Friday, August 12, 2011

An bhFuil an Saol ag Titim as a Chéile?

Cheapfaí sin uaireanta, cinnte. An tóin ag titim as an stocmhargadh, géarchéim eacnamaíochta an domhain, ciréibeanna i Sasana - agus fiú tá liobrálaithe ann nach gcreideann níos mó gur dia é Obama!
Bhí duine (eile) anseo i Meiriceá ag fógairt deireadh an domhain tamall ó shin. Bhí dul amú air, dar ndóigh. Ach nach mbíonn imní ar an uile dhuine le déanaí!
Don chéad uair le fada an lá, tuigtear go bhfuil fadhbanna móra ann agus táthar ag dul i ngleic leo faoi dheireadh, buíochas le Dia. Beagán ar bheagán, casfar an long eitleán (sula mbualann sí cnoc oighir!).
Idir an dá linn, go mairimid beo an t-am seo arís, agus go raibh feabhas ar chúrsaí luath go leor! Misneach! Cothaíonn imní níos mó imní, go dtí an uair nach bhfuil ann ach imní - agus is é sin is bunsocair le cuid mhaith de fhadhbanna an lae inniu. Sin agus polaiteoirí ag mún ár gcuid airgid ar fud na háite...

2 comments:

aonghus said...

Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.
(Mth 25:13)

Níl deireadh an domhain buailte linn, ach is cinnte go bhfuil gá le atheagar ó bhun ar chúrsaí airgeadais.

Fearn said...

"an Saol ag Titim as a Chéile?"


Diabhail titim, a mhic!!