Tuesday, June 01, 2010

Leithscéal eile Dóibh ar Fuath Leo Iosrael

Is cuma cad iad na fíricí, dar ndóigh. Cé go bhfuil siad ar fáil. Níl cluas le héisteacht ag lucht an fhuatha. Bhí sé ar intinn ag na 'gníomhaithe ar son na síochána' seo troid a thosnú a chuirfeadh droch-chlú ar Iosrael, agus a thabharfhadh cabhair do na sceimhlitheoirí Hamas in Gása. Agus nuair a bhí sé riachtanach do na saighdiúirí Iosraelacha roinnt díobh a mharú chun iad féin a chosaint (ón saghas sin 'síochána'), fuair lucht na mbád seo an bua, i súile na bhfrithIosrealach.

D'aon ghnó a tharraing siad an troid is an foréigin seo orthu féin, agus dhíultaigh siad gach tairiscint a rinne Iosrael chun fíor-chabhair a thabhairt do na hArabaigh bhochta in Gása. Bhí sé ina chuspóir amháin acu an t-imshuí a bhriseadh agus náire a tharraingt ar Iosrael. Ionsaí ar Iosrael ab ae é. Ní raibh aon ghá leis ach chun sin a dhéanamh. Ní raibh aon bhaint ag an eachtra seo leis an tsíocháin a chothú, ná baol air. Ionsaí ab ea é.

Ach is cuma leis an eite chlé (na meáin choitianta, an chuid is mó de na hEorpaigh, na NA, srl.) cad iad na fíricí. Ceapann siad go bhfuair siad an bua. Ach cé nach cara do Iosrael é BHO, ar a laghad (agus nílim ag rá gur mar gheall ar an gceart atá sé á dhéanamh), níl sé ag tabhairt faoi Iosrael go hoscailte. Dá mbeadh na clocha aige chun seasamh a dhéanamh ar son Iosrael agus cearta na ndaoine sin...

Maidir le lucht na mbád sin, ní bhíonn aon bhac ar bhia ag teacht isteach go Gása, agus níl aon ghéarchéim bia ann. Ní raibh siad ann chun daoine bochta a chabhrú. Bhí siad ansin as cúis amháin - chun Iosrael a shaighdeadh agus cabhair a thabhairt do naimhde Iosrael. Is léir sin d'aon duine d'fhéachadh air le súile oscailte. Dá mbeadh ní ba mhó dá leithéid sin ann...

12 comments:

Concubhar said...

Más é sin an chás, ba cheart nach mbeadh aon deacracht ag Iosrael fiosrú neamhspleach idirnáisiúnta a bheith ann....

Séamas Poncán said...

B'fhéidir. Ach cé a bheadh neamhchlaonta?

Séamas Poncán said...

An nuacht is déanaí.

Séamas Poncán said...

Agus maidir leis an dlí, dóibh nach bhfuil a fhios acu cén fáth go bhfuil an ceart ag Iosrael chun báid a stadadh mar seo...

Séamas Poncán said...

An bhfuil aon amhras ann faoi chuspóir na mbád siúd anois?

Séamas Poncán said...

An Fhírinne - agus is cuma leis an saol.

Duine atá ag iarraidh dul i dteagmháil leat. said...

An bhfuil do sheoladh rphost ar fáil áit ar bith?

Séamas Poncán said...

A dhuine anaithnid, féach anseo

Séamas Poncán said...

Ah, is breá leo an tsíocháin...

Séamas Poncán said...

an dorchadas orainn.

Unknown said...

Aontaíom leat i dtaca cad a bhí scríofa agat sa nuachtáin Gaelscéal maidir le Iosráil agus gur bheag na cairde a atá ag an tír sin agus go raibh tusa ina measc. Mise ina measc freisin agus ó tamall fada ó na seascaidi.
Mícheál Mac Mathúna

Séamas Poncán said...

Maith thú a Mhícheáil. Nílimid inár n-aonar.