Monday, April 30, 2012

tSen Guantseng

D'éiligh an laoch Síneach tSen Guantseng (Chen Guangcheng) ó na húdaráis sa tSín an tseachtain seo.  Cé hé féin?  Dlíodóir dall é, a sheas in éadan rialtas brúdúlach na Síne mar gheall ar a bpolasaí chun ginmhilleadh a dhéanamh ar mhná in aghaidh a dtoile, agus chun iad a aimridiú.  Roimhe sin, sheas sé ar son daoine faoi éalang agus in éadan droch-mhonarcha a bhí ag loit an dúlra.  Ach chuir a sheasamh ar son na mban is a bpáistí sa bhroinn fearg ar an rialtas, go háirithe an rialtas áitiúil. 

Deir rialtas na tíre nach é a bpolastaí ginmhilleadh nó aimridiú a bhrú ar dhaoine, ach níl aon amhras go ndéantar amhlaidh.  Sin an fáth go ndearna tSen a ghearán.  Chreid sé rialtas na tíre.  Ach is tír bhrúidiúl Chumannach í fós, agus ní cheadaítear aon tseasamh in éadan chumhacht an rialtais.

Cuireadh tSen faoi ghlas cúpla uair, mar gheall ar thriall bhréagach, agus bualadh go dona é - agus a bhean, leis.  Ciapadh a ghaolta eile, a mháthair is a iníon óg san áireamh.  Agus é faoi bhraighdeanas baile, ní cheadaíodh dó caint le héinne, agus cuireadh cosc ar aon chuairteoirí eachtránacha go háirithe.  Bualadh roinnt díobh a rinne iarracht chun cuairt a thabhairt air, fiú.

Anois, le cabhair ó laochra eile, d'éiligh sé.  De réir dealraimh, tá sé ag ambasáid na Stáit Aontaithe, ach níl aon admháil oifigiúil ann fós.  An bhfuil sé slán fós, mar sin?  Táthar ag súil.  Níl Obama iontaofa ar chor ar bith ag déaláil le drochrialtais, agus tá imní orm go ndéanfaidh sé feall ar tSen.  Ach le cúnamh Dé, beidh saoirse ag tSen, ar shlí.  Ní dóigh liom go mbeidh sé ábalta dul abhaile riamh.  Agus tá a chairde gaol i mbaol i gcónaí.

Tá aird an domhain ar a chás, agus tá seans ann go ndéanfar athruithe sa tSín mar gheall air.  Seans beag, cinnte, ach seans.  Feicfear.  Cúis náire don tSin is ea é, agus fadhb mhór anois do na Stáit Aontaithe, freisin.  Buíochas le Dia.

19 comments:

April said...

Ar chuala tú an ráiteas truamhéileach ónár n-uachtarán gan mhaith faoin 'appropiate balance' i dtaobh cás an fhir boicht seo? Agus tá a ghaolta fós i mbaol!

An t-uachtarán céanna a chuir glaoch ar Sandra Fluke chun a bheith cinnte go raibh sí ok thar éis Rush ag magadh fúithí, is léir gur cuma leis faoin tSen Guantseng!

Tá súil agam go mbeidh tionchar mór go leor ag súile an domhain ar an tSín. Ach de ghnáth, tá níos mó ná é sin de dhíth..Ní dhóigh liom go mbeidh an oiread sin de thionchar againn chun cunamh a thabhairt don fhear bocht seo agus a ghaolta nuair atá a fhios ag an tSín go mbeidh ár n-uachtarán féin sásta tacaíocht a thabhairt dóibh.

Mór an náire é Obama.

Séamas Poncán said...

Bíonn cearta daonna ar nós cuma liom ag an uachtarán seo...

Séamas Poncán said...

nuacht

Tá sé 'saor' is ag fanacht sa tSín.

Tá rialtas na Síne ag iarraidh orainne leithscéal a ghabháil! A mhalairt a ba chóir, dar ndóigh.

April said...

Tá an-mheas agam air. Tá sé ag iarraidh fanacht sa tSín chun troid agus feabhas a chur ar chursaí i dtaobh na n-oifigeach áitiulá a bhí dá gciapadh.

Fear an-chróga é. Ní bheinn féin ag iarraidh siúil píosa iná bhróga.

Mar go bhfuil iarracht ag an tSín scaoil leis na daoine rud beag i dtaobh cursaí eacnamaíochta, agus tá dul chun cinn déanta acu ó shin, b'fhéidir go mbeidh feabhas ag teacht ar an scéal.

Tá a fhios acu go bhfuil daoine ag féachaint orthu fós. Custaiméirí an uair seo.

{Tá e-thoitín i mo lámha féin as an tír sin agus mé ag scríobh.}

April said...

Brón orm. Leígh mé Drudge cupla nóiméad ó shin..tá mé croí bhriste faoin bhfear bocht.

Tá a chuid cairde imithe gan tasc ná tuarisc anois. Agus níl aon mhaith dó Hilary Clinton ná Obama.

Séamas Poncán said...

Níl aon duine acu (na Sinigh ná lucht Obama) iontaofa. Féach an t-alt seo

Fearn said...

"Níl Obama iontaofa ar chor ar bith ag déaláil le drochrialtais."
Ní mé!
Ach baineann seo le hábhar:
Dhear agus d'fhobair Apple an 4G iPhone sna SAM. Preaghas sna siopaí ( móide íoslódálacha ) 630$.
Ach, cá choimeáiltear é? Sa tSín, dar ndóigh. Costas coimeála 179$.
D'fhéadfadh Apple á gcoimeáil sna SAM, dar ndóigh, ar 337$. Choinneodh siad an brabús acu, ach ní bheadh sé chomh mór, cé go gcuirfeadh sé poist ar fáil do Mheiriceánaigh.
Tá SAM buartha go leor i dtaobh cumhacht míleata na Síne anois m.s. Tá "muince péarlaí" ag an tSín .i. sraith bunáiteanna míleata a ligeanna di "aire" a thabhairt dona loingeas agus iad ag easpórtáil don Afraic agus don Eoraip.
Cé go bhfuil SAM ag gearradh siar ar bhunáiteanna ar an gcoigríoch acu, d'oscail siad bunáit nua i nDarwin na hAstráile le deireannas le teannadh ar an muince seo. ( Ní raibh bunáit ag SAM san Astráil ón Dara Cogadh Domhanda.
Seans nach bhfuil Barróg Ó Buama chomh bog is a ligeann tú ort, ach go bhfuil sé idir dhá thine Bealtaine: Airgead a dhéanamh aisti nó smacht a chur uirthi

April said...

A Fhirn, mar is gnách , tá tú mícheart.
Tá na huimhreacha agat i dtaobh na niPhones bunaithe ar MHEASTÚCHÁN faoi na components amháin, cuid acu déanta sa tír seo. Ní chuireann siad cuid de na costaisí eile san aireamh, mar shampla ceadúnais, dleachtanna, taighde agus araile...

iphone 4s
http://www.techspot.com/news/45764-report-pegs-iphone-4s-manufacturing-cost-at-203.html
http://news.cnet.com/8301-13506_3-20123112-17/iphone-4s-parts-cost-$188-study-finds/
http://www.isuppli.com/Teardowns/News/Pages/iPhone-4S-Carries-BOM-of-$188,-IHS-iSuppli-Teardown-Analysis-Reveals.aspx

Ba cheart dhuit rud éigean a fhoghlaim faoi chúrsaí eachnamaíochta roimh chaint nó chlóscríobh.

Tá baint aige seo le Cummanachas sa tSín agus leis an Sóisialachas bog atá cleachtaithe sa tír seo ón New Deal ar aghaidh. Is iad polasaithe na heite chlé sa tSín a chruthaigh an córás a chruthaíonn fadhbanna na noibrithe atá iná gcónaí sna monarcháin in áiteanna cosúil le Shenzen agus ag obair 12/7 lá gach seachtain ar phaí iseal. Agus polasaithe na heite chlé a thiomaineann na comhlachtaí anseo thar lear chun úsáid a bhaint astu.

Agus ach go hairithe nuair nach mbíonn daoine sásta tacaíocht a thabhairt do na polasaithe céanna go tobann nuair atá á nairgead féin i gceist. Nach deas an rud é a bheith ag agóid nó ag vótáil ar son na timpeallachta agus ar son na noibrithe agus chun cánacha breise a ghearradh ar dhaoine nó ar chomhlachtaí a bhíonns in ann níos mó a shaothrú ná thusa? Rud maith iad taillí agus rialachaí agus maorlathais agus teastais agus tástálacha breise chun daoine a chosaint, mar dheá, nuair a shiltear go mbeidh daoine eile ag íoc astu. Is fiú iad cé nach bhfuil fórmhór acu éifeachtach .....go bhfuil tú sa siopa agus do lámh i do phoca féin. Cupla dollar níos mó a íoc ar rud éigean 'sábháilte' ó chomhlacht faoi rialacha Nanny State nó an ceann níos saoire ón triú domhanda a chuireann tú i mbaol i ndáirirre?

Cosnaíonn comhlionadh na rialacha airgead agus dhún go leor leor comhlachta mar gheall orthu. Is beag déantúsaíochta atá ag tarlú sa tír seo anois. Bheadh sé níos saoire gnó a chur ar bun faoin eite dheis, faoi mhargadh saor. Agus dá mbeadh sé níos saoire gnó a chur ar bun, ní theastodh na hearraí saora ón tSín uainn.

Ar aon chaoi, ní raibh rud ar bith atá déanta ag Obamao ar son na gcomhlachtaí, ach ar son ár rialtais féin a bhíonn ag caitheamh níos mó airgid ná a bhíonn nó a bheas ag teacht isteach. Chuir a pholasaithe féin idir na dá thine é.

DAS D'Iarr Obama ar Hollande á mhalairt a dhéanamh ....níos mó caiteachais a sheachaint agus gan canacha a ardú. An gceapann tú go bhfuil imní ar Obama go mbeidh torthaí a pholasaithe féin ar thaispeáint sa bhFrainc roimh Mhí na Samhna? Cén fáth a bhfuil sé ag déanamh imní ma bhíonn Liobrachaí agus Poblachtánaí Thea Pharty mícheart?

Rud éigin eile. Níl SAM buartha. Ní duine é SAM ach tír. Níl mothúcháin ag tíreacha.

Séamas Poncán said...

"Obamao" :-D

Fearn said...

A April, a dhuine,

"A Fhirn, mar is gnách , tá tú mícheart.
#Mise, nó mo thuairim? Cén chaoi?

"Tá na huimhreacha agat i dtaobh na niPhones bunaithe ar MHEASTÚCHÁN [# cad eile?] faoi na components [# na comhpháirteanna an ea?] amháin, cuid acu déanta sa tír seo.[#Ní dúradh a mhalairt ]

"Ní chuireann siad cuid de na costaisí eile san aireamh, mar shampla ceadúnais, dleachtanna, taighde agus araile..."
# Níor luadh mé Brabús GLAN


"Ba cheart dhuit rud éigean a fhoghlaim faoi chúrsaí eachnamaíochta roimh chaint nó chlóscríobh."
# B'fhéidir nach rachfadh an chomhairle chéanna amú ort fhéin.

April said...

Ní thuigim cén fáth nach dtugann sé Dunham nó Soetero air. Dá mbeinn i m'uachtarán agus dá mbeadh daoine in ann Obamanation a dhéananmh de m'ainm....

i ndáiríre, choinneoinn Soetero orm.

DAS..tá fáilte roimh ceartúcháin do mo chuid droch-ghaeilge i gcónaí.

Séamas Poncán said...

Ní minic a bhíonn aon rud as alt le do chuid Gaeilge, a chara. Ach roimh cHeartúcháin!

Muise, bhíteá i do dhuine ciúin blianta ó shin!

Fearn said...

"Rud éigin eile. Níl SAM buartha. Ní duine é SAM ach tír. Níl mothúcháin ag tíreacha"

A April, a dhuine,
Más ar foscadh ar do raimhre chinn fhéin atá tú, níl neart agam air. Bhéifeá dall ar ghnáis cainte, chora cainte, mheafair agus b'fhéidir ar fháthchiall.

Ach tá Séamus agat, agus sibhse ar aonfhocal, aonaigne agus is dóigh aonbhéal is aonmheon.
Dís leath-dhuine an aonaonaid sibh, bail ó Dhai oraibh

Séamas Poncán said...

Bhuel, ní miste liomsa focail a chur i mbéal SAM ó am go chéile...

April said...

Go raibh maith agat, a Shéamais! Níor thug mé an easpa h faoi dheara agus mé ag brú ar submit.

Ar aon chaoi, is léir go bhfuil muid OT...maith dom é, a Shéamais.

Agus a Fhirn, ceard atá scríofa agat ó dhorchadas íoslach do Mhamaí? Fan go bhfeicfidh mé..d'iarr tú orm miníú a thabhairt dhuit a fuarthas cheana féin i mo theachtaireacht thuas...roimh thusa a bheith ag backtrack-áil ón méid a dhúirt tú faoin 'mbrabús' a bheadh Apple in ann a 'choinneáil'..agus ina dhiaidh sin, ní bhfuair mé asat ach maslaí pearsanta nach raibh bunaithe ar rud ar bith ach do chuid samhlaíochta féin amháin. Sílim go bhfuil sé thar a bheith páistiúil a bheith do mo mhaslú mar gheall ar nach raibh tusa in ann botúin ar bith a phointeáil amach sa méid a scríobh mé ná mo chuid loighce agus réasúin a shárú.

Anois, ar ais den téad mar a bhí:

http://townhall.com/political-cartoons/2012/05/10/98972

Séamas Poncán said...

Ba dheas daoibh araon bheith ní ba bhoige. Ach is maith leis an saol troid, freisin...

Séamas Poncán said...

DAS, cad is brí de OT?

Fearn said...

A April,
GRMA as dada a rá.
Slán.

April said...

Ó Brón orm a Shéamais! Is geek ceart mé i ndáiríre..séard is brí leis ná chuaigh ábhar na téide ar strae orainn. Ciallaíonn sé sin off topic.