Tuesday, January 12, 2010

An Pápa Glas

Trí bliana ó shin, bhí an Pápa an-stuama maidir leis an téamh domhanda. Bhí comhairle aige dúinn gan a bheith ró-thapa chun rudaí áiféiseacha a dhéanamh agus gan aire a thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag bagairt deireadh an domhain orainn mura ndéanfaimid athruithe práinneacha gan mhoill. Ach nílim cinnte nár ól sé an Kool-Aid ó shin.

Ní amháin go bhfuil sé ag rá anois go bhfuil conraithe nua práinneach agus go bhfuil baol rí-mhór ann don domhan gan iad, ach de réir dealraimh, ní miste leis go mbrúitear na rialacha nua ar dhaoine anuas óna rialtais (ó rialtas an domhain, déarfainn).

Tá a ráiteas ar shíochán don domhain an-ghinearálta, agus ní léir a bhfuil ar intinn aige. Níl sé dea-scríofa, dar liom.

Cheapfá go mbeadh an Eaglais cúramach mall mar a bhíonn sí i gcúrsaí spioradálta. Nílim cinnte go bhfuil sé de cheart ag an Eaglais aon rud a rá faoin eolaíocht ná faoi chonartha idirnáisiúnta nach mbaineann le fíorchúrsaí is fíorfhadhbanna, ach amháin mar a rinne sé in 2007, chun fainic a rá maidir le fáithe Lá an Bhrátha.

Ní hiad acmhainn an domhain ar cionsiocair le fadhbanna an chine daonna, de ghná, seachas éad, easpa cineáltais, foréigean, creidimh bhréagacha agus easpa saoirse. Ba chóir dár bPápa díriú orthusan.

Tá treoraithe eile san Eaglais, dar ndóigh, agus nochtann siad a dtuairimí freisin. Is maith liom ráitis an Chairdinéil George Pell, a dúirt in 2006:

"Radical environmentalists are more than up to the task of moralising their own agenda and imposing it on people through fear. They don't need church leaders to help them with this, although it is a very effective way of further muting Christian witness. Church leaders in particular should be allergic to nonsense."

"I am certainly sceptical about extravagant claims of impending man-made climatic catastrophes. Uncertainties on climate change abound ... my task as a Christian leader is to engage with reality, to contribute to debate on important issues, to open people's minds, and to point out when the emperor is wearing few or no clothes."

Tá beirt ar a laghad ar an Pontifical Council for Justice and Peace a chreideann a leithéid. Tá an bheirt Chairdinéal seo an-stuama sa mhéad a tuairiscítear san alt seo. Mar a bhíodh an Pápa féin.

Tá fadhbanna ann a eagraíonn as drochúsáid acmhainne, gan amhras. Ach tá gá le saoirse, rialtais iontaofa, agus oideachas, chun an chuid is mó díobh seo a réiteach. Níl aon ghá le cosc ar an gcarbón, ná le caitheamh amú airgid sna tíortha móra, a bheadh ábalta roinnt den airgead sin a úsáid chun cabhrú leis na tíortha bochta.

Dá mbeimis i ndáiríre faoin dúlra is faoi na daoine atá thíos sa domhain seo. Tá díomá orm faoin ráiteas lag seo ó B16. Agus ní minic a deirim a leithéid sin.

Focail eile ó Pell:
"Jesus calls us to address the challenges in our own hearts, families, and communities before we moralize about distant worlds, where we are usually powerless."

5 comments:

Concubhar said...

Is léir nach bhfuil tusa 'allergic to nonsense'.....

Séamas Poncán said...

Sea, admhaím é - léim iGaeilge ó am go chéile.

aonghus said...

Caithfidh aitheasc do Lá Domhanda na síochána a bheith gairid agus ginearálta.

Is dóigh liom féin go bhfuil an Pápa fós ar líne stuama i leith na ceisteanna seo.

Tá - abair - baol go mbeidh cogadh de bharr easpa uisce san Meán Oirthear.

Tá oighear ag leá ar na oighearsruthanna. Beidh iarmhairtí aige sin.

Ní gá glacadh le teoiric an Téamh Domhanda duine ghinte chun a feiscint go bhfuil gá le stuaim in úsáid acmhainní nadúrtha.

Agus tá fadhbanna a sháraíonn cumas rialtais náisúnta plé leo - tá gá le creatlach ósnaisúnta chuige sin.

Fearn said...

A leithéid!

Siosma gheaing an Phápa ó FhíorChreideamh An Chaomhaigh!

Coinnealbhá agu Fógairt na hEireachta ar an bacáin?

Fearn said...

Más tuairimí an phápa i leith na timpeallachta atá uait: féach
Caritas in Veritate: Caibidil 4 (Ailt 43-52)a cuireadh amach leathbhliain ó shoin