Tuesday, April 09, 2013

Coir is ea coir is ea coir.

Fuair Margaret Thatcher bás.  Ar dheis Dé go raibh sí, i dteannta le Ronald Reagan agus Eoin Pól a dó.  Ba iadsan, thar aon daoine eile, a chur an cummanachas Sóivéideach chun báis.  Agus sheas siad in éadan an tsóisialachais sa bhaile, freisin.  Tá an saol seo i bhfad níos fearr mar gheall orthusan.

Dar ndóigh, is fuath leis an eite chlé iad, mar a ba riamh leo.  Sin comhartha go raibh na daoine seo ar an taobh ceart, cinnte.  Ní bhaineann an nimh is an fhuath seo le ciall ar bith, dar liomsa.  Agus níl aon teorann leis, mar a fheictear sa damhsa chaithréime a rinne siad uile ar uaigh Thatcher.  Ach tá nimh agus fuath ar leith i dtaobh Bean Uasal Thatcher i measc na nÉireannach, go háirithe ó thuaidh.  Lucht na heite clé den chuid is mó, ach maraon leis sin, lucht tacaíochta an IRA atá i gceist.

B'fhéidir an rud ba mheasa a tharla in am Thatcher ná feachtas an IRA (na trioblóidí), agus an stailc ocrais.  Is deacair go leor d'aon duine paisin fíochmar mar sin a chur ar leataobh, fiú má tá an fonn sin ann.  Agus is mairg liom a rá, ní minic a bhíonn an fonn sin ann, fiú.  Mar sin, maireann an fhuath, agus mairfidh go deo, de réir dealraimh.

Bhí grá acu siúd a fuair bás ar an stailc ocrais sin dá dtír, grá a bhí ní ba mhó ná a ngrá dá n-anamacha féin, agus tá meas ag a lán daoine air sin.  Ceaptar orthu mar laochra i gcónaí.  Dar liomsa, ní bhíonn leithscéal ag an sceimhlitheoir, pé cúis a bheadh aige, agus mar sin ní raibh meas agam ar an IRA riamh.  Mar a dúirt Thatcher, coir is ea coir is ea coir - is cuma an chúis.  Bhí dea-intinn acu, b'fhéidir, ach drochmhodhanna. 

D'iarr siad orthu, a bhí ina naimhde do Shasana, aitheantas a fháil uathu nárbh fhéidir a thabhairt.  Ní raibh an locht ar Thatcher go bhfuair siad bás.  Mharaigh siad iad féin mar gheall ar an spreagadh a fuair siad ó lucht a dtacaíochta, agus mar gheall ar an tírghrá a chuaigh thar fóir.  Cúis uasal, saoirse na tíre.  Daoine ídéalaíocha ab ea iad.  Eachtra tragóideach sin i stair na hÉireann.  Go ndéana Dia trócaire ar a n-anamacha.  Agus ar anam Mhargaret Thatcher.  Ba ghrá léi a tírse, freisin.

32 comments:

Fearn said...

Cén chaoi go díreach, a chuir Eoin Pól II, glacaim gur eisean atá i gceist agat le "Seán Pól", ós rud gur eisean " thar aon daoine eile, a chur an cummanachas Sóivéideach chun báis?

Séamas Poncán said...

Eoin Pól II, recte. GRMA. Chuir mé an nasc seo ann freisin, mar fhreagra (gearr) ar do cheist.

Fearn said...

Má tá aon duine," thar aon daoine eile, a chur an cummanachas Sóivéideach chun báis," sé Micheál Garbaitsibh é. Scaoil sé na téada, agus rinne craos an phobail cosa a chur faoi. Ní raibh freagra ag an Cumannachas ar chraos an duine riamh.
Beag a dearna an Poncán, an bhean iarainn ná an cúl báire Polainneach ach buaileadh bosa a dhéanamh

Séamas Poncán said...

Bíonn do léamh féin ar achan scéal, a Fhirn. Léamh aisteach míchruinn, dar liom. Pé rud dearfach a rinne Gorbaitseibh, ní raibh sé ar intinn aige deireadh a chur leis an gcumannachas. Tharla sin ina aineoinn.
Craos an duine? An-aisteach ar fad. Dóchas an duine a bhí faoi chois.

Fearn said...

@Bíonn do léamh féin ar achan scéal, a Fhirn. Léamh aisteach míchruinn, dar liom.

Ní lia duine ná tuairim, deirtear!

@ Pé rud dearfach a rinne Gorbaitseibh, ní raibh sé ar intinn aige deireadh a chur leis an gcumannachas. Tharla sin ina aineoinn.

Níor mhaígh mé go raibh sé ar a intinn aige, ach rinne sé an beart.


@Craos an duine?

An craos a shnoig an Cumannachas Sóibhéideach. Amharc an chaoi atá ar an Rúis inniu. An mórchuid ní ba bhoichte agus a bhí siad riamh agus daoine fíorshaibhre as saibhreas an phobail a fuair siad ar airgead beag.

Sé fosta a ghríosaigh na géirchéimeanna geilleagair san tíortha Caipitleacha riamh, an ghéirchéim reatha san áireamh.


@An-aisteach ar fad.
Bíonn craos ann ina dhiadh sin



@Dóchas an duine a bhí faoi chois.
Cead a chinn faoi chois b'fhéidir.

Bhfuil dlí ar an saint?
Diabhal dlí ná cíos, mar a mhaígh Mairéad an Iarainn. Dhíol sise sóchmhainní a stáit agus thug sí cead a gcinn do lucht rachmais Chathair Londan. Chuir a polasaithe sise bochtanas ar ní ba mó daoine ná mar a chuir sise rachmas ar dhaoine. Chuir sí an leithleachas suas mar mhana saoil. Bhain sí ó lucht nach raibh mórán acu agus thug sí dóibh siúd a bhí acu cheana.
An scoilt a sháigh sí ina tír fhéin, tá sé soiléir ag Sasanaigh ag "céiliúradh" a bás le ciréibeanna agus racht feirge.

Séamas Poncán said...

Scoilt atá ann, gan dabht, mar níor ghlac na sóisialaithe riamh léi, ná leis an mbua a fuair sí orthu. Is amhlaidh an scéal anseo, le Reagan. Scoilt dhaingean atá ann. Cogadh fuar fós.

Ní ghlacaim lena ndúirt tú faoina cuid polasaithe agus na bochtáin, srl. Tágann sin salach ar na fíricí.

Séamas Poncán said...

Maidir le craos mar chúis...

Fearn said...

@Scoilt atá ann, gan dabht, mar níor ghlac na sóisialaithe riamh léi, ná leis an mbua a fuair sí orthu.
Ná níor ghlac na hAlbanaigh uile, nach mór. Tá a pairtí ar an dé deiridh in Albain.
Ná níor ghlac na hAirgintínigh uile, nach mór, ach an oiread. Níl cuireadh ag Cristina Kirchner don sochraid.
Tá an scoilt láidir in Sasana fosta. Amhairc ar an nuachtáin Sasanacha agus Albanacha.




@Is amhlaidh an scéal anseo, le Reagan. Scoilt dhaingean atá ann. Cogadh fuar fós.
Bheadh tú ar aon fhocal leis an bhean iarainn a chothaigh "cogadh" lena géillsinigh seachas cur le chéile agus dul i neart.

@Ní ghlacaim lena ndúirt tú faoina cuid polasaithe agus na bochtáin, srl. Tagann sin salach ar na fíricí.

I gcead duit, tagann sé leis na firicí. M.s. D'fhág sise a dhá oiread dífhostaíochta i ndiaidh a téarma agus a bhí ann roimhe.


Dála an scéil, maidir leis an Rúis, agus an saol "níos fearr" acu anois, as an 332 000 daoine ag lorg tearmainn poilitiúla san Aontas Eorpach anuraidh, is ón Rúis a tháinig 7% díbh, an treas tír is mó, i ndiaidh an Afganastán (8%) agus an tSír (7%)

Séamas Poncán said...

Is deacair scriosadh nócha bliain a réiteach faoi cheann tamaill ghearr. Más féidir an Rúis a shábháil riamh. Ach níl cos ar bolg acu ach ar mhionlach anois, ar a laghad.

Séamas Poncán said...

Maidir leis an dífhostaícht srl.

Fearn said...

Maidir leis an dífhostaíocht, b'fhearr dhuit na figiúir oifigiúla a cheadú. Amharc a tharla in 1979, nuair a rug an bhean iarainn an stiúir:

www.ons.gov.uk/ons/rel/lms/.../unemployment-since-1881.pdf

@Is deacair scriosadh nócha bliain a réiteach faoi cheann tamaill ghearr.

B'fhéidir é, ach ná habair go bhfuil cúrsaí "níos fearr" fosta, ach an oiread.

@Más féidir an Rúis a shábháil riamh.

Cá bhfuil an "dóchas" a luaigh tú thuas? Sábháil ó caidé go díreach?

@Ach níl cos ar bolg acu ach ar mhionlach anois, ar a laghad.

I ndomhnach, cad tá i gceist agat?



Séamas Poncán said...

Cuireann sé ionadh orm i gcónaí nuair a bhíonn daoine mar thusa chomh haineolach faoi rudaí bunúsacha nach mbíonn gá lena míniú riamh agam anseo. Tuigeann an saol cé chomh holc agus a bhí an cumannachas agus más gá leat sin a fhoghlaim, tosaigh le Solzhenitsyn...
Cé go mbíonn Putin ag iarraidh an seanréim a chur ar bun arís, agus cé gur olc a mhaise orthu sa Rúis fós, is fearrde dóibh an tsaoirse shrianta atá acu ná bás sa ghúlág.
Maidir leis an ndífhostaíocht, míníodh beagán sa bhlag sin an fáth go raibh na huibhreacha mar a bhí. Ní chasann long mhór ar orlach.

Fearn said...

@Cuireann sé ionadh orm i gcónaí nuair a bhíonn daoine mar thusa chomh haineolach faoi rudaí bunúsacha nach mbíonn gá lena míniú riamh agam anseo.

Sin an fáth a mbíonn diospóireachtaí ann. Bíonn daoine ag foghlaim faoi staideanna eile nach raibh léir dóibh.

@Tuigeann an saol cé chomh holc agus a bhí an cumannachas agus más gá leat sin a fhoghlaim, tosaigh le Solzhenitsyn...

Shíl mé gur "cos ar bholg" a bhí tú chuige. "Ach níl cos ar bolg acu ach ar mhionlach anois, ar a laghad." Tá seo coiteann ar fud an domhain, monuar, i do thír fhéin fosta m.s. cimí Gitmó gan chearta daonna. Sílim nach bhfuil i gceist agat le "cos ar bolg"agus gan cead a gcinn ag lucht rachmais


@Cé go mbíonn Putin ag iarraidh an seanréim a chur ar bun arís, agus cé gur olc a mhaise orthu sa Rúis fós, is fearrde dóibh an tsaoirse shrianta atá acu ná bás sa ghúlág.

Chuir Púitin réim úr i bhfeidhm .i. go bhfuil an chumhacht ag lucht an airgid, anois,Púitin agus a chairde, agus na daoine a fuair sócmhainní stáit ar "ardú orm", a ghearr táillí móra ansin ar an phobal a raibh na tuarastail chéanna orthu agus na pinsin chéanna, fhad is a d'fhás an boilsciú. Sin caipitleachas, dar ndóigh, coinnigh greim ar an foinsí airgid agus ná lig cumhacht ag na daoine eile ach amháin a gcumas ceannachta.
Mar a dúirt mé, tréigeann mórán a dtír fhad is a bhfuil an Eoraip, SAM leis, sílim, foirgthe le Rúisigh rachmasacha a "ghoid" airgead a dtíre.
Dar ndóigh tá gach tír lán de fiontraithe nach n-íocann a cheart cánach ach tá cáil ar na Rúisigh anois as a n-éalú cánach. Féach Le Monde 7/8 Avril 2013; agus mar gheall ar fheallmharú na ndaoine a fhéachann leis an camastíl a thuairiscú. Níl aon Gúlag ná Giotmó dóibhsean.


@Maidir leis an ndífhostaíocht, míníodh beagán sa bhlag sin an fáth go raibh na huibhreacha mar a bhí. Ní chasann long mhór ar orlach.
Tá fhios agam . Tig le gach figiúr a chasadh. "Comhtharlú" a bhí ann :-)

Séamas Poncán said...

Cad ab fhéidir liom a rá le duine a chuireann Gitmo ar chomhchéim leis an ngúlág Sóivéideach? Is trua liom do cheann, cinnte.

Fearn said...

@Cad ab fhéidir liom a rá le duine a chuireann Gitmo ar chomhchéim leis an ngúlág Sóivéideach?

Tá léargas sa ráiteas seo, a mhic, dá dtuigfeá é!


@Is trua liom do cheann, cinnte

Faoi dheireadh. An buille sní! :-)

Unknown said...

Ar léigh tú an t-alt ó Oleg Atbashian, a Shéamais?

http://thepeoplescube.com/peoples-blog/how-thatcher-changed-this-soviet-man-s-heart-and-mind-t10970.html

DAS Tá á leabhar Shakedown Socialism agam. Bháin mé an-taithneamh as.

Séamas Poncán said...

Alt an-mhaith, a chara.

Fearn said...

@Cuireann sé ionadh orm i gcónaí nuair a bhíonn daoine mar thusa chomh haineolach faoi rudaí bunúsacha nach mbíonn gá lena míniú riamh agam anseo. Tuigeann an saol.....

Anois go bhfuil an dís agaibh faoin aon chuing arís; muna cuid eile díbh fhéin, an duine eile; A Shéamuis agus April.
Tús eolais aineolas: Cuidíonn an leagan amach dearcaidh le gach cur in iúl. Tá sin níos gaoismhaire ná ionsaíthe pearsanta agus rith ó fhíricí. Dála an scéil, ní fíric tuairim duine eile. Sin tuairim.

Beiligí bua!

Séamas Poncán said...

Huh? Tóg go bog é, a dhuine. Ceadaítear anseo go n-aontaíonn daoine lena chéile, cé nach dtarlaíonn sin go minic. Tá níos mó ná duine amháin sa saol seo nach bhfuil ina shóisialach liobrálach, fiú agus Gaeilge acu.

An fhadhb is mó ná go mbíonn daoine mí-eolach, seachas aineolach. Is deacair sin a shárú (ach tharla don duine a scríobh an t-alt sin). Thabharfá sin orainne, ach creidimid a mhalairt. Ní dóigh liom gur ionsaí pearsanta sin. Tugann tú agus an móramh ar an idirlíon bán ar an ndubh, agus dubh ar an mbán. Bíonn sé rídheacair cúrsaí a phlé, nuair nach mbíonn fiú na tearmaí is na coincheapanna is bunúsaí i gcoitinn againn. Ach ar a laghad, tá a fhios againn go mbíonn tuairimí eile ann. Agus faobhraíonn iarann iarann. Dá mbeadh argóint mhaith agaibh, d'éistfinn leis. Agus níl sé as an áireamh go bhfuil cúpla rud ann a chreidimid uile...

Agus ní raibh tuairim san alt san, ach cur síos ar thionchar dearfach Thatcher.

Fearn said...

@Huh? Tóg go bog é, a dhuine. Ceadaítear anseo go n-aontaíonn daoine lena chéile, cé nach dtarlaíonn sin go minic. Tá níos mó ná duine amháin sa saol seo nach bhfuil ina shóisialach liobrálach, fiú agus Gaeilge acu.

#Níor dúradh a mhalairt.

@An fhadhb is mó ná go mbíonn daoine mí-eolach, seachas aineolach.

#Síbhse a chuir aineolas i mo leith. Níor luadh mí-eolas go nuige seo.

@Is deacair sin a shárú
# ná bíodh faitíos oraibh roimh deacracht .

@(ach tharla don duine a scríobh an t-alt sin).
# B'fhéidir gur tharla agus b'fhéidir nár tharla.

@Thabharfá sin orainne, ach creidimid a mhalairt.
#Ní chreidim gur thug mé smid oraibh

@Ní dóigh liom gur ionsaí pearsanta sin.
#Níor luadh mé sampla anseo

@ Tugann tú agus an móramh ar an idirlíon bán ar an ndubh, agus dubh ar an mbán.
# Is den diospóireacht é sin, agus tá súil agam gur leag mé fíricí amach; agus níl mé freagracht as éinne ach asam féin.

@ Bíonn sé rídheacair cúrsaí a phlé, nuair nach mbíonn fiú na tearmaí is na coincheapanna is bunúsaí i gcoitinn againn.

# Bíonn. Is den diospóireacht é sin

@ Ach ar a laghad, tá a fhios againn go mbíonn tuairimí eile ann.
# Nach maith sin?

@ Agus faobhraíonn iarann iarann.
# Caidé má tá?

@Dá mbeadh argóint mhaith agaibh, d'éistfinn leis.
# Caidé má tá? Cé eile leis atá tú ag caint?


@Agus níl sé as an áireamh go bhfuil cúpla rud ann a chreidimid uile...
# Caidé má tá?


@Agus ní raibh tuairim san alt san, ach cur síos ar thionchar dearfach Thatcher.
#Tuigim! Ach cad tá ann ach "dúirt bean liom go dúirt bean lei"? Sé bun do thuairim fhéin is cás liom.



#Tríd is tríd, is dóigh liom, go bhfuil creideamh agaibh seachas réasúnaíocht, agus sibhse i mbun crosáid éigin. Níl sibh sásta oibiacht a theaspáint ach dul i gceann suibíochta, agus tuairimí daoine eile ar aon fhocal leat a chuir mar "fhianaise". Nuair a thagann an fhianaise salach ar an tuairim, mar a tharla le figiúirí dífhostaíochta Theatsir,m.sh. cuireann tú blag éigin suas mar "fhreagra", cé go bhfuil an blag bréagaithe go maith ag "LK" sna tráchtaireachtaí.

Is deacair diospóireacht gan réasúnaíocht, cé go bhfuil cead creidimh ag gach duine

"Tóg go bog é, a dhuine", mar a deir tú fhéin :-)

Unknown said...

A Fhirn, ní dhearna mé argóint adhominem. Níl a fhios agam beo ceard atá tú ag caint faoi.
Rinne Sóisialaigh butthurt é sin thar éis bás Mhargaret Thatcher, ach ní mise!

Ní raibh mé ag argóint ar chór ar bith!

Tháinig mé féin isteach chun ailt le hOleg Atbashian a roinnt le Séamas. Ní raibh mé cinnte gur léigh sé scríobhnóireacht Oleg nó nár léigh.

Is Objectivist mé, a Fhirn. Nuair a dhéanann tú argóint ciallmhar, éistfidh mé leat. Tá an-mheas agam ar réasún agus ar chiall. OK?

Fearn said...

@A Fhirn, ní dhearna mé argóint adhominem.
* Níor leag mé ag do chosa é



@ Níl a fhios agam beo ceard atá tú ag caint faoi.
*Bí oibíoch seachas suibíoch

@Rinne Sóisialaigh butthurt é sin thar éis bás Mhargaret Thatcher, ach ní mise!
*An ad hominem é seo?

@Ní raibh mé ag argóint ar chór ar bith!
*Níor luaigh mé ach go raibh tú ann .i. ar an tsnáith

@Tháinig mé féin isteach chun ailt le hOleg Atbashian a roinnt le Séamas. Ní raibh mé cinnte gur léigh sé scríobhnóireacht Oleg nó nár léigh.
*Tá fhios agam

@Is Objectivist a Fhirn.
*'Dhiabhail!! Sin focal eile le cuairdiú agam sna foclóirí. ( Dúirt tú cheana gur liobraíoch a bhí ionat!)

@ Nuair a dhéanann tú argóint ciallmhar, éistfidh mé leat.
*Sin coinne

@Tá an-mheas agam ar réasún agus ar chiall.
*Beidh lón cainte againn máisea!!

@OK?
*Óicé!!

Anonymous said...

Ar scor ar bith, cuirfear Bean an Iarainn Dé Céadaoin.

Suaimhneas síoraí di!

Séamas Poncán said...

"Caidé má tá?" Hmm. Ní raibh a fhios agam gur Ultach thú...

Unknown said...

Is é fealsúnacht Ayn Rand é Objectivism.

Is Liobraíoch mé. : )

Agus ní adhomimen é butthurt. Tá fearg ag Sóisialaithe ar Thatcher mar gheall air go raibh an bua aice ar an Sóisialachas agus ar na Sóisialaigh ó na hUnions go hArgentina. Is fuath leo í cé nach raibh siad ariamh in ann aon argóint a dhéanamh ina haghaidh narbh adhominem é. Nó b'fhéidir mar gheall ar nach raibh siad in ann aige. Nach butthurt é sin, a Fhirn?

A Shéamais bocht! Tá do bhlag chomh gnóthach sin an tseachtain seo!

Unknown said...

Mo leithscéal, sí fealsúnacht Ayn Rand í.

Séamas Poncán said...

Ní miste! Dála an scéil, dhá fhocal atá ann in ad hominem sa Laidin. Chuig an duine is brí de (mar is eol duit, is dócha).

Fearn said...

@Agus ní adhomimen é butthurt.
^Ad rem, is dóigh?


@ Tá fearg ag Sóisialaithe ar Thatcher mar gheall air go raibh an bua aice ar an Sóisialachas agus ar na Sóisialaigh ó na hUnions go hArgentina.
^Ad rem, gan dabht?


@Is fuath leo í cé nach raibh siad ariamh in ann aon argóint a dhéanamh ina haghaidh narbh adhominem é.
^Ad rem, ní foláir?


@ Nó b'fhéidir mar gheall ar nach raibh siad in ann aige.
^Ad rem, de réir dealraimh?


@Nach butthurt é sin, a Fhirn?
^Pian sa tóin atá tú a maíomh? Ad rem? Ní dochtúir mé.



^ mar a dúirt tú fhéin thuas :Níl a fhios agam beo ceard atá tú ag caint faoi.

Unknown said...

Tá sé scríofa i gceart agam áiteacha eile, mar sin, is cuma liom.

Aisteach áfach nar thug mé faoi deara é mar gur cheartaigh mé na botúin eile a bhí squiseáilte-lena-chéile.

Tá sos uaim sílim. Laethanta saoire áit éigean tropical. : )

Séamas Poncán said...

ad rem = baintear le hábhar (to the point)

Magna est veritas et prevalebit.

Fearn said...

Finit?

Unknown said...

Bheadh sé go deas dá mbeadh an lá ag an bhfírinne i gcónaí...ach amantaí, níl sí i réim.


*casachtach* Candy Crowley , díospóireacht, Obama mar Uachtarán

*casachtach* Kermit Gosnell

Anois...Ar ais chuig mo chuid oibre liom. : )