Wednesday, September 16, 2009

Tá an Sorcas faoi Lán Seoil

Agus cé hé ina fhear grinn arís? Ár seanchara Jimmy Carter.

Maíodh gur ciníochas aon rud a deirtear i gcoinne Uí Bhama, mar a dúradh faoin 'you lie' a dúirt duine darb ainm Joe Wilson nuair a d'inis Ó Bama bréag le déanaí. Agus deir Carter anois go nglacann sé leis an raiméis sin. Seo an riail: má thugtar drochainm ar BHO, thugtar as ciníochas sin. Má thugtar 'ass' ar Kanye West, bhuel, is 'ass' é, sin uile. An bhfuil sé agam?
Dar ndóigh, níl Carter ach ag sodar i ndiaidh colúnaí radacaigh na heite clé Maureen Dowd ón New York Times. Mura n-aontaíonn tú leis An Té, is ciníochaí thú. Nó namhaid an stáit? Ach níl aon chosúlacht ann...

Sea, tá meas an domhain ag chuile dhuine ar Jimmy Carter. Tá OBL ag moladh a leabhair i gcoinne Iosrael anois, fiú! Aithníonn ciaróg ciaróg eile.

Gach uair a labhraíonn BHO faoin 'bplean' atá acu maidir le cúrsaí sláinte poiblí, sin a rá, leasaithe (mar dhea) ar an gcúram sláinte, tuigeann níos mó daoine nach maith leo an saghas sin sóisialachais. Bíonn na huimhreacha ag dul in ísle. Feictear nach bhfuil in Ó Bama ach fear na ndrochpholasaithe - mar a cheap beagnach leath den tír ón dtosach. Is iomaí duine a raibh sé ar nós cuma liom acu cén polasaithe a bhí aige, mar bhí sé ní ba thabhachtaí gur duine gorm é. Sin riail eile - ní ciníochas sin. Is ciníochas é nuair a dhírítear ar a chuid drochpholasaithe, polasaithe an rialtais mhóir shóisialaí. (Ach is cuma gur roghnaigh sé cumannaithe agus a leithéid mar czar-anna srl., dar ndóigh).

an iomarca le rá faoin ndroch-chaoi atá sé ag dul i ngleic le cúrsaí idirnáisiúnta. Ach chomh dona agus atá BHO féin, sílim go bhfuil HRC níos measa fós. Truamhéalach, ar dhóigh. Bean ghrinn gan chumhacht.

Ach tá siad ag caitheamh airgid gan stad gan staonadh. Tá an bua sin acu, go sábhála Dia sinn.

Bíonn an t-uachtarán seo ag tabhairt maslaí ar aon duine nach n-aontaíonn leis, agus ag díspeagadh an taobh eile i gcónaí. Ach tugtar 'aontaitheoir' agus 'iarchlaonpháirteach' air, mar nach mbeadh aon bhrí leis na focail sin ar chor ar bith. Tá sé níos deighiltí ná aon uachtarán a bhí ann i rith mo shaoil. Rinne GWB iarrachtaí oibriú leis an taobh eile go sách minic, maith nó olc. Ní dhearna mo dhuine BHO comhréiteach le daoine nach n-aontaíonn leis riamh, go bhfios dom. Níl cluas le héisteacht aige, fiú.

Ní dia é níos mó. Tá súil agam nach n-éireoidh leis mórán dochair a dhéanamh. Mar a dúirt Rush Limbaugh.

Is maith liom an comhartha seo.

2 comments:

aonghus said...

Meas tú an dtiocfaidh fíor cheannaire aontaitheach chun cinn? Cé as?

Feictear dom go bhfuil polaitíocht SAM ag éirí níos gránna, níos treibhiúla ar gach taobh. Agus an ceathrú eastáit, gan amhras, i lár an aonaigh.

Agus gur lasmuigh den córas a chaithfidh ceannaire nua a theacht.

N'fheadar cén leigheas atá air? Cúis imní atá ann dúinn ar fad.

Séamas Poncán said...

Ní fheadar. Ach is léir nach mbeidh aon fheabhas ann faoin mboc seo.