Thursday, January 17, 2013

Mar a D'inis Mé Daoibh...

Féachaint go bhfuil Al Gore saibhir go leor anois, is dócha nach ndéanfadh sé aon dochar an fhírinne a nochtadh...  Níl aon téamh domhanda ann le fiche bliain anuas. Tá an t-impreoir nocht, mar a d'inis mé daoibh anseo ó thús na histéire (lorg 'téamh domhanda' ar an mblag seo).  Bíonn an aeráid ag athrú i gcónaí.  Ní dhearnamarne difear ar bith. 

An mbeidh ar Al Gore a chuid duaiseanna a thabhairt ar ais?  Ní dóigh liom.  Tuigeadh go raibh siad bréagach ag an am.  Ar son na cúise a bronnadh iad, dar ndóigh.  Cúis an tsóisialachais, dar ndóigh.  Nach é an iaróin gur éirigh Gore is a chairde chomh saibhir mar gheall air...

Beidh ar na sóisialaithe cleas eile a chumadh chun a dtoil a chur i bhfeidhm anois, má bhíonn níos mó daoine sásta glacadh leis an eolaíocht agus na fíricí.  Gan dabht, beidh cúis eile acu sul i bhfad.

7 comments:

aonghus said...

Ní aontaíonn NASA leat

http://t.co/sNp9VRbJ

Séamas Poncán said...

An dóigh leat?
http://www.globalwarminghoax.com/news.php?extend.24

Réaltán Ní Leannáin said...

agus níl an oighear ag leá ach an oiread, is dócha.

Séamas Poncán said...

Leánn sé áiteanna agus fásann sé áiteanna. Bíonn an t-athrú ann. An t-aon rud cinnte, pé treocht atá ann, ná nach ndearnamarne é.

Fearn said...

@An t-aon rud cinnte, pé treocht atá ann, ná nach ndearnamarne é.


Sin deilín na malrach gan chéill aar fud an domhain, nach ea?

aonghus said...

Is cuma an muide a rinne nó nach rinne. Is fiú féachaint ar conas a bhaineann muid feidhm as acmhainní teoranta - fuinneamh, uisce glan, bia... agus gan iad a chuir amú.

Séamas Poncán said...

Cinnte, a Aonghusa, ach sin ábhar eile.