Monday, January 10, 2011

As a Meabhair

Chuala sibh, is dócha, gur lámhaíodh a lán daoine in Tuscon Arizona ar an deireadh seachtaine. Chuala sibh, gan dabht, to bhfuil daoine ag díriú a méara i dtreo Sarah Palin agus lucht na cóisire tae. Aon uair go mbíonn deis ann, insíonn daoine áirithe a leithéid de bhréagacha gan bhunús. Bhí gealt ann a lámhaigh na daoine sin, gan baint ar bith le polaitíocht daoine normálta.

Ní rud nua a leithéid. Nuair a maraíodh an tUachtarán Cinéide, dúradh a leithéid (gan bhunús). Ní dóigh liom go ndearna an eite dheas sin, fiú nuair a lámhaíodh an tUachtarán Réagan. Ach ní mór don eite chlé deamhain a dhéanamh díobh siúd nach n-aontaíonn leo, minic go leor, agus bíonn na nuachtáin is na tuairisceoirí teilifíse ann chun cabhrú leo.

Sa chás seo, thosaigh sirriam leis. Ní raibh sé de cheart aige aon rud mar sin a rá, ach sin an nós. Is breá le daoine ceap milleáin a fháil, go háirithe nuair is fuath leo na daoine sin cheana. Is leithscéal maith sin chun foréigean a imirt ar na daoine sin. Sea, mar is iondúil, bíonn a mhalairt de thoradh ar an rud a deir an eite chlé. Tragóid a tharla, gan chúis le fuath is foréigean eile a chothú. Ach níl aon náire ag na meáin thraidisiúnta (an móramh, ar a laghad).

Deis iontach eile is ea é seo dóibh siúd ar fuath leo gunnaí, freisin, dar ndóigh. Nuair atá daoine corraithe mar gheall ar dhrocheachtra mar seo, sin an uair is fearr dóibh cearta úinéirí gunnaí a chosc. Ach ní dhéanfadh sin ach dochar. Ní dhéantar aon dlí maith go tapaidh, agus ní mór gach taobh de cheist a thuiscint. Is maith an rud é nach mbeidh an chomhdháil ag déanamh a lán oibre an tseachtain seo.

Mar a deirtear, dá mbeadh gunnaí mídhleathach, ní bheadh gunnaí ach ag na coirpigh. Féach ar Mheicsiceo. Ach fós féin, níl aon ghá le gunnaí ag dúnmharfóirí. Bíonn siad an-úsáideach chun daoine (agus tú féin) a chosaint, mar a tharlaíonn.

7 comments:

Séamas Poncán said...

Dála an scéil, is cuma faoin mapa sin, mar níl aon rud nua ann ach oiread. Féach

Séamas Poncán said...

Agus má tá suim ar bith agat in Paul Krugman...

Mise Áine said...

Mar a dúirt mé ar bhlag Dennis, a Shéamais, tá mo thrua leo siúd a chaill, nó atá gortaithe.

Tabhair faoi deara an URL/seoladh nua atá ag mo bhlag, a Shéamais,
agus athraigh na sonraí ar do bhlag féin, más gá. GRMA

http://ramhaille.blogspot.com/

Séamas Poncán said...

Is iomaí alt maith atá ann ar an ábhar seo anois (agus an iomarca de chacamas, dar ndóigh). Seo ceann maith eile.

Anonymous said...

Is maith liom é seo:

When was it less heated? Back in those “calm days” when political figures literally settled their differences with dueling pistols?

Séamas Poncán said...

Go hiontach, a Sheáin. Dar ndóigh, tá daoine eile ann nach bhfuil sásta lena cuid focal fiú i ráiteas mar sin.
Chuir an t-uachtarán isteach ar mo rogha clár teilifíse aréir agus mar sin chuala mé roinnt dá ndúirt, agus chuir sé masmas orm nuair a luaigh seisean gur féidir a leithéid de dhúnmharú a sheachaint sa todhchaí má bhímid níos deise inár bplé polaitiúla. Raiméis, "blood libel," mar a dúirt Palin. Nós Stalin is ea é an bhréag seo a ath-insint go gcreidfear é. Uafásach ar fad.

Séamas Poncán said...

Agus má tá fadbh ag éinne leis an tearma sin blood libel...
DAS, ní mharaíonn na Giúdaigh leanaí Chríostaí ach oiread. Pé rud a léann sibh sa Guardian srl...