Thursday, January 28, 2010

An Té agus Bail an Aontais

Thug Ó Bama óráid bhail an Aontais den chéad uair aréir. D'fhéach mé ar chúpla nóiméad de (ní féidir liom éisteacht leis ar feadh i bhfad). An méid a chonaic mé, ba leor sin.

Léacht a thug sé, agus maslaí do mo leithéid. Is cúis iontais dom i gcónaí cé chomh dall agus a bhíonn sé. Thugann sé maslaí ar na daoine nach n-aontaíonn leis (agus bíonn níos mó agus níos mó dínn ann gach lá), agus ansin deir sé gur mhaith leis obair leo, agus go bhfuil sé sásta éisteacht leo. Ní féidir é le dearcadh mar atá aigesean, dar ndóigh. Is eisean an t-uachtaráin is deighiltí is is páirtíní dá raibh ann riamh, b'fhéidir, cé go maíonn sé minic go leor gur mhaith leis a bheith 'post-partisan'. Seafóid.

Dúirt sé go bhfuil daoine in aghaidh a phlean don chúram sláinte náisiúnta mar níor mhínigh sé dúinn i gceart é - ní thuigimid, sin a rá. Níl meas ar bith aige ar aon duine nach n-aontaíonn leis. Bhí gach rud ina chaor tuathail nuair a thosaigh sé - ní raibh fios a ghnó ag aon duine roimhe, tuigtear. Tá sé in am a bheith ciallmhar (mar ní raibh éinne ciallmhar roimhe, tuigtear). Muise, is sotalach go croí é.

Seafóid agus baois gan bhrí den chuid is mó dá ndúirt sé, mar is iondúil. Agus an bheirt amadáin sin Biden agus Pelosi ina suí taobh thiar de, bhí sé rí-dheacair dom féachaint orthu ar chor ar bith. Ní thuigeann siad cé chomh feargach agus atá muintir na tíre. Chaill a gcomhpháirtí an toghchán in Massachussetts, agus is tuar sin ar a bhfuil le teacht. Ní leor nod do mo dhuine, is amhlaidh. Brúfaidh sé na polasaithe céanna ar aghaidh, níos tréine, gan aird ar bith a thabhairt ar thuairim nó dhuine ar bith eile nach n-aontaíonn leis. Go gcoisctear é. Mar atá, tá gach rud mí-shocraithe aige, agus tá an geilleagar thíos leis. Níl a fhios ag éinne cad a dhéanfaidh sé, agus cén damáiste a dhéanfaidh sé, don lucht gnó go háirithe. Ach ní thuigeann sé sin ach oiread - cuireann sé i gcéill go bhfuil sé ag spreagadh post agus mar sin de. Focail fholmha a dhéanann dochar i gcónaí uaidh.

Maidir lena stíl agus é ag caint, cheap mé go riabh cócaon caite aige ar dtús. Gan aon mhaith ar bith déanta aige, gan plean feidhmiúil ar bith aige, ach fós bhí sé caithréimeach! Níl fadhb ar bith aige, bíonn sé ceart agus is breá le gach éinne é, dar leis. Is breá leis é féin, is léir. Is eisean An Té.

Dá mbeadh uachtarán dáiríre againn. Ar ball. Sul i bhfad. 2012. Agus idir an dá linn, is iomaí toghchán a chaillfidh na Daonlaithigh.

9 comments:

Concubhar said...

Más amhlaidh go bhfuil na Poblachtánaigh ag brath ar Sharah Palin, tá sibh i bhfíor trioblóid dar liom. B'fhéidir go mbeidh fear Massachusetts ábalta gnó a dhéanamh ar bhúr son - agus an 'centrefold' a dhéanamh i Cosmo le cois.

Na rudaí ar fad a deir tú faoi Obama, feictear domsa go bhfuil siad fíor faoi George W. Bush agus a chomh choirpigh i Rialtas SAM idir 2000-8.

An bhfuil sé scoilteach a bheith ag iarraidh cúram sláínte a chur ar fáil do gach teaghlach i Meirceá, iad san atá imeallaithe ag na comhlachtaí móra arachais? An bhfuil sé pairtíneach bheith ag iarraidh ar na bainc a fuair cead a gcinn le linn ré Bush agus a scrios geilleagar SAM an t-airgead sin a fuair siad ón gcáin iocóir a ioc ar ais.

Le linn reimeas na bPoblachtach, is ansin a théann Meirceá chun donais ar fad. Tharla sé i 1929 nuair a thit an tóin as Wall Street agus b'é Coolidge a bhí i gcumhacht más buan mo chuimhne. B'é FDR a tháinig i gcabhair ar SAM leis an New Deal agus 'Happy Days Are Here Again' agus murach é, cad a bheadh le déanamh ag cosmhuintir SAM ach bás a fháil den ocras, faoi mar a léiríodh i leabhar Steinbeck, the Grapes of Wrath.

Anois tar éis reimeas tubaisteach Bush, is ar Obama a thiteann sé SAM a thabhairt ar ais in ard a réime ach tusa, is do leithéid, an dream a chreideann leithéidí Glenn Beck agus na duramáin claonta eile ó Fox News, tá sibh ag clamhsán agus ag leiriú bhur mídhílseacht agus bhúr frith Mheirceánachas. An é dath a chraiceann atá ag cur isteach ort nó substaint an fhir?

Séamas Poncán said...

Is éadomhain do thuiscint ar gach rud a luann tú, faraor. Ach tá tuairimí láidre agat!

John M O Donoghue said...

Aontaoim le Choncubhair agus Séamas Poncáin.Ní fear mór an éite chlé mé ach ní aontaoim leis na tuairimí ón éite dheas a bhíonn dé shíor a lua ar am blag seo.

Dubhaltach said...

Bhíos ar tí rud éigin a rá....ach tá chuile rud clúdaithe go paiteanta ag Concubhar, bail ó Dhia ort.

Séamas Poncán said...

Ní féidir leat aontú liomsa AGUS le Concubhar, ach go fíor-annamh, John.

Concubhar said...

Is brea liom tuairimí na h-eite dheise mar a luaitear ar an mblag seo iad. Ni aontaím leo ach ní h-ionann sin agus nár cheart iad a bheith raite ós árd in áit eigean agus i nGaeilge.

Creidim go bhfuil Seamus ró chruaigh ar Obama - b'fhéidir nach é an slanaitheoir, ach ní chuireann sé an chuma sin air féin. Tá sé sásta seasamh ós comhair an phobail agus lucht a cháinte agus na ceisteanna crua a fhreagairt. Chaith Bush furmhór a gcuid ama ar chúrsa gailf nó ar a fheirm i gCrá Ford!

Tabhair faoi ndeara an mír scannáin seo:
http://my.barackobama.com/page/content/obamagopqa/

Séamas Poncán said...

"Obama has played more rounds of golf in one year in office than George W. Bush did in his eight years."

Concubhar said...

Sin rud ná raibh ar eolas agam - go bhfuil níos mó gailf imeartha ag Obama ná mar a bhí ag W le linn dhá tréimhse uachtarántachta. Is é an deacracht ná go bhfuil Bush le feiscint ag imirt gailf ar scannán roimh 9/11, trath gur bhain sé a shúile den liathróid mhór 'an Domhan' agus é ag coimeád súil ar an liathróid bheag.

Ar a laghad níl gá ag Obama le nótai scríte ar a láimh mar chabhair dá oráidíocht! http://newsvote.bbc.co.uk/2/hi/americas/8505701.stm

Séamas Poncán said...

Níorbh amhlaidh, dar leis na tuairiscí ionraice. Ar aon nós, maidir le lámh SP, tugtar 'redneck teleprompter' air sin ;-)
(Ní féidir le BHO dhá fhocal a chur i ndiaidh a chéile gan telepromter, tá a fhios agat).