Baineadh gáire agus stangadh asam ar maidin inniu nuair a fógraíodh gur bronadh Duais Shíochána Nobel ar Ó Bama. CAD AS? Dá mbeadh aon mhaith agus aon chiall sa duais seo fós, agus tá sé sin an-amhrasach tar éis Arafat agus Carter agus an iliomad amadán eile, níl aon mhaith ann anois. Tá sé seo níos measa ná Duais an Acadaimh a fuair Al Gore (ó, agus fuair Gore an ceann seo freisin!).
Faightear Duais Nobel as baois agus brilléis.
Is é seo an rud is amaidí dá bhfaca mé le fada an lá. Is dócha go bhfuil an tUasal Nobal ag iompú ina uaigh, an fear bocht. Tá sé náireach agus gan chiall ar fad.
B'fhearr dóibh ainm na duaise a athrú go 'Duais Frith-Bush.'
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
2 comments:
Bhuel, fuair Kissinger é as ucht An Uítneam Thuaidh a bhuamáil agus anois tá sé ag titim don Bhambairneach as ucht An Afganastán a bhuamáil
B`fhearr i bhfad é a choinneáil go deireadh a réime chun go mbeadh déis aige deireadh a chur leis na coghaidh, san Iaráic agus san Afghanastáin.
Post a Comment