Friday, December 28, 2012

Gunnaí

Gach uair a tharlaíonn ionsaí uafásach le gunnaí, tosaítear caint faoi conas na gunnaí go léir a bhaint ón uile dhuine.  Tá a lán daoine ann agus a cheapann nach dtarlódh ionsaithe uafásacha marfacha gan gunnaí.  Ach is iomaí sampla atá ann go dtarlódh, faraor.  Bítear ag lorg réiteach simplí, ungadh ar a gcoinsias, rud le déanamh in éadain ruda nach mbaineann le ciall ar bith.  Dea-thoil, ach fós féin, drochchúis.  Dhéanfadh sé dochar agus ní dhéanfadh sé aon mhaith.

Is rí-dheacair a mhíniú do dhaoine nach Meiriceánach iad (agus do mórán Meiriceánach, freisin), cén fáth go gcreideann Meiriceánaigh go bhfuil ceart againn gunnaí a choimeád.

Tuigtear cearta ar nós difriúil i Meiriceá, go bunúsach.  San Eoraip, de ghnáth, cheaptar ar chearta mar bhronntanais ón rialtas.  Bíonn gach ceart ag an rialtas ach amháin iad a bhronntar ar na saoránaigh.  Ach i Meiriceá, creidtear go bhfuil cearta ag gach aon duine ón tús, agus níl aon cheart ag an rialtas ach amháin iad a bhronnann na daoine air (nó a gheilleann siad dó, le fírinne).

I Sasana, thug an rialtas cead do na protastúnaigh gunnaí a choimeád sa 17ú aois.  Thuig bunaitheoirí na tíre seo go mbíonn sé tábhachtach go mbíonn saoránaigh ábalta iad féin a chosaint - ón rialtas féin, go háirithe, más gá.  Gnáth uirlis a bhí i ngunna ón tús, sna Stáit.  Agus ó shin fós.  Ní raibh eagla orainn riamh roimh ghunnaí.

Ach maraon le beagnach gach rud, tá creideamh láidir ag an eite chlé go bhfuil gunnaí go holc, agus nach bhfuil aon chiall ar bith ag aon duine nach gcreideann amhlaidh.  Is mór an trua nach mbíonn suim ag daoine mar sin sna fíricí.  Agus tá dea-smaointe ann chun rudaí dearfacha a dhéanamh, ionas go mbeadh na páistí ní ba shláine.  Ní bheadh a fhios sin ag éinne a bhraitheann ar na meáin chumarsáide chun a chuid eolais a fháil, ámh.  Agus tá an t-uachtarán seo againn ceartchreidmheach mar liobrálach - glan ina aghaidh gunnaí (is bun-chearta mhuintir Mheiriceá...).

Is iomaí rud bréagach a insítear.  Mar shampla, deirtear go bhfuil rud mar arm ionsaitheach ann atá an-difriúil ón ghnáth-arm.  Is ionann iad ach amháin an dealramh díobh.  Deirtear gur olc an rud é gunna 'leath-uathiobrích', ach tá a leithéid ann ón 19ú aois, gan fadhb ar bith.  Agus síleann roinnt daoine nach mbeadh gunnaí ann dá mbeadh siad in aghaidh an dlí.  Ach dar ndóigh, mar a deir an mana, dá mbeadh gunnaí in aghaidh an dlí, ní bheadh gunnaí ach ag coirpigh amháin.

Tá timpeall 270,000,000 gunna ag sibhialtaigh Mheiriceá, agus timpeall ceithre mhilliún eile ag an arm is na póilíní.  Fiú dá ndéanfadh cosc ar ghunnaí aon mhaith, níorbh fhéidir é a chur i bhfeidhm in aon chor.

De ghnáth, bíonn daoine níos sláine má bhíonn daoine maithe le gunnaí i láthair.  Tá samplaí go leor ann.  Ní féidir gach olcas a chosc.  Ach is féidir troid ina n-aghaidh.  Tá fadhbanna níos bunúsaí ann ná teacht ar ghunnaí, agus b'fhearrde dúinn díriú orthu sin - cabhair do na gealta, aithne ar ár gcomharsana, meas ar an mbeatha, creideamh i nDia...

Ach tá sé i bhfad níos éasca an milleán a chur ar ghunnaí.  Mór an trua.  Faighean creidimh na liobráithe an bua ar an bhfírinne arís is arís eile.  Tá súil agam go bhfuil meas ar ár mbunreacht láidir go leor chun seasamh in aghaidh an ionsaí seo is déanaí.

5 comments:

aonghus said...

Cén míniú atá agat an bhfíric gur mó i bhfad líon na sléachta agus go deimhin na báis de bharr úsáid gunnaí i SAM ná áit ar bith eile?

Ní aontaím leat dála an scéil maidir leis an tuiscint Eorpach ar chearta ná ar an Stáit.

Ní ionann an stair thall agus abhus gan amhras, agus tuigim an ciall bhunúsach leis an dara leasú; an duine a chosaint ar fhorlámhas an Rialtas.

Ach cruthaíonn fáil éasca ar ghunnaí éifeachtacha deiseanna nach mbeadh ann murach iad.

Séamas Poncán said...

Ní fíor an 'fhíric' sin.
Tá Meicsiceo
níos measa - agus dlíthe láidre in aghaidh na ngunnaí acusan.

April said...

Alt maith, a Shéamais. : )

Tá dlíthe láidire in aghaidh na ngunnaí i Siceagó, agus tá 500 daoine maraithe le gunnaí ag na daoine gorma sa gcathair céanna. Gunnaí mídhleathach, das.

Ar ndóigh, tá dlíthe láidre in aghaidh dúnmharuithe ar an gcéad dul síos.

Sílim féin go bhfuil ceacht le foghlaim as sin.

Réaltán Ní Leannáin said...

ní chuirim locht ar ghunnaí. cuirim locht ar lucht gunnaí.

Séamas Poncán said...

Mar póilíní, saighdiúirí, sealgairí, lúthchleasaí Olimpeacha...
Cuirimse an milleán ar choirpigh.