina uachtarán againn - an duine is laige riamh, b'fhéidir...
"Ní bheidh na Stáit Aontaithe lag, pé dochar a dhéanann Obama......"


Is mairg an duine nach bhfuil sceilpín gabhair aige!

Séamas Poncán said...

A Fhirn,

Ionnas gur fíorlochtanna a luaitear thuas, tagann sin salach ar do mhaoímh gur saghas sceilpín gahbair Obama Naofa. Tá sé ciontach as a ndéanann sé.

April,

Níl aon leaghas ar an bpreas seo againn, faraor. Tá an dá thaobh ann, agus níl aon teacht le chéile ann. Guímis.

Fearn said...

@Ionnas gur fíorlochtanna a luaitear thuas, tagann sin salach ar do mhaoímh gur saghas sceilpín gahbair Obama Naofa. Tá sé ciontach as a ndéanann sé.

Níl "Obama Naofa" ag déanamh rud ar bith nach ndearna Uachtarán SAM eile nó a dhéanas, ó thaobh polasaí eachtranach ar aon nós.

Chuile rud a luaigh tú, leagtar ag cosa uachtarán eile iad fosta.

Ná bí buartha. Tá dróin SAM fós ag marú daoine lá i ndiaidh lae, mar a rinne siad faoi Uachtarán ar bith eile. Ligh sé tóin na nIosraelach, mar a dhéanann gach uachtarán SAM.

Tá Obama ag cothú naimhde na Meiriceánach mar a chothaigh uachtaráin roimhe agus mar a chothfidh a chomharbaí

Séamas Poncán said...
This comment has been removed by the author.
Séamas Poncán said...

Ní aontaím leat. Tá difear suntasach ann. Níl cara ar bith dár gcuid ábalta brath orainn, agus níl eagla ar namhaid ar bith romhainn. Tá gach rud bunoscionn aige mar gheall ar a chuid polasaithe.

April said...

Dúirt Fearn: Níl "Obama Naofa" ag déanamh rud ar bith nach ndearna Uachtarán SAM eile nó a dhéanas, ó thaobh polasaí eachtranach ar aon nós.


Ó i ndairíre? Ceard faoi Fast agus Furious, a Fhirn?

Ach tá an ceart agat faoin iompar Obama sa Meán Oirthear. Seachas gur theip ar a pholasaí cuid is mó den am, agus is noob amach is amach é..níl mórán difríochtaí idir Obama agus Bush.

Bhuel, tá difríocht amháin ann, Is cuma le lucht na heite chlé faoin bpolasaí sin go tobann. Ceard a tharla do na hagóidí? An bhfeiceann sibh an fháilte a cuireadh roimh na fear céana in Éireann?

Fearn said...

@Ceard faoi Fast agus Furious, a Fhirn?
Cé hé Fast agus cé hé Furious?

@Ach tá an ceart agat faoin iompar Obama sa Meán Oirthear.
Lí tóin na nIosraelach?


@Seachas gur theip ar a pholasaí (Lí tóin na nIosraelach?) cuid is mó den am, agus is noob (búb?) amach is amach é..níl mórán difríochtaí idir Obama agus Bush.


@tá difríocht amháin ann, Is cuma le lucht na heite chlé faoin bpolasaí sin go tobann.
Muise, tá do scailpín gabhair fhéin agat, a Aibreáin!

Séamas Poncán said...

Suimiúil. Ní mise an chéad duine a cheap go bhfuil Obama an-difriúil. Cosúil le Carter, ámh.

April said...

Bhí mé féin ag caint faoin gcogadh sa meánoirthear amháin, a Shéamais.

Aontaím leat gur tubaiste amach is amach é Obama.

Ar aon chaoi, b'fhéidir go bhfuil Fearn in ann míniú a thabhairt dom cén fáth go raibh fáilte roimh Obama in áit na hagóidí a bhí ann roimh Bush? Go tobann, níl na mairbh san Meánoirthear tábhachtach dóibh.

Agus cén fáth go bhfuil Fearn ag magadh faoi na mairbh i Meicsiceo agus ag an teorainn? Is deacair dom é thuiscint..duine bheith ag magadh faoi 302 daoine san uaigh mar sin.
Tá údar grinn agam, ar ndóigh, ach tá sé ag dul thar fóir.

Fearn said...

@Ar aon chaoi, b'fhéidir go bhfuil Fearn in ann míniú a thabhairt dom cén fáth go raibh fáilte roimh Obama in áit na hagóidí a bhí ann roimh Bush?

Diabhal fhios agam ach go mbíonn súil leis an rúcach i dtólamh. Seans go bhfuil a thuairim ag an national review. Tá fios chuile rud acusan, is léir.



@Go tobann, níl na mairbh san Meánoirthear tábhachtach dóibh.

Nach bhfuil ???? Cé dó????

@Agus cén fáth go bhfuil Fearn ag magadh faoi na mairbh i Meicsiceo agus ag an teorainn?
An dóigh leat gurb ionann ceist agus magadh? Pleoid ort!

@Is deacair dom é thuiscint..duine bheith ag magadh faoi 302 daoine san uaigh mar sin.
Diabhal fhios agam cad air a bhfuil tú ag caint nó cad chuige!


@Tá údar grinn agam, ar ndóigh, ach tá sé ag dul thar fóir.

Má thuigim i gceart tú, tá tú ag rá go bhfuil acmhainn grinn agat, ach nach údar grinn an rud a bhfuil tú ag tagairt dó ach nach bhfuil fhios ag Fearn cad é. Dála an scéil, an mbaineann sé le hábhar?

April said...

An bhfuil tú chomh haineolach sin i ndairíre, a Fhirn? Agus nach ndearna mé féin trácht ar Fast agus Furious roimhe seo?

Tá a fhios agam cheana, a Fhirn, gur cuma le lucht na heite chlé faoi dhaoine atá marbh nó ag fulaingt mura mbíonn poínti polaitiúla le fáil astu. Ní bheifeá i do Shóisialach dá mbeadh fulaingt daoine eile ag cur isteach ort.

(Nuair a bhíonns tusa i do dhúiseacht ag leathuair thar éis a 4 gach maidin, agus ag obair go déanach san oíche ..is féidir leat a bheith ag magadh fum agus faoi mo chuid Gaeilge ansin. Go dtí an lá sin, dún é, mo fhear.

Is ar éigean atá mé in ann Bearla a labhairt chuid is mó den am. Ach níl mé chomh haineolach leatsa lá ar bith, fiú ar an lá is measa atá agam.)

Séamas Poncán said...

Ní bhímid ach ag caint trasna a chéile, seachas plé a dhéanamh i ndáiríre. Is mór an trua.

Anonymous said...

Óchón is óchón ó, a April!

Ós rud go bhfuil tú ag tréigint na díospóireachta le dul i mbun cáinte, ní bheidh mise ag siúl leat!