Sunday, August 02, 2009

Bonn na Saoirse ón Uachtarán

An mbeidh an luach céanna ar an mbonn seo agus atá ar an mbonn Nobel le fada? Tá Ó Bama á dhíluacháil, mar tá sé chun é a bhronnadh ar Mary Robinson. Sea, iar-uachtarán na hÉireann, agus scoth de fhrith-Iosraelach. Bean na ndea-fhocal, duine an-chosúil le Ó Bama, is dócha.

Sé mhí ó shin, bhí imní ar roinnt Éireannach go raibh Ó Bama chun seasamh le hIosreal mar gach aon uachtarán Meiriceánach eile (bhí sé ar thaobh na liobrálach maidir le gach aon rud eile). Ná bíodh imní oraibh, a liobrálaigh (a sheasann le gach deachtóir...). Tá sé ag déanamh a sheacht ndícheall naimhde a dhéanamh de na tíortha a bhíodh ina gcairde ba mhó dúinn. Thosaigh sé le dímheas ar Shasana. Bíonn sé ag tabhairt neamhairde do thíortha lár is oirthear na hEorpa. Agus is léir go bhfuil sé claonta i dtreo na nArabach i gcoinne Iosrael, mo léan.

Dar lena iompar, is fearr leis deachtóirí an domhain ná seanchairde a thíre. Agus beidh roinnt Éireannach sásta leis sin, mar is iad na dea-fhocail is tábhachtaí.

Ach fós féin, bíonn Éireannaigh eile ann a thugann misneach dom. Is mór an trua go mbíonn Kevin Myers chomh dona maidir le cúrsaí teangan. Tá sé ceart to leor faoi na daoine san alt seo.

13 comments:

Anonymous said...

Nach aisteach thú, mar Éireannach! Is náireach thú agus is náireach do chúis.

Séamas Poncán said...

Agus nach aineolach thú féin, a dhuine gan ainm.

aonghus said...

Tá mí thuiscint maidir le ról Uachtarán na hÉirinn san céad cuid den alt úd. Ní bheadh tionchar dá laghad ag an Uachtarán ar scaipeadh airgid - tríd an AE nó aon bhealach eile.

Ní hionann an dá rud. Maidir le polaitíocht aisteach rannóga áirithe de na NA, sin ceist eile ar fad.

Séamas Poncán said...

"Ireland even held the presidency of the European Union for the second half of 1996."
Níl aon tionchar ag uachtarán an Aontas Eorpaigh ar chaitheamh airgid? Is dócha nach dtuigim na cúrsaí sin.

aonghus said...

Is léir nach dtuigeann!

Ach tá an scéal sách casta.

1) Ceann Stáit atá san Uachtarán in Éirinn, gan tionchar ar bith ar an bpolatíocht ó lá go lá - cosúil leis an ról atá ag Banríon na Breataine san Lá atá inniu ann. Mar sin atá i ngach tír sean Eoraip, seachas an Fhrainc - deighilt cinnte idir feidemeanna siombalach an Ceann Stáit, agus feidhmeanna ceann an rialtais, cé go bhfuil meascán in áiteanna, feidhmeanna áirithe ag an ceann stáit i leith gnóthaí eachtracha, mar shampla.

2) Is éard atá i gceist le "presidency" san AE ná cathoirleacht ar chomhairle na nÁirí. Faoi láthiar, bíonn gach tír faoi seach ina Uacthtarán ar chomhairle na nAirí ar feadh sé mhí. Cé go bhfuil tionchar áirithe ag an dtír atá san suíochan te, is beag cumhacht atá acu. Agus níl baint dá laghad ag Uachtarán na hÉireann leis na gnóthaí seo.

http://europa.eu/institutions/inst/council/index_ga.htm

Séamas Poncán said...

GRMA, a Aonghus. Chuaigh mo dhuine beagáinín thar fóir san alt sin, mar sin. Durban srl., sin scéal eile...

aonghus said...

Is ea, cinnte. Cé go bhfuilim éiginnte faoi cé go díreach a bhfuil tionchar acu ar na gceisteanna seo laistigh de na NA.

Feictear dom go bhfuil maorlathas agus "scríob tusa mo dhroim agus scríobfaidh mise do dhroim" forleathan ann.

Tá Mary Robinson ar an eite lár chlé ó thaobh polaitíocht na hÉireann de. Ach is dóigh liom gur éagóir a bheadh ann maoíomh go bhfuil sí frith Iosraeleach, mar a deineadh san alt úd.

Ní hé amháin go ndeacaigh mo dhuine thar fóir, ach gur léirigh sé aineolas i leith cursaí na hEorpa a chuirfidh amhras orm faoin gcuid eile dá racht!

ormondo said...

An mbeadh fonn ort iarracht a dhéanamh an tUasal Myers a thabhairt chun na Gaelainne?

Séamas Poncán said...

Dá mbeadh an deis sin agam, a Ormondo!

aonghus said...

Roinnt freagraí Ó Mháire.
http://www.irishtimes.com/newspaper/world/2009/0806/1224252080732.html

Séamas Poncán said...

Duine gan chumhacht nach raibh ann aon uair a rinneadh rud tábhachtach, mar sin.
"a prominent crusader of women’s rights"
Tuigtear sin de gháth mar an ginmhilleadh agus an breithrialú. Thabharfadh Ó Bama duais chearta daoine do dhuine as iad a mharú, cinnte.

aonghus said...

Tá tú ag bogadh na cuaillí, feictear dom! Buachaill Báire cheart thú! ;-)

Tá roinnt den cheart agat, ach pléitear na ceisteanna sin ar shlí eile abhus. Tá níos mó i gceist pé scéal é le cearta na mban ná ginmhilleadh.

Séamas Poncán said...

Níor athraigh mé aon rud. Is olc an rogha í.
Seo blagmhír eile is fiú a léamh faoi seo.