Tuesday, March 23, 2010

Nach bhFuil Grá ar Bith agat do do Mháthair?

Seo an nós:

Cuir i gcás go bhfuil dlí le scríobh agat. Ba mhaith leat páistí os cionn aois a cúig agus faoin aois a hocht déag a chur ag obair sna monarchana, gan phá. Tá a fhios agat nach mbeidh an móramh sásta leis sin, agus mar sin, deir tú go bhfuil sé ar son a máithreacha, chun leas na bpáistí, agus leas na tíre an dlí seo. Sea, cumann tú teideal breá dó:

Bille Ghrá na Máithreacha

As sin amach, aon duine nach n-aontaíonn leat agus a oibríonn in aghaidh an bhille seo, is léir nach bhfuil grá ag an té sin dá mháthair, agus beidh scéalta dá leithéid sin in gach aon nuachtán (mar is cairde duit iadsan).

Agus an duine sin ag iarraidh é féin a chosaint, cuirfear an cheist seo air:
"Cathain a d'éirigh tú as do mháthair a bhualadh?"

Sin an pholatíocht i Meiriceá.

Monday, March 22, 2010

Ó Buime

Fuair an eite chlé bua mór aréir. Le gach saghas breibe is bréige, bailíodh vótaí go leor chun "comprehensive health care reform" (cúram sláinte faoi chumhacht an rialtais) a dhéanamh in a dhlí. Ghlac an rilatas seilbh ar 1/6 den gheilleagar, in ainneoin toil na ndaoine, agus an móramh díobh ina aghaidh. Ní bhfuair siad vóta amháin ó Phoblachtach amháin, fiú na liobrálaithe. Sheas 34 Daonlaitheach ina éadann, fiú. Vóta 219 go 212 ab ea é. Níor tharla a leithéid riamh roimhe seo, go gcuireadh dlí chomh tábhachtach i bhfeidhm gan tacaíocht ar bith ón taobh eile. Sin 'teacht le chéile' Uí Buime duit.

Níl gach rud socraithe go fóill, agus táthar ag troid fós. Ach de réir dealraimh, beidh orainn an dlí seo a chur i bhfeidhm ar feadh tamaillín, ar aon nós, sula mbeimid ábalta an damáiste a dheisiú - más féidir. Deirtear go mbeidh droch-thoradh ar seo don pháirtí Doanlaitheach Mí Shamhna. Táthar ag súil. Tá sé seo níos measa ná an bhail a bhí orthu in 1994, agus fuair siad leadradh ansin.

D'éirigh leo sa chath seo, ach le cúnamh Dé, beidh an bua againne sa chogadh.

An bhfuil aon duine a chreideann fós go bfhuil Ó Buime chun an dá thaobh a aontú agus gur neamh-pháirtíneach é fós? Lasmuigh teach na ngealt, sin a rá?

Tá súil agam nach taistealfaimid níos faide anonn ar bhóthar seo an tsóisialachais. Beidh tír eile ar fad againn, má dhéanfar, agus an-dochar don domhan ar fad gan saoirse sna Stáit. Cé gur stád nadúrtha an chine dhaonna sin - go sabhála Dia sinn. Gealladh 'Athrú' dúinn. Seo linn. Agus an 'Dóchas'? An dóchas go mbeadh níos mó agus níos mó cumhachta ag lucht seo na heite clé a bhí i gceist, faraor.

Déanann vóta difear. Agus is mór an difear idir pártaithe polaitiúla. Sin ceacht thábhachtach do a lán daoine a chaith vótaí ar son Uí Buime ionas nach raibh siad sásta le GWB. Cé chomh dona agus a bhíonn McCain agus na Poblachtánaigh go minic, níl aon chosúlacht idir sin agus seo.

Ní hé an réiteach é an rialtas - is é an fhadhb é!

Tuesday, March 16, 2010

Ó Bama vs. Iosrael

Ní cuimhin liom cén duine (Concubhair? Fearn?) a dúirt, ach nuair a thosaigh réim Uí Bhama, dúirt duine gurb é an t-aon rud nár mhaith leo ná nach raibh sé dian go leor ar Iosrael. Bhuel, mo léan, is dócha go bhfuil an duine sin sásta anois ar an ábhar sin (ach is iomaí rud eile a rinne BHO ó shin nár mhaith leis, is dócha, mar choimeád sé mórán de pholasaithe GWB, srl.).

Is iomaí rud a rinne agus a dúirt BHO le bliain anuas a bhí maslach do Iosrael, ach anois tá géirchéim ann. Mar is iondúil, is iadsan a bhíonn ag rá gur ar son na saoirse iad, na daoine céanna a bhíonn ag cothú na bhfadhbanna. Dá mbeadh siad i ndáiríre. Ach tá iompar na ndaoine seo cosúil le daoine eile rompu a chuaigh ar strae, agus a rinne dochar sula ndearna siad maith. Faraor, nílim dóchasach go ndéanfaidh an criú seo aon mhaith as seo amach ach oiread, ach a mhalairt.

Is nós le rialtas BHO maslaí a thabhairt dár gcairde agus focail mhilse a thabhair dár naimhde. Níl aon tír eile ann a fhaigheann droch-íde níos measa ná Iosrael, agus anois tá an criú seo ag iarraidh an tír seo a iompú go dtí an taobh dorcha (rud nach dtarlóidh riamh, más pobal na tíre atá i gceist). Tá siad ag déanamh neamhairde do dhlithe ár dtíre, do mheon na ndaoine anseo, agus do stair Iosrael. Is í Iarúsailéim an cnámh spáirne sa chonspóid is déanaí seo. Ach níl aon chúis leis sin, le fírinne. Ní mór stair Iarúsailéime a thuiscint, sin uile. Faraor - agus BHO is a chairde san áireamh - is iomaí duine gur cuma leo na fíricí. Pé rud a dhéanfadh Iosrael maidir le Iarúsaléim Thoir, is le hIosrael an rogha sin, mar is leosan an chathair.

Ní miste liom go ndearna Iosrael rud a thaispeán do lucht BHO go bhfuil siad neamhspleách ó na Stáit Aontaithe, agus go dtuigeann siad nach bhfuil an rialtas seo iontaofa nó measúil. Ach níor chabhair sin leis an iarracht is déanaí chun síocháin a chothú (mar dhea) idir Iosrael is na hArabaigh, agus mar sin, ghabh Netanyahu a leithscéal. Ba chóir dá mbeadh deireadh leis an rud ina dhiaidh sin. Ach lean BHO, Biden agus Clinton ar aghaidh chun fadhb níos mó a dhéanamh de. Is maith liom an rud a dúirt an Seanadóir Sen. Brownback:
It's hard to see how spending a weekend condemning Israel for a zoning decision in its capital city amounts to a positive step towards peace."
Féachaint nach raibh Biden ann fós, ní dúradh faic faoin rud a rinne Fatah cúpla lá ar aghaidh. Níor bhain sin le haon rud dleathach, ná le tír ná le rialtas aitheanta. Bhain sin leis an olc. Mar sin féin, tá Biden feargach maidir le hIosrael as tithe a thógáil dá muintir ina ceannchathair féin, seachas maidir le sceimhlitheoirí ag ceiliúradh murdar.

Is olc an mhaise do na Stáit Aontaithe faoi láthair. Amaitéaraigh dhainséaracha atá i mbun na tíre, go sábhála Dia sinn (agus Iosrael).


Wednesday, March 10, 2010

Siopa Leabhar Naitsíoch Bhaile Átha Cliatha

Chonaic mé grianghraf de shiopa leabhar cumannach (dúirt an comhartha) i mBaile Átha Cliatha in Saol (Connolly's?), tamall ó shin, agus tá sé ag dó na geirbe orm ó shin. Tá a fhios agam gur iomaí duine saonta atá in Éirinn a chreideann an seanbhréag go ndearna na cumannaigh botúin, ach go raibh dea-thoil acu, agus dá ndéanfadh i gceart é...!

Is dhá shaghas sóisialachais iad an cumannachas ags an faisisteachas. Féach ainm an pháirtí as a dtagann an focal sin naitsí - Nationalsozialismus (sóisialachas náisiúnta). Féach a gcuid polasaithe. Agus féach go mbraitheann an dá shaghas araon ar an bhforéigin is an murdar. I gcónaí, gan eisceacht. Dea-chaint agus comharthaí a bhíonn acu go minic, ach gníomhartha gránna i gcónaí. Sea, bhraith an naitsíochas ar an gciníochas, cinnte, ach níor bhraith an faisisticheas air i gcónaí. Bíonn cumannaithe sásta daoine a mharú mar gheall ar chéim (agus an iliomad cúis eile...), seachas cine. Cé acu is fearr, dar leat?

Mar sin, má táthar sásta go bhfuil siopa cumannach ann, cén fáth nach mbeadh siopa naitsíoch ann? Ba bheag an difear. Agus má dhíoltar t-léinte de Ché Guevara, cén fáth nach ndíoltar t-léinte de Mussolini nó Goebels? Nó fiú Beria? Ahhh, dúnmharfóir deas ab ea Ché, an dtuigeann tú.

Tamall ó shin, bhí mé ag cóisir ag caint le triúir. As tíortha éagsúla sinn go léir. Beirt as tíortha iar-chumannacha. Thosaigh an duine eile cur síos a dhéanamh ar bhuntáistí an tsóisialachais. Ní dúirt na daoine eile mórán. Bhí a fhios acu gur amaideach mo dhuine. Ní dóigh liom go mbíonn mórán Polannach ag ceannach na leabhar cumannach i mBaile Átha Cliatha ach oiread.