Friday, September 17, 2010

Ní Cheadaítear Amhras

Fiú má bhíonn poll mór sa scéal. Mar an poll a luaitear le déanaí mar gheall ar thoradh Phrotocol Montreal. Ceiliúradh caithréimach go ndearnadh an rud ceart (agus gur dea-shampla sin don uile rud eile cosúil leis a dhíríonn ar an téamh domhanda...) atá ann, feictear. Tá an cath sin thart, dar ndóigh, agus is casta an scéal é. Tá a lán foghlamtha ó shin, agus beidh i bhfad níos mó, le cúnamh Dé. Ach an rabhamar ceart? Sea, táim á cheistiú. Ní mór dom bheith ar an taobh eile de beagnach gach aon scéal, nach ea?

Nílim ag rá nach bhfuil 'poll ózóin' ann. Bíonn, bhíodh, agus beidh, chomh fada agus is eol dúinn. Baineann sé le dhá chúis, den chuid is mó, go bhfios dúinn. Scriosann clóirín san aitmaisféar ard an ózón, le cabhair ó ghathanna cosmacha. De réir dealraimh, tá timthriall nadúrtha ann a mhéadaíonn an poll seo go rialta, timpeall gach 11 bliain.

Is iomaí cúis go bhfuil clóirín saor san aitmaisféar (agus ózón), ach cuireadh an milleán ar fad as an bpoll seo ar na CFCanna (clorafluaracarbóin), agus trí bhliain is fiche ó shin, coscaíodh iad. Sin freon agus a leithéid. Má shábhálamar an domhan, b'fhiú sin. Ach bhí costas an-ard ann:


At the time, the CFC industry was worth about $8 billion in the U.S.,
employed over 600,000 people directly, and 1.4 million people indirectly...

Nílim an t-aon duine amháin atá amhrasach, ámh, gur shábhálamar an domhan. Seo duine de mo leithéid (S. Fred Singer). Tá a lán rudaí suimiúla le rá aige. Ach is 'eolaíocht shocraithe' atá i gceist anois (mar a bhí an domhan cothrom...) agus ní cheadaítear a cheistiú, de ghnáth. Is mór an trua sin, mar tá an scéal an-suimiúil agus tá mórán le foghlaim as nach bhfuil foghlamtha go fóill. Go háirithe maidir leis an bpolaitíocht a bhain leis an bpoll ózón seo...

Anois, b'fhéidir cúpla focal faoi DDT agus an mhaláire? Ar ball. Beidh mé ag sábháil an domhain idir an dá linn...

(Rud suimiúil nach mbaineann le hábhar: an bhfuil a fhios agat cad is PVC ann?)

4 comments:

Anonymous said...

Ní fearr leat earráid a dheánamh ar son faichille riamh? Ní 'eolaíocht shocraithe' seo, mar a dhúirt tú, mar sin, cad tuige a gcuirfimis daoine i gcontúirt?

Séamas Poncán said...

Chun an saghas sin damáiste a dhéanamh don gheilleagar, ní mór go bhfuil an baol an-mhór agus go bhfuilimid réasúnta cinnte de, agus nach ndéanfaidh an réiteach cúrsaí níos measa. Bíonn cur is cúiteamh i gcónaí ann idir riachtainais dhaoine (agus eacnamaíochta) agus riachtanais an dúlra. Is breá liom crainn, agus is breá liom adhmaid, mar shampla. Dá mbeadh duine le rá go dtiocfaidh Lá an Bhrátha má úsáidfimid adhmaid, gan sin a bheith cinnte, ní stadfainn adhmaid a úsáid. Ní miste dom bheith faichilleach, ach ní mór dom bheith stuama ag an am céanna. Is iomaí Chicken Little atá againn sa lá atá inniu ann, agus is minic go bhfuil cuspóirí eile aige ná an dúlra a shábháil...

Séamas Poncán said...

Féach an blagmhír seo

Anonymous said...

... is minic go bhfuil cuspóirí eile aige ná an dúlra a shábháil ...

Agus aontaímse leat air sin!