Friday, August 21, 2009

Eachtraí Náireacha in Albain

Scaoileadh sceimhlitheoir saor in Albain, a mharaigh cúpla céad duine. Nach daoine deasa iad in Albain? Fearadh fáilte is fiche roimhe ar a theacht abhaile sa Libia. Is daoine deasa iadsan, freisin. Tá gach duine go deas. Is cairde sinn uile. Ní mór dúinn a bheith níos deise dá chéile. Tugtar bláthanna don uile dhuine. Bhuel, ar a n-uaigheanna, ar a laghad.

http://www.guardian.co.uk/uk/gallery/2008/dec/21/lockerbie-terrorism

5 comments:

aonghus said...

Tá an fear seo ag fáil bháis.
Is gnách - de réir dlíthe na hEorpa, ligean do dhaoine mar sin dul abhaile, beag beann ar an gcoir.

Ó thaobh dlí na hAlbain de, bheadh sé mícheart gan é scaoileadh amach.

Maidir leis an fáilte i Tripolis, sin ceist eile ar fad.

Séamas Poncán said...

Rogha a bhí ann. Botún mór a rinneadh. Ach is féidir nach bpléascfar buama in Albain ar feadh tamaill.

aonghus said...

Bhí tuairim spéisiúil ag duine thíos leis an buama san Irish Times inniu.

Ba mhaith liomsa freisin fírinne an scéil a chlos. Is cinnte, má bhí an fear seo ciontach, nach leis féin a bhí sé ag obair.

Níl mé cinnte gur botún a bhí ann an gnás a leanacht. Is ar mhaithe le sceimhlitheoirí é nuair a chuireann muid ár gnáis as a riocht chun díoltas a bhaint amach.

Séamas Poncán said...

Bhí siad cinnte.

aonghus said...

Bhí roinnt daoine cinnte, nó maíonn siad go raibh. Tuige, mar sin, gur scaoileadh saor an fear eile a bhí ar a thriail le Meghrahi? Ar mórán an fhianaise céanna.

Níl iomlán an scéal againn fós.

Ach pé scéal é, is cuma. Leanadh an dlí in Albain. Bheadh sé mícheart gan é sin a dhéanamh. Tá an fear seo beagnach marbh pé scéal é.