Níos minice ná a mhalairt i gcúrsaí polaitiúla, bíonn a lán daoine ag troid in aghaidh miotais agus ag déanamh ionsaithe ar fhir thuí. Is iomaí sampla atá againn. Agus is beag an difear idir inniu agus inné.
Deirtear gur duine aineolach gan eagna chinn é George W. Bush. Ach ní dhearna sé go dona riamh ar scoil, agus bhain sé MBA amach ag Harvard. D’éirigh leis mar fhear gnó agus mar pholaiteoir. Tá daoine claonta in aghaidh a bhlais agus a nósanna cainte, in aghaidh a chreidimh is a chuid tuairimí, agus cumadh an miotas seo gan bhunús. Cheaptaí go raibh Reagan lagintinneach, freisin, gan chúis.
Creidtear gur óinseach í Sarah Palin mar gheall ar mhiotais a scaipeadh ceithre bliana ó shin. Ní thuigeann mórán daoine nach ionann sí féin agus an magadh a rinneadh fúithi ar Saturday Night Live ar an teilifís. Ba chúis mhór é do na meáin chumarsáide í a dhíspeagadh, mar ní raibh daoine coimeádacha rí-shásta le John McCain, ach bhí siad sásta go breá le Palin. Seachas an mhiotais, an bhfuil aon duine dáiríre ann a déarfadh gur níos cliste ná í Joe Biden?
Má tá an lucht acadúla in aghaidh an uile rud a cheapann tú, ní mór nach bhfuil tú ró-chliste, ceaptar. Dúirt Tom Wolfe gur ‘intleachtach’ an té atá eolach i réimse amháin, nach mbíonn ag nochtadh a chuid tuairimí ach faoi réimsí eile. Dúirt Richard Posner gurb fhéidir leis an intleachtach rathúil feidhm a bhaint as a cháil chun cur síos a dhéanamh os comhair an phobail i gcoitinne ar ábhair maidir lena bhfuil sé ina amadán. Tá blas den fhírinne sna ráitis seo.
Deirtear go bhfuil Obama an-éirimiúil agus cliste. Bhí seisean ar scoil ag Harvard, freisin. Níl a fhios ag éinne conas a d’éirigh leis, mar níl sé sásta an t-eolas sin a roinnt. Bhí sé ina uachtarán ar an Harvard Law Review – mar gheall ar vótaí, seachas aon riachtanais acadúla. Deirtear gurb í sin an bhliain is lú a luaitear aon rud ón iris sin, mar atá. Níor scríobh Obama féin ach alt amháin – ar son an ghinmhillte...
Fuair Mitt Romney MBA ó Harvard, freisin - cum laude. D’éirigh go breá leis mar fhear gnó, dar ndóigh. D’éirigh le Obama mar dhírbheathaisnéisí. Cé acu an duine is éirimiúla?
Deirtear gur óráidí cumasach é Obama. Ach minic go leor, bíonn an rud ceannann céanna le rá aige. Agus gan an teleprompter, is iomaí botún a dhéanann sé. Ní minic a thuairiscítear na rudaí amaideacha seo, ach bíonn siad ann. Lorg ‘Obamaisms’ ar an idirlíon chun samplaí a fháil. Níl siad chomh dona le cuid a leasuachtaráin, Joe Biden, ach sin scéal eile...
Gan dabht, an sampla is fearr go fóill dá lagaíocht mar chainteoir agus mar dhuine cliste is ea an cur i láthair a rinne Obama sa chéad díospóireacht le Romney. A mhalairt dá dtuairiscítí faoin mbeirt acu. Agus cé acu an duine a dhíríonn ar mhiotais seachas ar fhíricí? Mar a dúirt Romney, tá sé de cheart ag uachtarán a eitleán féin is a theach féin a bheith aige, ach níl an ceart aige a chuid fíricí féin a bheith aige!
Creidtear gur polaiteoir den scoth é Obama. Ach creideann a lán daoine nach bhfuil in Obama ach polaiteoir sórt amaitéarach. Ní bhíonn sé ábalta oibriú go maith le daoine eile nach n-aontaíonn leis. Agus is léir nach bhfuil scileanna polaitiúla i gcúrsaí idirnáisiúnta aige. Ar tharla ‘Reset’ leis an Rúis? An bhfuil síocháin sa Mheánoirthear, ná baol air? An bhfuil dea-thoil an tsaoil Mhoslamaigh aige? Níl ná iad. Agus féach a bhfuil ag teacht chun solais maidir leis an ionsaí in Bengasaí na Libia!
Is minic a mhaslaíonn Obama cairde na Stát Aontaithe. Is minic a bhíonn sé ró-umhal os comhair naimhde agus daoine gan meas ar a thír. Tuigtear eisean níos minice ná a thuigeann sé féin daoine. An dea-pholaiteoir sin?
Chuir Obama i gcéill go raibh sé chun a bheith go ‘hiar-pháirtíneach’. Is iomaí focal deas a deir sé, ach má fheictear ar a ndéanann sé, bíonn sé ‘hiperpháirtíneach’. Níl aon rud ann nach ndéanadh sé ar son an ghinmhillte, mar shampla. Shíl sé nach raibh aon ghá leis na Poblachtánaigh ar chor ar bith – mar shampla, nuair a dúirt sé “Fuair mise an bua” mar fhreagra dóibh agus iad ag plé an phacáiste spreagtha (mar dhea) in 2009. Bhí Obama chun na céadta milliún dollar a chaitheamh ar na rudaí is ansa leis –mar chórais frithghiniúnacha –cé gur méar i súil na bPoblachtánach a leithéid.
Fuair Obama freagra dá ráiteas sin in 2010, ó mhuintir na tíre, nuair a chaill mórán daoine dá pháirtí a bpoist. Mar sin féin, bhrúigh sé Obamacare síos a scornach ina dhiaidh.
Deirtear go rí-mhinic gur cuma le Mitt Romney daoine bochta, agus mar sin de. Raiméis ar fad. Is daoine saibhre iad araon Obama agus Romney. Cé acu an duine is flaithiúla? In 2010, chaith Romney 14% dá chuid ioncaim ar son na carthanachta. In 2011, beagnach 30%. Obama in 2010, 14.2%. Ach nuair a thosaigh Obama mar iarrthóir ar an uachtaránacht, nocht sé nár chaith sé ach 6.1% in 2006.
Maraon leis an airgead a bhronnann Romney, is iomaí rud pearsanta a rinne sé mar charthanacht i rith a shaoil, go háirithe mar cheannaire ar a eaglais. Tá na scéalta ar fáil d’aon duine a bhfuil suim aige. Ach is fearr le mórán daoine an miotas. Ní féidir, dar leo, go bhfuil duine saibhir go deas. Ach amháin más Daonlathaí (ceachartha) é... mar is nós an Daonlathaí airgead ar le daoine eile é a thabhairt amach...
Bíonn miotais cumasach. Muise, bhí Obama sásta troid in aghaidh an fhir thuí agus a chúig trilliún dollar de ghearradh cánach, seachas an duine a bhí ina steillbheatha os a chomhar amach, nach bhfuil plean dá leithéid sin aige.
Tá miotais ann faoi Obama. Creideann a lán daoine gur Moslamach é. Madonna san áireamh... Mar gheall ar a chúlra agus ar na rudaí a deir is a dhéanann sé, is éasca an tuiscint seo a ghlacadh, ach dar leis agus dar leis na fíricí atá ar fáil, ní fíor é.
Creideann a lán daoine nár rugadh sna Stáit é. Is iontach cé chomh deacair agus a bhí sé fírinne an scéil sin a fháil. Dúirt an Harvard Law Review i mbeathaisnéis Obama in 1991 gur rugadh sa Chéinia é. Glactar gur rugadh sna Stáit go ginearálta anois. Tá roinnt daoine amhrasach fós, ach tá roinnt den locht ar Obama féin as seo, mar gheall ar an easpa eolais agus an droch-eolas.
Scaiptear miotais níos minice ná fíricí sa saol polaitiúla i Meiriceá. Faightear scéalta claonta i gcónaí ó na mórfhoinsí. Tá foinsí eile ann le tamall anuas a sholáthraíonn an taobh eile. An rud nach dtuairiscítear ar bhealach amháin (nó deich gcinn acu...), tuairiscítear ar cheann (amháin) eile anois. Sin rud dearfach. Bíonn plé beomhar ar siúl ar an idirlíon agus ar an raidió i gcónaí, gan aon chinsireacht. Agus ó am go chéile, bíonn deis ann chun daoine a fheiscint mar atá siad, mar a tharla sa dhíospóireacht ar an teilifís.
Go n-aithnítear na miotais mar mhiotais. Agus ná caitear vótaí ar son ná in aghaidh fear tuí.