Wednesday, December 09, 2009

Ciall agus Easpa Céille

Dá mbeadh sí ina huachtarán...

alt le Sarah Palin sa Washington Post inniu, faoi Copenhagen srl. Foirfe.

Tharais sin, tá an t-amadán atá againn chun fiú níos mó airgid a chaitheamh amú, airgead nach bhfuil ann! Is deacair a shamhlú meon na ndaoine seo. "Administration officials also have been debating which cause is a higher priority and how to best divert TARP funds..." Tá siad as a meabhair ar fad.

Go sábhála Dia sinn.

8 comments:

Concubhar said...

Tá an bean seo ar mire glan. Cad é an toradh a bheadh ar bhaghcat?
Nílim ag cosaint an dream atá ag tochas a gceirtlín fein agus iad ag maíomh go bhfuil an domhan ag téamh ar mhaithe le deontaisí taighde a fháil.
Tá an fhianaise atá ann ar son 'téamh domhanda' ann agus ní leor riomhphostanna chun an bréag a thabhairt do sin.
Níl anseo ach tuilleadh de 'Flat Earth-achas' na bPoblachtach!

Séamas Poncán said...

Dá mbeadh bunús lena bhfuil scríofa agat.
Léigh na naisc ar an mír roimhe seo, má bhíonn an t-am agat.
Ba chóir do gach éinne an chomhdháil amaideach mhioscaiseach sin a sheachaint.

Concubhar said...

Tar éis mí rialtas na bPoblachtach - George W. agus a chairde - ní h-íonadh go bhfuil deacrachtaí ag Obama ach tá sé ag tabhairt faoi go cróga agus le samhlaíocht. Cuireann do dheearcadh FRITH MHEIRCEANACH iontas orm.
Ní chuireann seasamh frith thimpeallachta Sarah Palin aon íontas orm. Tá sise ag iarraidh 'flat earthers' na bPoblachtach, agus tusa ina measc is léir, a mhealladh le votáil ar a son sa chéad toghchán eile.
Cén rud atá mícheart le poblachtóirí SAM - cén fath go bhfuil sibh ag iarraidh leithéidí Dan Quayle a ath-thoghadh arís agus arís eile.

Séamas Poncán said...

Agus creideann sibh a leithéid? Mo léan géar. Níl bunús ar bith leis an racht sin, a Choncubhair, ach do chuid brionglóidí olca.
Agus a Fhirn, mura bhfuil tú ábalta freagraí a fháil sa mhéad a thug mé duit cheana, ní féidir duit ar chor ar bith.

Fearn said...

"Agus a Fhirn, mura bhfuil tú ábalta freagraí a fháil sa mhéad a thug mé duit cheana, ní féidir duit ar chor ar bith."

Tuigim duit gur fearr leat fanacht i mbun rúndiamhra do chreidimh thar léiriúcháin na réasúnaíochta.

Concubhar said...

Racht? Cén racht?
Fagfaidh mé an rachtaíl faoi na 'flat earthers', Sarah Palin, Poblachtóirí SAM agus, mo léan, tú féin....

Séamas Poncán said...

Níl ach ad hominem(anna) agaibh. Tá fíricí agamsa. Bíodh an rogha ag an léitheoir (má tá éinne ann).

Séamas Poncán said...

Má tá suim ag éinne sna fíricí, seo alt breá eile.